LITIR ón mBRUISÉIL: Tá ceachtanna ag an gcoróinvíreas dúinn, éistimis

Tá Tomaí Ó Conghaile, as deisceart Ard Mhacha, ag obair mar aistritheoir Gaeilge sa Bhruiséil, príomhchathair na Beilge

LITIR ón mBRUISÉIL: Tá ceachtanna ag an gcoróinvíreas dúinn, éistimis

Tá Tomaí Ó Conghaile, as deisceart Ard Mhacha, ag obair mar aistritheoir Gaeilge leis an Aontas Eorpach sa Bhruiséil, príomhchathair na Beilge. Pictiúr: Elisa Gambicchia

Is litir í seo atá á scríobh agam, ach níl seoladh ná stampa uirthi, ná oibrí poist de dhíth chun í a chur chugaibh. D’imigh sin agus tháinig an méarchlár, an t-idirlíon agus boscaí isteach lán ríomhphost. Mar dhaoine déanann muid talamh slán de chur chuige, de chóras nó de mhodh maireachtála áirithe – ní shamhlaíonn muid go n-athróidh sé go deo – go dtí go n-athraíonn sé ar ndóigh agus ansin, i ndiaidh tamaill, ní hiontach linn an modh nua ach oiread.

Is solúbtha an dream muid. Anseo sa Bhruiséil, áit a bhfuil an dianghlasáil ar siúl le breis agus coicís anuas, mothaím an ghluaiseacht i dtreo na céime deiridh sin ag tarlú ó lá go lá.

An t-iontas a cuireadh orainn ar fad nuair a bhris an ráig den choróinvíreas nua amach ar dtús, agus nuair a tugadh orainn ár ndóigheanna beatha a athrú dá réir, tá an t-iontas sin nach mór imithe anois agus saol de chineál eile á chaitheamh ag an chuid is mó againn.

Dála neart áiteanna ar fud an domhain faoin am seo, ní aisteach an rud iad a thuilleadh na sráideanna folmha, ná na scuainí taobh amuigh de na siopaí bia, ná na maisc atá ar aghaidheanna go leor. Tá sé d’ádh orm mar oibrí de chuid an Aontais Eorpaigh nach bhfuil mo phost i mbaol le linn na tréimhse seo agus gur féidir liom a bheith ag obair ón teach. Thóg sé cúpla lá ach tá mé ag dul i dtaithí ar an socrú sin fiú amháin (is fearr tú féin a ghléasadh uair éigin le linn an lae, dála an scéil, is cuma cén cathú atá ort) agus tá mé cleachta leis an ábhar atá á aistriú againn anois ar bhonn laethúil: eolas agus comhairle do shaoránaigh na hEorpa faoin choróinvíreas.

Níl an deis sin ag gach duine ar an drochuair, agus cé go bhfuil bearta cúitimh le teacht i bhfeidhm le haghaidh oibrithe a bheidh thíos leis an ghéarchéim, tá amhras agus imní ar go leor go fóill. Agus tá ceisteanna á gcur. Ceisteanna faoin chóras neamh-inbhuanaithe atá cruthaithe againn. Ceisteanna faoin dícheangal daonna atá á chothú ag an saol nua-aimseartha seo atá gan stad gan staonadh. Ceisteanna faoin róbhéim a chuirtear ar an bhrabús agus faoina laghad tacaíochta a chuirtear ar fáil dóibh sin atá i ngátar.

Ach, i lár an tsuaimhnis aduain atá tite ar ár bpláinéad, tá féidearthachtaí nua á bplé chomh maith. Nach gcuirfeadh bunioncam uilíoch deireadh leis an éiginnteacht airgeadais atá ar dhaoine? An laghdú suntasach atá tagtha ar an truailliú, nach bhféadfadh muid leanúint de sin bealach amháin nó bealach eile i ndiaidh na ráige? An dlúthpháirtíocht spreagúil atá léirithe ag an chine daonna dá chéile ar fud na cruinne ó scaip an galar, nár dheas cur leis sin san am amach romhainn?

Ní féidir an dúshlán sláinte a shéanadh ar ndóigh. Tá breis agus 22,000 duine i ndiaidh bás a fháil de COVID-19, os cionn 220 acu sin anseo sa Bheilg, agus níl deireadh leis fós.

Ach dá dhorcha an néal, bíonn gealán ann i gcónaí. Tá simplíocht tharraingteach le brath sa saol – rithim réidh in ionad na ruaige reatha – agus tá áilleacht á nochtadh de réir a chéile. Teaghlaigh ag caitheamh níos mó ama le chéile, aire choinsiasach á tabhairt do ghaolta níos sine, tuiscint níos doimhne á fáil ar a bhfuil tábhachtach dúinn. Ag 8in gach oíche anseo sa Bhruiséil tagann pobal na cathrach amach as a dtithe, osclaíonn siad na fuinneoga agus téann siad ar na balcóin chun bualadh mór bos a thabhairt do na hoibrithe sláinte atá ar an líne thosaigh agus chun ardú meanman a thabhairt dá chéile. Is galánta an rud é.

Agus is mór an tógáil croí é an grá breise atá ar taispeáint i measc clann agus cairde, an chruthaitheacht iontach atá á bláthú ar líne (tá mé cinnte gur bliain bhisiúil a bheidh in 2020 do cheoltóirí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí na Gaeilge), an tsúil nua lena bhfuil muid ag amharc ar an dúlra aoibhinn thart orainn.

Cé go bhfuil mé ag scríobh na litreach seo i m’árasán liom féin, ar shiúl ó mo mhuintir, mo chairde agus mo chomhoibrithe, tá rud amháin níos soiléire ná riamh: tá gach neach ar an domhan seo nasctha le chéile, idircheangailte, idirspleách. Tá muid beo le chéile, agus is ar an dóigh sin a thiocfaidh muid fríd an ghéarchéim seo.

Ní chuirfidh an coróinvíreas athrú dearfach draíochta ó bhonn ar an tsochaí atá againn láithreach, ach d’fhéadfadh sé muid a bhrú i dtreo ré nua. Croí ar chroí. Intinn ar intinn. Duine ar dhuine. Tá sé nádúrtha ar ndóigh go mbeadh bá áirithe againn leis an tseanré, ach is mithid dúinn stampa geal úr a fhágáil ar na laethanta nua atá le teacht.  

Fág freagra ar 'LITIR ón mBRUISÉIL: Tá ceachtanna ag an gcoróinvíreas dúinn, éistimis'

  • Seán Fennell

    Bulaí fir, a Thomaí! Tabhair aire duit féin. Faigh neart Leffe agus déan dianghlasáil ort féin!

  • Éamonn Ó Dónaill

    Dea-scríofa agus lán tuairimí suimiúla. Maith thú, a Thomaí.