Litir ghearáin faoi ‘Curry my Yoghurt’ do Stormont

Tugadh cuireadh do Gregory Campbell bualadh leis an toscaireacht a chuaigh a fhad le Stormont leis an litir inniu ach ní bhfuarthas freagra ó fhear an DUP.

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

 

Bhronn ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ó Choláiste Feirste, Gaelcholáiste i mBéal Feirste, litir inniu ar chomhaltaí Stormont inniu ina léiríodh a ndíoma i leith “na n-ionsaithe is déanaí ar an Ghaeilge” ó Ghregory Campbell ón DUP.

Tugadh cuireadh do Gregory Campbell, an comhalta a tharraing aird air féin as a bheith i mbun ‘scigaithrise’ ar  an nGaeilge an mhí seo caite agus arís ag comhdháil an DUP an deireadh seachtaine seo caite, bualadh leis an toscaireacht a chuaigh a fhad le Stormont leis an litir inniu ach ní bhfuarthas freagra ó fhear an DUP.

“Creidimid go bhfuil na maslaí is déanaí ón bhall tofa, Gregory Campbell MLA, ag baint de na hiarrachtaí sochaí forásach, ilchultúrtha, ina mbíonn meas ar mhionlaigh éagsúla, a chruthú. Mar dhaoine óga agus díograiseoirí teanga, mothaímid nach bhfuil spás ann dúinn sa tsochaí seo nuair is féidir le polaiteoirí mí-úsáid a bhaint as a seasamh mar ionadaithe tofa le hionsaí a dhéanamh ar ár bpobal agus ár dteanga,” a scríobhadh sa litir.

Ba dhaltaí i mbliain 10 i gColáiste Feirste a chuaigh ar an turas in éindí le Ciarán Mac Giolla Bhéin, bainisteoir le Conradh na Gaeilge ó thuaidh.

Tá cúrsa féiniúlachta á dhéanamh ag na daltaí i láthair na huaire ina bhfuil siad ag foghlaim faoina gcearta agus faoin gcóras daonlathach.

Tapaíodh an deis cuairt a thabhairt ar Stormont agus a míshástacht a léiriú do na polaiteoirí ann.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin gur mhaith le Conradh na Gaeilge go mbeadh an teanga á húsáid in achan réimse den saol poiblí ó thuaidh.

“Is tacaíocht atá uainn mar phobal, ní naimhdeas. Éilíonn muid arís, mar sin, go ndéanfaí beartais dhearfacha i leith na Gaeilge a reachtú don phobal ó thuaidh.

“Cuirfidh reachtaíocht dhearfach spás ar fáil ina mbeidh cosaint agus meas ar fáil don Ghaeilge agus dá lucht labhartha. Tá pobal na Gaeilge ag fás i rith ama, tá sé thar am go raibh an stát ag plé linn ar bhonn cothrom agus cóir.”

Beidh cruinniú poiblí ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste amárach faoi na bealaí is fearr le dul i ngleic le ráiteas Campbell nach nglacfadh an DUP go brách le hAcht Gaeilge.

Dúirt Campbell ag comhdháil an DUP nach raibh san Acht Teanga don Tuaisceart atá á lorg le fada ag pobal na Gaeilge ach éileamh ar ‘liosta aislingeach’ arb ionann é agus ‘páipéar leithris’.

Ag tús na míosa seo cuireadh cosc lae ar Campbell labhairt i gComhthionól Stormont nuair a rinne sé ‘scigaithris’ aar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

“Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn díospóireacht sa chomhthionól.

Thagair sé don chonspóid sin arís ag comhdháil an DUP ag an deireadh seachtaine agus pota iógairt ina lámh aige ag tús a óráide. Thuill a gheáitsíocht bualadh bos dó ón slua sa halla agus fuair sé bualadh bos eile nuair a dúirt sé go mbeadh ‘curaí’ aige am lóin.

 

Fág freagra ar 'Litir ghearáin faoi ‘Curry my Yoghurt’ do Stormont'

  • Eoghan ONeill

    Ba chóir dúinn bheith buíoch den Uasal Cambell as a dúirt sé mar gheall ar an ghríosadh atá ann don scar den phobal ar Gael iad an teanga a labhairt le chéile. Is trua nach bhfuil a leithéid thíos sa Dáil a labhródh go gangaideach in aghaidh na teangan agus a thabharfadh an spreagadh agus a mhusclódh an bród inár measc.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An ceart ar fad agat, Eoghain. Nuair a léigh mé go raibh an Aire Gnothaí Eachtracha sa bPoblacht ag caitheamh anuas ar Gregory Campbell, rith sé liom gur mó dochair atá déanta ag an rialtas lena bhaineann sé don Ghaeilge ná mar a fhéadfadh 15 Gregory Campbells a dhéanamh.