LITIR Ó SHASANA: Bhí 40,000 Éireannach ag screadach in ómós d’fhear a raibh Cromail mar ainm air!

Gaiscí JP McManus, bean a bhí 20 cloch mheáchain agus cúrsaí Breatimeachta a bhí ag dó na geirbe ag ár gcolúnaí agus é ag Féile Cheltenham

LITIR Ó SHASANA: Bhí 40,000 Éireannach ag screadach in ómós d’fhear a raibh Cromail mar ainm air!

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Níos minice ná a chéile is é mianach an spóirt gur ag easaontú lena chéile a bhíonn daoine agus a gcuid dílseachta roinnte idir clubanna, contaetha, tíortha agus a leithéid.

Ach is maith ón spórt freisin guth agus meon an phobail a thabhairt le chéile rud a tháinig isteach i mo chloigeann ag déanamh ar a ceathair a chlog ag Rásaí Cheltenham Dé Máirt seo caite agus príomh-chliathrás na seachtaine buaite ag an gcapall Espoir D’Allen.

‘Spórt na Ríthe’ atá baiste air agus ar feadh ceithre nóiméad roimhe sin bhí deich gcapall – leath acu a traenáladh in Éirinn, an leath eile i Sasana – ag féachaint a chéile ar dhuaischiste ina raibh tuairim leathmhilliún euro.

An roinnt chéanna a bhí ar an 60,000 duine a bhí i láthair ag an aicsean, ridireacht ó Bhanríon Shasana ag cuid acu, saibhreas airgid a shaothraigh siad féin ag cuid eile agus lena n-ais cosmhuintir na dtíortha atá luaite agam.

Shaothraigh Espoir D’Allen tuairim agus €250,000 dá úinéir JP McManus, ach ní ag brath air sin atá fear a bhfuil saibhreas déanta anois aige as a bheith ag trádáil in airgeadra an domhain, ach a chaith tús a shaoil ag bleán na mbó agus ag tiomáint ollscartaire nó bulldozer ar an bhfeirm agus don chomhlacht tógála a bhí ag a athair.

Dathanna uaine agus óir a chlub, na Líbirtí Theas, lenar imir sé agus ar a raibh sé ina chathaoirleach tráth a chaitheann capaill JP – thug sé €100,000 do chuile choiste contae de chuid CLG nuair a bhuaigh Luimneach Corn Mhic Cárthaigh anuraidh.

Tugann McManus a chuid capall do thraenálaithe go leor ar fud na tíre seo agus ar fud Shasana – bhí os cionn 40 acu ag rith in Cheltenham leis féin, agus tuairiscítear gur íoc sé tuairim is €350,000 anuraidh ar chapall nach raibh rite aige ach dhá rás ‘ó phointe go pointe’.

Ar an taobh eile den scéal níor chosain Silver Streak a chríochnaigh sa tríú háit sa Champion Hurdle Dé Máirt seo caite ach £25,000. Thuill sé a dhá oiread as an rás sin amháin. Níl ach tuairim is 25 capall ar fad i stábla a thraenálaí Evan Williams in Glamorgan na Breataine Bige.

Tuairim céad míle soir ó dheas ó Prestbury Park, taca an ama chéanna Dé Máirt seo caite, bhí buíon eile, idir ridirí, mhilliúnaithe agus cuid mhaith den chosmhuintir bailithe le chéile i dTeach na dTeachtaí i Londain agus iadsan chomh cancrach deighilte leithleasach agus a bhí lucht na rásaí sona laethúil sásta.

Anois ó chuimhním air tá chuile sheans ann gur chuir a ndreach siúd airgead go leor i bpóca McManus Dé Máirt seo caite mar gur thit luach an phuint nuair a d’fhógair an tArd-Aighne Geoffrey Cox nárbh fhiú tráithnín na gealltanais a bhí tugtha abhaile léi ag Theresa May as Strasbourg agus nuair a cuireadh an Breatimeacht dá bhonn.

Agus an rás thart rinne mise mo bhealach chomh fada leis an áit a mbronntar an t-aitheantas, na coirn agus luach a saothair orthu siúd a bhíonn páirteach i ngaiscí Cheltenham.

Ghlac McManus leis an gCorn den ochtú huair, fuair marcach Espoir D’Allen, Marc Walsh a thrófaí féin den chéad uair agus den chéad uair freisin cuireadh in aithne traenálaí an chapaill – Gavin Cromwell.

Ba ag an tráth sin a bhuail sé ceart mé cé chomh mór agus a bhí an roth athraithe os comhair mo dhá shúil.

In Westminster bhí fiacla meirgeacha an rotha greamaithe agus daingnithe faoi thionchar na staire. I mo thimpeall bhí 40,000 Éireannach ag screadach agus ag béiceach in ómós d’fhear a raibh Cromail mar ainm air!

Níorbh dheacair a dhéanamh amach cé mba acu ifreann ná cé mba acu Connachta.

Níor fhág mé ball na háite gan ceacht eile a thabhairt liom ach an oiread.

‘He’s one of your greatest gamblers and your most prominent owner, inne?’ a deir Sasanach a bhí le m’ais ar na céimeanna agus é ag síneadh a mhéire i dtreo an úinéara. ‘That’s for sure,’ a deirimse agus mo chliabhrach líonta.

‘Wouldn’t ‘old a candle to a lady called Dorothy Paget we had ‘ere once upon a time. Check her and her ’orse Golden Miller out, mate,’ a deir sé agus é ag bailiú leis.

Rinneas agus dar m’anam nach raibh aon chailleadh uirthi siúd ach an oiread.

Ba as an rachmas a fáisceadh Dorothy Paget ceart go leor ach tagann gaiscí a cuid capall agus cinn Mhic Mhánais le chéile cuid mhaith. Bhuaigh Golden Miller Corn Óir Cheltenham cúig uaire as a chéile (1932-36) agus thug péire eile dá cuid (Roman Hackle agus Mont Tremblant) an rás sin leo freisin. Ceithre huaire a bronnadh an Champion Hurdle uirthi agus chuir Golden Miller an Grand National leis an gCorn Óir i 1934, rud nár tharla riamh roimhe ná ó shin. Bhuaigh capall eile dá cuid an Epsom Derby.

Timpeall an ama ar thosaigh an Dara Cogadh Mór ba í Dorothy Paget agus bean eile darbh ainm Mrs J.V. Rank na cearrbhaigh ba mhó ar domhan. Fuacht ná faitíos ní raibh ar cheachtar acu £10,000 (€375,000 in airgead an lae inniu) a chur ar chapall.

Ní bréag a rá gur dhuine inti féin a bhí i Dorothy, a bhí timpeall 20 cloch mheáchain, a chaith an lá ar an leaba, an oíche ag ragairne agus a dtuairiscítear an dearg-ghráin a bheith aici ar fhir. Ba mhinic léi íde béil a thabhairt go poiblí do na traenálaithe ba cháiliúla i Sasana sa gcás agus nach mbíodh sí ar aon tuairim leo.

Bhásaigh sí i 1960 agus gan í ach ceithre bliana le cois an leathchéid.

Fág freagra ar 'LITIR Ó SHASANA: Bhí 40,000 Éireannach ag screadach in ómós d’fhear a raibh Cromail mar ainm air!'