LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Victor Frankenstein = caint agus gan aon ní fiúntach le rá

Ar an drochuair, níl sa scannán seo ó thús deireadh ach míreanna agus ciútaí seanchaite, a deir ár gcolúnaí

victor-frankenstein

Victor Frankenstein

Stiúrthóir: Paul McGuigan
Cliar: Daniel Radcliffe, James McAvoy, Jessica Brown Findlay, Andrew Scott, Bronson Webb

Tá carachtair agus arrachtaigh áirithe go bhfilleann Hollywood orthu arís agus arís eile. N’fheadar Dia ná duine an mó uair go bhfuil Dracula agus/nó vampírí ar scaileán, agus le blianta beaga anuas, tá an cnuasach Twilight agus an tsraith True Blood tar éis stádas lucht na fola i lár an aonaigh a chinntiú.

Seánra atá gaolta leis seo ná iomaire na zombaithe, agus tá sé seo é féin in airde láin le The Walking Dead ar cheann de na sraitheanna teilifíse is corraithe i láthair na huaire. Duine eile acu sin ná Frankenstein. Dar leis an IMDB, tá tuairim is 200 saothar teilifíse agus scannánaíochta leis an bhfocal sin sa teideal.

Cuimhním ar tháirge Kenneth Brannagh ó 1994 ina raibh Robert De Niro, Helena Bonham Carter, Aidan Quinn agus go leor eile. Is léir, mar sin, an dúil mhíchuíosach atá ag lucht Hollywood in Frankenstein ó thosach an chéid seo caite ar aghaidh, le dhá cheann i mbliana cheana féin; an táirge seo agus saothar le Carrie Ann Moss ina n-aistrítear an carachtar/scéal go dtí Los Angeles an lae inniu.

Sa táirge seo, is trí shúile Igor (Radcliffe) a insítear scéal le Victor Frankenstein (McAvoy). Ag tús an scannáin, insíonn tráchtaireacht Radcliffe dúinn go mbíonn go leor tráchta ar an arrachtach agus ná bíonn an oiread sin iomrá ar an bhfear a chruthaigh é agus sinn fágtha i dtaobh leis an steiréitíopa de ghinias ata imithe le craobhacha.

Tugtar le fios dúinn go ndéanfar an t-easnamh sin a chúiteamh. Tá go maith agus níl go holc. Déanfar an cliché a sheachaint agus déanfar léamh úrnua ar an scéal/carachtar fadbhunaithe seo.

Ar an drochuair, níl anseo ó thús deireadh ach míreanna agus ciútaí seanchaite: cruiteachán an tsiorcais atá i ngrá le gleacaí, an ceann feadhna a chaill deartháir ina óige, an t-athair tíoránach agus an bhailchríoch i gcaisleán iargúlta cois cósta.

Níorbh fhiú an bús faoin léamh úrnua agus bheadh sé chomh maith acu a bheith dulta i muinín scannán aicsin agus an t-arrachtach i lár an aonaigh.

Is go leachta a dhéantar Londain na tréimhse a chur os ár gcomhair agus ar uairibh, taibhsíodh dom nach raibh ann ach drochscáil Sherlock Holmes le Guy Ritchie.

Tugann McAvoy agus Radcliffe faoina rólanna le fonn agus le flosc, cé go bhfuilid ag snámh in aghaidh easa. Lena cheart a thabhairt do Radcliffe, tá éirithe leis éalú ó shrathar agus slaitín Harry Potter.

Ba é an Bleachtaire Turpin (an tÉireannach Andrew Scott) an carachtar ba shuimiúla acu, áfach. Tá comhrac béil idir Victor agus an póilín reiligiúnda lán le gearradh agus an bheirt acu ag dul in adharca a chéile go taitneamhach. Ar an drochuair, áfach, caitear an carachtar in áit na leathphingne tar éis scaithimh.

Go deimhin, bhí go leor seanmóireachta faoi thábhacht na heolaíochta agus an comhrac idir í agus an reiligún, ach i ndeireadh na dála, ní raibh ann ach caint agus gan aon ní fiúntach le rá.  Bhí an dé tite as an scannán faoin tráth gur tháinig an fear é féin agus ba shuarach an feic é. N’fheadar i gceart cad a bhíodar ag iarraidh a bhaint amach ach níor baineadh amach é.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Victor Frankenstein = caint agus gan aon ní fiúntach le rá'