Don tríú bliain as a chéile, Liam agus Fiadh na hainmneacha Gaeilge is mó a tugadh ar leanaí in Éirinn anuraidh.
De réir eolais atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu, bhí an dá ainm céanna ar bharr na liostaí do chailíní agus do bhuachaillí in 2018 agus 2019 agus níor tháinig aon athrú ar an scéal ar liosta 2020.
Bhí Liam sa seachtú háit ar mhórliosta ainmneacha na mbuachaillí. Jack an t-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí in Éirinn, ainm atá ar bharr an liosta gach bliain ó 2007, seachas aon bhliain amháin.
Sa dara háit ar mhórliosta na gcailíní a bhí Fiadh. Bhí Grace sa chéad áit den chéad uair ó 2010, agus a háit ag barr an tábla caillte ag Emily.
Tugadh Fiadh ar 366 cailín in 2020 agus tugadh Liam ar 329 buachaill.
Bhí ainmneacha Gaeilge níos coitianta i measc na n-ainmneacha a bhain áit amach an 20 ainm is coitianta a tugadh ar bhuachaillí in 2020. Seacht n-ainm Gaeilge a bhí i measc an 20 ainm is coitianta, ardú ó 2019 nuair nach raibh ach ceithre ainm Gaeilge ann.
Bhí Fionn (8) áit amháin chun deiridh ar Liam ar an mórliosta agus d’éirigh le Cillian (11), Rían (15), Oisín (16), Tadhg (18) agus Seán (20) a bheith i measc an 20 ainm is coitianta.
Dhá ainm Gaeilge eile a bhí i measc an 20 ainm is coitianta a tugadh ar chailíní in 2020 – Éabha (16) agus Saoirse (20). Níor éirigh le Aoife (24) ná Caoimhe (17) a bheith ar an gcéad 20 ainm cailíní is coitianta i mbliana.
Ainm (nó Ainmneacha) is mó tóir i ngach contae sa stát 2020#AinmneachaLeanaí #Éire #POStaidrimh pic.twitter.com/RQjdPbLQea
— Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann (@POStaidrimh) February 26, 2021
Bhí Croía, Fiadh, agus Éabha i measc na n-ainmneacha mná is mó a rinne dul chun cinn idir liostaí 2019 agus 2020.
Tháinig an t-ardú is mó ar an ainm Croía, a chuaigh ón 162ú háit ar liosta 2019 go dtí an 95ú háit ar cheann 2020. Tugadh Croía ar 56 cailín anuraidh, níor tugadh a t-ainm sin ach ar 32 cailín in 2019.
Ar liostaí na mbuachaillí, mhéadaigh an tóir a bhí ar Eoghan, Rían agus Fionn i mbliana.
Ar na hainmneacha Gaeilge eile a bhí ar an 50 ainm is coitianta do pháistí in 2020, bhí Cian, Donnacha, Ruairí, Róisín, Sadhb agus Ciara.
Buachaillí
Ainm | Mórliosta 2020 | Mórliosta 2019 | |
---|---|---|---|
1 | Liam | 7 | 7 |
2 | Fionn | 8 | 16 |
3 | Cillian | 11 | 17 |
4 | Rían | 15 | 20 |
5 | Oisín | 16 | 13 |
6 | Tadhg | 18 | 8 |
7 | Seán | 20 | 23 |
8 | Cian | 24 | 32 |
9 | Donnacha | 47 | 56 |
10 | Ruairí | 77 | 87 |
11 | Eoghan | 79 | 108 |
12 | Odhrán | 81 | 97 |
13 | Rian | 86 | 119 |
14 | Sean | 88 | 108 |
15 | Odhran | 93 | 92 |
Cailíní
Ainm | Mórliosta 2020 | Mórliosta 2019 | |
---|---|---|---|
1 | Fiadh | 2 | 3 |
2 | Éabha | 16 | 29 |
3 | Saoirse | 20 | 23 |
4 | Aoife | 24 | 16 |
5 | Caoimhe | 27 | 17 |
6 | Róisín | 32 | 40 |
7 | Sadhbh | 39 | 37 |
8 | Ciara | 48 | 49 |
9 | Ailbhe | 60 | 75 |
10 | Clara | 60 | 59 |
11 | Aoibhín | 67 | 69 |
12 | Méabh | 77 | 87 |
13 | Niamh | 86 | 54 |
14 | Fíadh | 93 | 111 |
15 | Croía | 95 | 162 |
Fág freagra ar 'Liam agus Fiadh ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge is coitianta'