Liam Devally, Gaeilgeoir, amhránaí, breitheamh agus craoltóir aitheanta, ar shlí na fírinne

Craoltóir cumasach a bhí i Liam Devally agus b’amhránaí teanóir an-bhreá é freisin a thaifead cuid mhaith amhrán i nGaeilge

Liam Devally, Gaeilgeoir, amhránaí, breitheamh agus craoltóir aitheanta, ar shlí na fírinne

Tá Liam Devally, oideachasóir, amhránaí, craoltóir, dlíodóir agus breitheamh a bhain cáil mhór amach le linn na seachtóidí agus é ina láithreoir raidió le RTÉ, tar éis bháis.

Bhí cáil mhór air freisin mar gheall ar an tráchtaireacht a dhéanadh sé ar Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sna seachtóidí.

Ba é féin agus Mary Finan a chuir an tsraith teilifíse Ceist agam ort i láthair sna seascaidí.

Craoltóir cumasach a bhí ann agus b’amhránaí teanóir an-bhreá é freisin a thaifead cuid mhaith amhrán i nGaeilge agus i mBéarla.

Bhí sé ina bhall de Cabaret Gael Linn in éineacht le leithéidí Kathleen Watkins, Breandán Ó Dúill, Seán McGuire agus Seán Potts.

Céadléiriú Cabaret Gael Linn i mBun Dobhráin i 1959: Tá Liam Devally ar dheis, in aice le Kathleen Watkins (sa lár), Breandán Ó Dúill agus Seán McGuire. Sa ghrianghraf freisin tá Gráinne Ní Chormaic, Áine Ní Channa agus Fionnuala Ní Shúilleabháin.

Thaistil Cabaret Gael Linn, a bhí i mbarr a réime le linn na seascaidí, ar fud na tíre ag seinm ag ócáidí stáit agus eile. Eisíodh dhá fhadcheirnín leo ar lipéad Gael Linn.

Rinneadh a lán taifeadtaí de Liam le linn an ama seo fosta agus chraoltaí a shaothar go minic ar chlár Gael Linn ar Raidió Éireann.

Rugadh Liam i bPort Láirge sa bhliain 1932. Ba Gharda é a athair agus d’aistrigh a mhuintir go dtí an Mhuileann gCearr nuair a bhí sé óg.

D’fhreastail sé ar an scoil chónaithe Coláiste Éinne i nGaillimh, sular thug sé aghaidh ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, áit ar cháiligh sé ina mhúinteoir bunscoile.

Ba le saol na craoltóireachta agus an dlí a chuaigh sé ina dhiaidh sin, áfach. Nuair a d’fhág sé saol na craoltóireachta, chaith sé roinnt blianta ina abhcóide sular ceapadh é ina bhreitheamh é i 1992.

Bhí teach samhraidh ag Liam agus a mhuintir i gCloch na Rón i dtuaisceart Chonamara agus chaith sé go leor ama ar saoire ansin.


Taifeadadh de chuid Gael Linn a rinneadh le Liam Devally

Fág freagra ar 'Liam Devally, Gaeilgeoir, amhránaí, breitheamh agus craoltóir aitheanta, ar shlí na fírinne'