Léargas taitneamhach ach seanchaite ar dhéanamh ‘The Godfather’

Ní chabhraíonn sé le cúrsaí gurb é príomhcharachtar The Offer an léiritheoir chomh maith

Léargas taitneamhach ach seanchaite ar dhéanamh ‘The Godfather’

Bíonn deacrachtaí i gcónaí leis an saothar a mhaíonn go bhfuil sé bunaithe ar scéal fíor. Cén casadh atá bainte as fíricí? Conas mar atá an ficsean cniotáilte leis an bhfírinne? An é nach bhfuil ann ach cantam beag den fhírinne agus gur cumadóireacht/bréaga atá sa chuid eile. Ó thaobh na sraithe The Offer (Paramount +) ní chabhraíonn sé le cúrsaí gurb é an príomhcharachtar léiritheoir an tsaothair ag an am céanna. 

Tá the Godfather (1972) áirithe mar cheann de na scannáin is fearr riamh; saothar ceannródaíoch, tathagach a thug leis trí dhuais Oscar agus a ghin dhá scannán leantacha. Deineann an tsraith seo iarracht scéal achrannach ait an phróisis léirithe a reic. Sé Albert S. Ruddy (Miles Teller) laoch an scéil agus ní haon iontas sin óir gurb é an seanfhondúir céanna atá i mbun léiriú na sraithe. Léirítear dúinn go raibh sé ag imeacht ó philéar go posta agus ón stiúideo go dtí na Maifia ag iarraidh an saothar a thabhairt ar an bport.

Cuirtear abhaile orainn go raibh sé féin, Coppola (Dan Fogler) agus an scríbhneoir Mario Puzo (Patrick Gallo) ag obair as lámha a chéile. Ní bhíonn cúrsaí chomh néata, suáilceach sin. De réir tuairiscí níl an léamh céanna ag na rannpháirtithe eile ar an scéal is atá ag Ruddy. Go deimhin ní raibh Ruddy taobh le Coppola agus Puzo agus iad ag tabhairt faoin dá scannán leantacha. 

Bíodh sin mar atá tugtar sinn ar ruathar taitneamhach, drámata agus greannmhar trí thionscal scannánaíochta na seachtóidí. Tréimhse spleodrach shoiniciúil ach saonta ag an am céanna. Tréimhse chruálach go maith leis, go mórmhór do mhná.  Bainfidh lucht leanta The Godfather súp as na míreanna ar fad atá i miotaseolaíocht an scannáin; earcú Al Pacino, éisteacht Brando, íde béil Sinatra do Puzo agus naimhdeas an Mhaifia i leith an tsaothair.

Muc ar gach mala ag Sinatra mar gur mheas sé go raibh an carachtar Johnny Fontaine bunaithe air féin, rud a bhí i ndáiríre. Sé siúd a dhein cancar an Mhaifia a bhíogadh agus tá Giovanni Ribisi ar fheabhas mar Joe Colombo. Sleamhnaíonn an tsraith isteach i saol an Mhaifia, agus Colombo ag dul chun san eagraíocht agus ag cur an Italian-American Civil Rights League ar bun. 

Tá an tsraith breis agus deich n-uair an chloig ar fhad, níos faide ná tríológ féin, agus n’fheadar an raibh an oiread sin ama dlite don ábhar. Dá bharr, téitear i bhfad scéil le gnéithe áirithe ar uairibh. Is léiriú leamh, aontoiseach a dhéantar ar na carachtair agus an script ag sleamhnú i dtreo an chliché rómhinic. Níl puinn le déanamh ag Teller ach cuma shuaite a chur air féin ach deineann Matthew Goode mar Robert Evans agus Juno Temple mar rúnaí Ruddy a ndícheall leis na róil atá acu. Léargas taitneamhach, ach seanchaite in áiteanna, ar dhéanamh ceann de na scannáin is fearr riamh. 

Fág freagra ar 'Léargas taitneamhach ach seanchaite ar dhéanamh ‘The Godfather’'