Leath de chlár Prime Time na hoíche anocht le díriú ar chonspóid aersheirbhís Árann

Idir an dá linn, tuigtear nach bhfuil aon dáta socraithe fós don athbhreithniú breithiúnach atá á lorg ag Aer Arann maidir leis an bpróiseas tairisceana conspóideach

RTÉ_Prime_Time_Logo_from_February_2013

Bainfidh leath de chlár Prime Time, a chraolfar anocht ag 9.35 pm ar RTÉ 1, le scéal sheirbhís aeir Oileáin Árann agus an cor is deireanaí sna cúrsaí sin.

Cloisfear daoine ó na hoileáin ag caint le criú Prime Time mar chuid de thuairisc sheachtrach ar an gclár agus, ina dhiaidh sin, beidh díospóireacht ar siúl faoin scéal sa stiúideo i ndiaidh na tuairisce.

Is iad na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuív (FF) agus Derek Nolan (Lucht Oibre) a bheidh sa stiúideo, in éineacht le Declan Jordan, léachtóir le heacnamaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Idir an dá linn, tuigtear nach bhfuil aon dáta socraithe fós don athbhreithniú breithiúnach atá á lorg ag Aer Arann maidir leis an bpróiseas tairisceana conspóideach a bhaineann le conradh d’aersheirbhís go hÁrainn.

Chomh fada is a bhaineann sé leis an gcomhlacht féin, seasann an méid a dúirt siad an tseachtain seo caite i gcónaí, is é sin, go bhfágfaidh an eitilt dheireanach dá chuid Aerfort na Minne ag deireadh na míosa seo. Tá Roinn na Gaeltachta ag iarraidh go gcuirfí síneadh ama leis an gconradh atá ag Aer Arann faoi láthair, conradh a théann i léig ag deireadh na míosa seo.

Thug ancaire an chláir, Prime Time, Miram O’Callaghan, agus an léiritheoir, Bríd Óg Ní Bhuachalla, cúpla lá ar Inis Mór, Inis Oírr agus Inis Meáin níos luaithe an tseachtain seo agus iad ag caint le muintir na n-oileán maidir le conas a bhraitheann siad faoina bhfuil ag tarlú go dtí seo agus faoina bhfuil i ndán don tseirbhís aeir, Aer Arann, atá ag cur seirbhíse ar fáil do na hoileánaigh as Aerfort na Minne le breis agus 20 bliain.

Díreoidh Prime Time na hoíche anocht ar chúrsaí sláinte, cúrsaí gnó agus cúrsaí oideachais, agus an cur isteach a dhéanfaí ar na réimsí sin saoil mura mbeadh seirbhís eitleáin ar fáil do na hoileáin.

Screen Shot 2015-09-17 at 18.08.11
Miriam O’Callaghan agus Bríd Óg Ní Bhuachalla

Caithfear súil ghéar ar chás scoil náisiúnta Inis Meáin, ar fhág athruithe a rinneadh ar rialacha na Roinne Oideachais le déanaí nach gcuirfeadh an Roinn maoiniú ar fáil ach d’aon mhúinteoir amháin ann. Tháinig Zurich Insurance i gcabhair ar an scoil ó shin le cúnamh airgid agus tá an scoil slán anois ó bhaol a dúnta.

Ag caint dó le foireann Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, go bhfuil Údarás na Gaeltachta “thar a bheith ciúin” faoin scéal go dtí seo, “go mór mór bord an Údaráis”.

Dar leis an Teachta Dála go léiríonn ‘bailbhe’ an Údaráis an “dochar” atá déanta don eagraíocht “ó fritheadh réidh leis an mbord tofa” agus daoine “ceaptha” a chur ina n-áit. Fágann sin nach bhfuil Údarás ann “a labhródh ar son phobal na Gaeltachta”, a dúirt an Teachta Dála.

Ní hamhlaidh an scéal leis an mBord Oideachais, áfach, a dúirt Ó Cuív, atá “tar éis a bheith i bhfad níos gníomhaí ná an tÚdarás” maidir le conspóid na haersheirbhíse.

Dheimhnigh Teachta Dála Fhine Gael, Seán Kyne, go bhfuil an tAire Stáit, Joe McHugh, i mbun comhairle a fháil ón Ard-Aighne faoin scéal ach measann Kyne féin go bhfuil sé “soiléir nach bhfuil an Carn Mór feiliúnach”.

Tá amhras i gcónaí ann maidir le cé acu an mbeidh nó nach mbeidh Aerfort an Chairn Mhóir i nGaillimh ar fáil san athbhliain don chomhlacht Executive Helicopters Limited, an comhlacht ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana don aersheirbhís.

Níl tús curtha go fóill ag Roinn na Gaeltachta leis an bpróiseas idirbheartaíochta maidir le conradh a aontú le Executive Helicopters agus tá soiléiriú á lorg ag Aire Stáit na Gaeltachta faoi Aerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil.

Tá feachtas láidir ar bun ag muintir Árann le roinnt seachtainí anuas i gcoinne an chinnidh go dtairgfí conradh na haersheirbhíse do chomhlacht héileacaptair.

Fág freagra ar 'Leath de chlár Prime Time na hoíche anocht le díriú ar chonspóid aersheirbhís Árann'