Is fear é Leo Varadkar nár chuir fiacail ann riamh agus, go deimhin, a bhí sásta dúshlán a chuid comhairí a thabhairt minic go maith – mar shampla, nuair a cháin sé an chaoi ar dhéileáil Alan Shatter le sceithirí an Gharda.
Sin ceann de na fáthanna, thar aire ar bith eile sa Rialtas bacach seo, a bhfuil an oiread sin de mheas agus de chion ag an bpobal fós ar Leo Beag agus a mbítear ag caint air chomh minic sin mar chomharba ar Enda Kenny.
Ach is fear é freisin nach smaoiníonn air féin a dhóthain sula labhraíonn sé – fear a chuireann a chos agus uaireanta a dhá chos ann go minic.
Níl amhras ar bith ann ach go ndearna sé a leithéid i gcás lucht na n-agóidí uisce an tseachtain seo caite.
Ghoill sé go mór air, a dúirt Leo go cantalach ar Nuacht a hAon RTÉ an tseachtain seo caite, go raibh daoine ag tabhairt na sráideanna orthu féin mar gheall ar tháille €3 in aghaidh na seachtaine – tráth a raibh fadhbanna i bhfad ní ba thromchúisí le sárú againn sa tír seo.
Anois, b’fhéidir nach mórán é €3 d’fhear cosúil le Leo, a bhfuil tuarastal de €157,000 in aghaidh na bliana aige, ach ní hionann ar aon bhealach cás aire Rialtais agus cás duine den chosmhuintir – duine, ar nós na gcéadta míle, atá ag iarraidh maireachtáil ar €200 nó níos lú in aghaidh na seachtaine.
Ba léir ón méid seandaoine a bhí i láthair ar an lá go ngoilleann na síorchiorraithe atá feicthe againn le cúig bliana anuas níos mó ar phinsinéirí ná ar aon chuid eile den phobal.
Ba léir freisin – bídís ceart nó mícheart – nach gcreideann siad go bhfuil deireadh leo fós.
Ach níorbh iad na táillí amháin a chuir olc ar dhaoine. Go deimhin, déarfainn go raibh cuid mhaith ag léirsiú an lá cheana a bhí sásta go maith táille uisce a íoc i dtús ama ach a d’athraigh a bport nuair a chonaic siad an chaoi a ndeachaigh Uisce Éireann i mbun gnó.
An t-airgead a caitheadh go fánach ar chomhairleoirí, an útamáil ar fad mar gheall ar tháillí agus liúntais, na bónais airgid a bhí le híoc, bídís tuillte nó ná bíodh, an 2,000 ball foirne nár theastaigh, na stiúrthóirí a ceapadh mar gheall ar a gcúlra polaitíochta – seo iad na rudaí a chuir alltacht ar dhaoine agus a d’iompaigh in aghaidh na dtáillí iad.
Thar rud ar bith eile, áfach, thaispeáin an bealach a láimhseáil an Rialtas seo lainseáil Uisce Éireann agus a bhain leis nach bhfuil tada foghlamtha acu ó na botúin a rinne an dream a chuaigh rompu – go deimhin, gurb iad an dá mhar a chéile iad maidir le mí-eagar, mí-éifeacht, cur i gcéill agus slíomadóireacht.
Gheall an Rialtas seo go bhfeicfeadh muid ré nua i saol polaitíochta na tíre seo; chruthaigh scéal Uisce Éireann dúinn nach raibh sa gheallúint sin ón tús ach deargbhréag.
Agus na fadhbanna móra úd a bhí ag déanamh an oiread sin imní do Leo bocht – cérbh iad féin go díreach?
Áras Attracta, an méid othar ospidéil a bhíonn fágtha ar thralaithe, an 10 faoin gcéad den phobal atá fós dífhostaithe.
Maith thú, a Leo. Seo iad na fadhbanna a chuireann as don chuid eile againn freisin.
Ach is tusa agus do chuid comhghleacaithe a gheall dúinn arís agus arís eile go raibh réiteach na faidhbe agaibh.
Deargbhréag arís.
Go deimhin, is tusa go pearsanta atá freagrach i gcás scannaill Áras Attracta agus na liostaí feithimh; agus, le bheith macánta leat, ní fheicimid mórán idir lámha agat ina dtaobh.
Tá sé an-éasca a bheith ag cáineadh – a bheith ag fáil locht agus marach ar dhaoine eile cosúil le Alan Shatter bocht.
Is scéal eile ar fad é beart a dhéanamh de réir do bhriathair.
Más é rún Leo a bheith ina thaoiseach é féin lá breá éigin – agus tá gach cosúlacht ar an scéal gurb ea – tá go leor le foghlaim aige ar dtús. Ach an chéad cheacht: a chuid machnaimh a dhéanamh sula n-osclaíonn sé a bhéal.
– Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury
Fág freagra ar 'Leo Varadkar – ábhar Taoisigh?'