LÉAMHTHUISCINT: Traenáil spóirt

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Traenáil spóirt

An gá go mbeadh matáin an dornálaí ag an iománaí? An aon chúnamh don chúl báire peile a bheas ar bheagán spaisteoireachta a chuid scamhóg a bheith ar aon dul le cinn an rothaí? An féidir an méadú ollmhór atá tagtha ar na gortuithe a bhaineann leis na fíocháin bheaga (soft tissues) sna Cluichí Gaelacha a cheangal leis an gcineál traenála a dhéanann imreoirí an lae inniu?

Ní agamsa atá an saineolas leis na ceisteanna sin a fhreagairt, ach ag an am céanna ní mé amháin atá den tuairim gur minice i bhfad a chloistear anois faoi ghortuithe a bhaineann le matáin, ballnaisc agus le teannáin ná mar a chloistí san am atá caite.

Le roinnt blianta anuas tá méadú as cuimse ag teacht i gCumann Lúthchleas Gael ar an gcineál traenála a threiseoidh, a neartóidh agus a láidreoidh colainn an imreora – dá airde an grád ag a n-imríonn siad, is ea is mó a dhéantar den traenáil sin.

Go dtí sin ba ar aclaíocht a bhíodh an bhéim. Inniu is ‘neart agus aclú’ nó ‘strength and conditioning’ an téarma draíochta – dírithe ar mhéadú a dhéanamh ar neart, cumhacht, luas, lúfaireacht, lúth na gcos, neartú matán agus teacht aniar.

Sa giomnáisiam a dhéantar an obair agus is coitianta go gcaitheann imreoir na ceithre seachtaine is túisce dá chuid traenála ag leagan na bunchloiche – ag éirí anois de do ghogaide, ag crochadh meáchain den talamh agus os cionn do chliabhraigh agus tú sínte.

Suas le 85% den mheáchan is troime atá ar do chumas a ardú a bheadh i gceist agus dhéanfá chuile chleachtadh tuairim is 50 uair.

An dara mí mórán an rud céanna – laghdaithe de bheagán ach níos déine agus níos pléascaí agus as sin amach tuilleadh den obair chéanna ag dul i dtréine.

Cláracha traenála den chineál seo a leanann formhór imreoirí na gCluichí Gaelacha – peileadóirí agus iománaithe na gclubanna chomh maith lena leathbhádóirí idirchontae á chleachtadh ar feadh tuairim is trí mhí sula dtosaíonn séasúr na himeartha.

Leagan amach atá ann nach bhfuil na saineolaithe aclaíochta ar fad ar aon intinn faoi. I dtús na bliana seo léigh mé píosa thar a bheith suimiúil inar dhúirt Mike McGurn go bhfuil an iomarca traenála á dhéanamh ag imreoirí idirchontae CLG agus nach n-oireann go leor dá bhfuil siad a dhéanamh do mhianach na gcluichí a chleachtann siad.

Fear é McGurn a d’oibrigh le príomhfhoirne rugbaí na Nua-Shéalainne agus na hÉireann, le Everton i bPríomhroinn Shraith Sacair Shasana agus leis an dornálaí Bernard Dunne. Ní beag é a thaithí ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ach an oiread. I mbliana féin bhí baint aige le peileadóirí Ard Mhacha agus d’ullmhaigh sé foirne club a bhuaigh craobhacha sinsearacha an chontae sin mar aon le craobhacha Dhoire, an Dúin agus Aontroma.

Deir McGurn go bhfuil imreoirí idirchontae CLG an lae inniu ag déanamh níos mó traenála ná a bhí na All Blacks a dhéanamh nuair a bhí sé féin leo siúd agus nach bhfuil baint dá laghad ag formhór na traenála atá ar siúl ag peileadóirí CLG leis an bPeil Ghaelach. Ní mar a chéile atá an scéal i chuile chontae agus tráthúil go leor luann sé an obair atá déanta ag Peter Donnelly i dTír Eoghain mar shampla den chaoi cheart le tabhairt faoi.

Tá a raibh le rá ag McGurn tagtha isteach i mo chloigeann minic go leor le dhá mhí anuas agus suas le leathdhosaen cluiche feicthe agam i gCraobh Shinsearach Peile na Gaillimhe. Sin le rá go bhfaca mé tuairim is 200 peileadóir i mbun a gcuid cúraim.

Ach áireamh gasta a dhéanamh, déarfainn má bhí 10% acu chomh cumasach céanna leis an dá chos go mba é a gcloch nirt é. Tá mé cinnte go raibh an réamhobair aclaíochta atá luaite thuas agam déanta ag a mbunáite, ach fós ní raibh ach duine as deichniúr lánábalta ar an scil is bunúsaí sa gcluiche a bhíodar a chleachtadh.

Téigh beagán níos faide leis an scéal agus coinnigh do shúil ar a bhfuil de pheileadóirí idirchontae chomh cumasach céanna leis an gcos dheis agus atá siad leis an gciotóg, nó an méid dá leathbhádóirí iomána atá chomh maith céanna ciotach agus atá siad deasógach.

Ní bheadh sé deacair iad a chomhaireamh.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. Cén cheist mhór atá á cur ag an údar?
  2. Cén t-athrú is mó atá tagtha ar an traenáil a dhéanann imreoirí Chumann Lúthchleas Gael le roinnt blianta?
  3. Cén dearcadh atá ag an saineolaí traenála Mike McGurn faoin gcineál sin traenála?
  4. Cén taithí atá ag McGurn?
  5. Is maith le McGurn traenálaí peile amháin. Cé hé?
  6. Chonaic an t-údar a lán cluichí Gaelacha le tamall agus thug sé laige amháin faoi deara. Céard é sin?
  7. Céard a cheapann tú féin faoin traenáil a dhéanann nó a rinne sibhse don spórt is ansa leat?
  8. Cé acu is dainséaraí dar leat – gan dóthain traenála nó an iomarca traenála?
  9. An dóigh leat go mbíonn an iomarca cluichí ag imreoirí óga atá ar comhaois leatsa?
  10. An dóigh leat gur chóir lúthchleasaíocht a bheith ar chlár ama gach uile scoil sa tír?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

ar aon intinn, ciotóg, leathbhádóir, mo chloch nirt, ar do ghogaide, teannán na hioscaide

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí:

  • seisiúin (traenáil)
  • ag líonadh (na scamhóga)
  • an rud is (contúirteach)
  • ar thaobh (an chiotóg)
  • comhairle (mo leathbhádóir)

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Traenáil spóirt'