Is é an ginmhilleadh príomhthéama Aisling Nó Iníon A, an leabhar is deireanaí ó pheann Éilís Ní Dhuibhne atá dírithe ar léitheoirí óga. Cé gur maith an rud é go bhfuil an t-ábhar íogair seo á chur i láthair na n-óg i nGaeilge, ní éiríonn ar fad le Ní Dhuibhne leabhar a mbainfeadh déagóirí taitneamh as agus a chuirfeadh ag smaoineamh iad a scríobh.
Cailín 15 bliana d’aois is ea Aisling a tógadh gan aon só ceilte uirthi i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath. Caitheann a hathair go leor ama ag obair thar lear agus is iriseoir mór le rá í a máthair, Eibhlín. Bíonn Eibhlín i mbun feachtais go rialta ar Son na Beatha agus tá sí tar éis tógáil ‘an-choimeádach, thraidisiúnta’ a thabhairt dá hiníon.
Lonnaithe in Éirinn an lae inniu, tá ceist an ghinmhillte go mór i mbéal an phobail sa scéal agus tá tagairtí soiléire do chásanna éagsúla a tharraing aird na meán le deireanas, cás Savita Halappanavar ina measc.
Rinne Ní Dhuibhne tréaniarracht saol agus meon an déagóra a léiriú sa leabhar ach tá rian den ró-iarracht ann in áíteanna agus easpa léargais ar shaol an lae inniu in áiteanna eile. Tá tagairtí ann do ‘SMS’, focal nár thug Éireannach ar bith faoi 30 bliain d’aois ar ‘téacs’ ó bhí 1995 ann agus, cé go n-aithnítear gurb ann don idirlíon sa scéal, níl tásc ná tuairisc ar leithéidí Whatsapp, Snapchat, Viber, YikYak nó na céadta aip eile atá á n-úsáid ag déagóirí na linne seo.
Nuair a chuirtear an easpa seo le chéile le tuin na scríbhneoireachta atá pas beag postúil, is deacair a shamhlú go mbainfeadh aon déagóir a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu sult as an leabhar gan a bheith ag aireachtáil go bhfuiltear ag dul ar an tsimplíocht leo chun ceacht a mhúineadh.
Tá coincheap an scéil cumhachtach agus pléitear mórcheisteanna an ábhair ann – cúiseanna an ghinmhillte, mná óga ag dul anonn go Sasana agus an ghluaiseacht Ar Son na Beatha ina measc. Ach d’fhéadfadh an leabhar léitheoirí óga na Gaeilge a spreagadh chun ionramháil a dhéanamh ar cheisteanna tromchúiseacha dá mbeadh ruainne beag níos mó forbartha déanta ar ghnéithe áirithe den scéal.
Tugann Aisling, príomhcharachtar an scéil, ‘mam’ agus ‘máthair’ ar Eibhlín nuair a chuirtear in aithne ar dtús don léitheoir í, ach ansin briseann an nasc máithriúil agus tugann ‘Eibhlín’ uirthi go deireadh an leabhair – in ainneoin gur ‘Dad’ a thugann sí ar a hathair ó thús deireadh. Cén fáth?
Ní chaitear dóthain ama ag míniú cúlra ná meon na máthar agus ní shásaíonn buaic an leabhair an léitheoir ach an oiread. Is deacair a chreidiúint go dtiocfaí ar comhthuiscint chomh héasca sin idir bheirt a bhfuil dhá thuairim chomh difriúil lena chéile acu.
Tá molta tuillte ag Éilís Ní Dhuibhne as ábhar chomh conspóideach a chur os comhair an phobail, agus go háirithe os comhair an aosa óig, ach tá laigí sa saothar seo nach mbeifeá ag súil leo ó scríbhneoir cumasach a bhfuil ardmheas uirthi.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: ‘Aisling Nó Iníon A’ le hÉilís Ní Dhuibhne'