Líon na marbh os cionn 17,500 sa Tuirc agus sa tSiria

Tá lucht tarrthála ar a míle dícheall ag iarraidh daoine atá sáinnithe faoin smionagar a thabhairt slán, ach is ag dul i laghad atá an seans go dtiocfar ar dhaoine agus iad fós beo

Líon na marbh os cionn 17,500 sa Tuirc agus sa tSiria

Os cionn 17,500 duine ar a laghad a maraíodh de dheasca na gcreathanna talún i ndeisceart na Tuirce agus tuaisceart na Siria Dé Luain.

Maraíodh nach mór 14,000 de na daoine sin sa Tuirc agus breis is 3,000 sa tSiria.

65,000 duine a gortaíodh de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte [WHO] go bhfuil an baol ann go gcaillfear fós go leor de na daoine a tháinig slán agus iad fágtha gan dídean, uisce, cumhacht agus breosla.

Tá an baol a deir WHO go ndéanfadh ‘an dara tubaiste’ níos mó dochair ná crith talún an Luain.

Tá lucht tarrthála ar a míle dícheall ag iarraidh daoine atá sáinnithe faoin smionagar a thabhairt slán, ach is ag dul i laghad atá an seans go dtiocfar ar dhaoine agus iad fós ina mbeatha.

Tá roinnt rudaí ag cur bac ar na hiarrachtaí tarrthála, ag áireamh an droch-aimsir, ganntanas breosla agus an dochar atá déanta do bhóithre.

Ní fios cé mhéad duine atá sáinnithe sa dá thír.

Tá deacrachtaí móra eile ag baint leis na hiarrachtaí tarrthála i gcás na Siria mar gheall ar an gcogadh cathartha atá ar siúl ansin le beagnach 12 bliain.

Tá aighneas ann faoi cé atá i gceannas ar an gcabhair éigeandála, ceantar atá i seilbh na reibiliúnach agus níor thug an Rialtas in Damascus cead an chabhair éigeandála a thabhairt isteach sa tír ach trí aon trasbhealach teorann amháin, Bab al-Hawa.

Deir an Tuirc go bhfuiltear ag súil dhá thrasbhealach eile a oscailt chun cúnamh éigeandála a sholáthar.

 

Fág freagra ar 'Líon na marbh os cionn 17,500 sa Tuirc agus sa tSiria'

  • Cathal

    Aighneas agus fearg sa Túirc freisin. Easpa pleanála, moill ar tharrtháil agus daoine neamhcháillithe á stiúrú (tugtar le fios gur céimí diagachta é an té i gceannas ar AFAD – an ghníomhaíocht um ullmhacht fá choinne tubaistí mar seo).