Liam Mac Con Iomaire – duine de mhórGhaeil na hÉireann agus fear uasal ar shlí na fírinne

Údar, craoltóir, aistritheoir, scoláire agus saineolaí teanga ab ea Liam Mac Con Iomaire, arbh as Casla i nGaeltacht Chonamara ó dhúchas dó

Liam Mac Con Iomaire – duine de mhórGhaeil na hÉireann agus fear uasal ar shlí na fírinne

Tá Liam Mac Con Iomaire, duine de Ghaeil mhóra na hÉireann, tar éis bháis. 

Bhí sé 81 bliain d’aois.

Údar, craoltóir, aistritheoir, scoláire agus saineolaí teanga ab ea Liam Mac Con Iomaire, Billy Mháirtín Mhaidhc an Droichid, a d’fhág a lorg ar ghnéithe éagsúla de shaol na teanga agus na tíre.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn tráthnóna gur údar bróin dó bás an scríbhneora agus iriseora.

Dúirt an tUachtarán gur “mór an tionchar a bhí ag Liam ar chúrsaí cultúrtha na tíre seo, go háirithe i dtaca lena theanga dhúchais agus oidhreacht shaibhir an cheantair inar tógadh é i gConamara”.

Bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar dhuine d’fhathaigh agus de mhórghaiscígh shaol na teanga, ach ba é a bhealach séimh, umhal, cabhrach agus croíúil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine agus ‘fear uasal’ an cur síos is túisce a rinne mórán air ar chloisteáil dóibh an drochscéala go raibh sé ar shlí na fírinne.

Rugadh Liam Mac Con Iomaire i gCasla i nGaeltacht Chonamara i 1937 ach chaith sé formhór a shaoil ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.

D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta na nDoireadha, mar ar bhain sé scoláireacht Choláiste Ullmhúcháin i gColáiste Éinde i nGaillimh. Cháiligh sé mar oide scoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ina dhiaidh sin agus chaith sé na blianta 1957-1968 ag teagasc i Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.  

Bhí sé ar dhuine de na chéad léitheoirí nuachta teilifíse nuair a bunaíodh Raidió Teilifís Éireann sa bhliain 1960.  Chaith sé aon bhliain déag ina dhiaidh sin mar iriseoir agus fo-eagarthóir i Seomra Nuachta RTÉ idir 1968 agus 1979.

Ceapadh ina stiúrthóir ar an Teanglann i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, BÁC sa mbliain 1979 é agus mhúin sé Gaeilge labhartha, foghraíocht agus cúrsaí teanga do mhic léinn fhochéime agus iarchéime idir 1979 agus 1996. 

Scríobh sé dhá bheathaisnéis thoirtiúla ar mhórphearsaí cultúrtha: Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, (CIC, 2000) agus Seosamh Ó hÉanaí: Nár Fhágha mé Bás Choíche, (CIC, 2009). Tá an dá leabhar sin áirithe i measc mórshaothar neamhfhicsin na Gaeilge agus thuill an dá shaothar ardmholadh ón bpobal agus aos léinn araon. 

Ar na leabhair eile leis bhí Ireland of the Proverb, (Townhouse, 1988), le grianghraif de chuid Bill Doyle.  Leabhar mór-ráchairte a bhí ann go hidirnáisiúnta, sna Stáit Aontaithe go háirithe. Comhfhiontar le Bob Quinn a bhí i Conamara – An Tír Aineoil (CIC, 1997), sraith portráidí de lucht seanchais agus ealaíontóirí dúchais as Conamara agus Árainn é. 

Chuidigh sé le heolas iontaofa údarásach a choinneáil le léitheoirí sa mbaile agus i gcéin i dtaca le gnéithe de chultúr na Gaeltachta trí bheathaisnéisí gairide a scríobh ar fhonnadóirí ar fhoilseacháin éagsúla, leithéidí A Companion to Irish Traditional Music (CUP 1999 & 2011), imleabhair Beathaisnéis agus Leabhar Mór na nAmhrán (CIC, 2013). 

Bhí cáil ar obair aistriúcháin Liam Mhic Con Iomaire i ngeall ar a shárchumas dul i ngleic le dúshláin chultúrtha agus chanúnacha na Gaeilge. Bhronn an Modern Language Association gradam Lois Roth air féin agus ar Tim Robinson sa mbliain 2017 dá n-aistriúchán Graveyard Clay (Yale University Press, 2016), leagan Béarla d’úrscéal cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, a foilsíodh sa mbliain 1949. 

Rinne sé obair mhór i bpáirt le Tim Robinson agus d’aistrigh roinnt dá shaothair siúd go Gaeilge: Conamara Theas – áit agus ainm (Coiscéim, 1992), Spás, Am, Conamara (Coiscéim, 1993) Camchuairt Chonamara Theas (Coiscéim, 2002). Díol suntais atá in obair aistriúcháin eile dá chuid Scéalta ó Theach na mBocht (CIC, 2001) leagan aistrithe de Tales from the Poorhouse de chuid Eugene McCabe chomh maith le dánta agus amhráin ón traidisiún liteartha sna foilseacháin Taisce Duan (Poolbeg Press, 1990) agus Amhráin na Séad/ Jewels and Pathways (An Béal Binn, 2006). 

Ba mhinic leis a bheith ag fónamh don phobal teanga a bhuíochas den obair chraoltóireachta a rinne sé, mar láithreoir agus cathaoirleach ar phainéal Leagan Cainte ar Raidió na Gaeltachta go speisialta. Bhí ardmheas ag daoine air ar fud na Gaeltachta agus bhí tuiscint dhiamhair aige ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla agus ar mhuintir na Gaeltachta.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na féile fonnadóireachta Sean Nós Cois Life agus bronnadh Gradam Saoil Shean-Nós Cois Life in 2015. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céim oinigh sna dána air in 2013.

Bhí sé ina bhall den Choiste Téarmaíochta, den Choimisún Logainmneacha agus thug tréimhse mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge. 

Maireann a bhean Bairbre, a gclann Máirín, Máirtín, Colm, Ruairí agus Darach (bhásaigh a n-iníon Nuala sa bhliain 2010) chomh maith lena dheartháireacha, a dheirfiúracha, garchlann agus gaolta eile.

Beidh Liam Mac Con Iomaire á thórramh i dTeach Tórraimh Massey, Páirc Bhaile Nua idir 3-6 pm amárach, Dé Máirt an 7 Bealtaine. Léifear Aifreann na sochraide dó i Séipéal Mhuire na Síorchabhrach, Carraig an tSionnaigh, ag meán lae Dé Céadaoin, an 8 Bealtaine. Cuirfear i Reilig Ghráinseach an Déin ina dhiaidh sin é.

Fág freagra ar 'Liam Mac Con Iomaire – duine de mhórGhaeil na hÉireann agus fear uasal ar shlí na fírinne'

  • Sean O Ciobhain

    Fear iseal uasal. Ta Cuinne Phaidi an Duna i gClub an Chonradh ciuin go maith anois ach beidh na cuimhni ag an gcuid eile againn faid is ann duinn.
    Sean O Ciobhain.

  • An Teanga Bheo

    Beannacht leat Liam bhí tú linn de shíor le do ghlór brea sona