LÉIRMHEAS: Téann an tsollúntacht chun leadráin ar Death and Nightingales

Tá cúrsaí malltrialach go maith ar uairibh sa chomhléiriú is déanaí ó RTÉ agus an BBC, ach fan inti go fóill

LÉIRMHEAS: Téann an tsollúntacht chun leadráin ar Death and Nightingales

Ann Skelly agus Jamie Dornan. Pictiúr: Teddy Cavendish/Night Flight Pictures Ltd. © 2018

Seo chugainn comhghuaillíocht eile idir RTÉ agus BBC. Faoi mar a tharla go minic cheana, áfach, tá craoltóir náisiúnta na hÉireann crochta as eireaball a chomharsan. Sraith drámaíochta trí chlár é Death and Nightingales (RTÉ1, Dé Luain), táirge atá bunaithe ar an úrscéal den teideal céanna le Eugene McCabe. Is iad lucht an Beeb máistrí na saothar seanré agus tá an ceann seo lonnaithe i bhFear Manach na bliana 1883.  Tagann an iliomad téamaí go barr uisce sa chéad ghála: féiniúlacht, mídhílseacht, nasc leis an bhfód dúchais, corraíl pholaitíochta, reiligiún agus seicteachas.

Tarlaíonn formhór d’eachtraí na sraithe thar thréimhse lae agus tugann iardhearcaidh breis téagair do na carachtair agus don scéal.

Ina lár seo istigh atá an ceann feadhna baineann Beth (Ann Skelly), bean óg a chnagann na trí bliana ar fhichid lá na n-eachtraí seo. Tá sí buailte fúithi in aon tíos lena leasathair Billy (Matthew Rhys), an tiarna talún áitiúil. Tá grá seal gráin seal aici ar an bhfear céanna. Ní haon iontas teannas a bheith eatarthu óir go dtugtar le fios in iardhearcadh luath go maith sa  chlár gur éirigh máthair Beth, Catherine (Valerie Kane) torrach nuair a bhí sí geallta le Billy; mídhílseacht nár mhaith sé di riamh is léir. Ar an láimh eile ní mhaithfidh Beth go deo dó siúd go dtugadh sé crústáil do Catherine. Lena chois sin ar fad bíonn uirthi cur suas lena chuid cluanaireachta. Ní haon ionadh mar sin go mbíonn aislingí dúnmharaithe ag rith chuici.

Is ansin a thagann Liam Ward (Jamie Dornan) ar an bhfód agus is léir go bhfuil an buille buailte agus an gaiste tabhartha. Gaol rómánsúil acu ar chúla téarmaí agus seifteanna á gceapadh acu le saol nua a chruthú dóibh féin thar lear. I rith an ama tugtar le fios dúinn go bhfuil uisce fé thalamh maidir le Liam dathúil Mac an Bhaird.

Ní hé Dornan an t-aisteoir is fearr liom ach mar sin féin déanann sé féin agus Kelly a ndícheall leis na carachtair ghruama atá idir lámha acu. Mheasas go raibh an rud go léir an-mhalltrialach ar uairibh agus go raibh an tsollúntacht agus an duairceas bréagach ar fad ag cur rudaí chun leadráin.

Ina dhiaidh sin féin, agus faoi mar a luas thuas, deineadh roinnt ceisteanna suimiúla a chíoradh. Is deas mar a dhéanann ráitis ag Beth agus Catherine, an nasc leis an bhfód dúchais a chur in iúl. Le rudaí a dhéanamh níos casta is Caitlicigh an bheirt acu agus is Protastúnach é Billy. Ní nach ionadh tá teannas reiligiúnda ag brúchtaíl aníos i rith an ama. Bhí seo le sonrú go paiteanta sa radharc idir Billy agus an tEaspag. Cairde iad le blianta mar dhea agus iad cúirtéiseach i rith an ama ach an nimh le sonrú chomh maith.

Is léir go dtiocfaidh seo go cnámh na huillinne sna gálaí atá le teacht.

Is ina thosach atáimid agus is dóigh liom go gcloífidh mé leis an saothar ar feadh gála eile ar a laghad.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Téann an tsollúntacht chun leadráin ar Death and Nightingales'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ní haon ionadh an leathchairdeas idir an tEaspag agus an tiarna talún – an lucht oideachais agus rachmais cóngarach dá chéile faoi mar a bhí coitianta ag an am. Ach ábhar spéisiúil ab ea naomhóg Chiarraí a d’fheiscint in úsáid agus an bheirt óg ag éalú amach go hoileán ar an loch. Nach fada ó bhaile a bhí sí?