Leabhar nua le Breanndán Ó Beaglaoich, Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn, Albam nua Dysania

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Leabhar nua le Breanndán Ó Beaglaoich, Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn, Albam nua Dysania

CEOL

Albam ‘teacht in inmhe’ eisithe ag Dysania

D’eisigh Dysania, banna ceoil Gaeilge, a gcéad albam an tseachtain seo. Ocht dtraic atá ar an albam agus cur síos déanta air mar thogra teacht in inmhe. Ceol ‘bog-rock’, an cur síos a dhéanann an banna ar an bhfuaim atá acu agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a nascadh le saol idirnáisiúnta an cheoil. Cur chun cinn na teanga an phríomhaidhm atá acu de réir a suímh idirlín, ach más ea, ní dhearna siad neamhaird ar chaighdeán an cheoil.

Ocht dtraic atá ar an albam agus déantar scrúdú ar théamaí a bhaineann leis an meabhairshláinte, tithíocht agus costas maireachtála in Éirinn sa lá atá inniu ann. Rinneadh an t-albam a thaifeadadh ar an gCeathrú Rua agus is é Ivan Jackman a rinne an meascadh i mBaile Átha Cliath. D’eisigh siad an príomhshingil ‘Spéirling’ ag deireadh na bliana seo caite agus ‘Evelyn’ i mí na Bealtaine.  Tá an t-albam nua ‘An Lá Ba’ ar fáil ar-líne ar na hardáin sruthaithe.

Éist leis an albam anseo.

FÉILTE

 

Imeachtaí Gaeilge i rith Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail

Thosaigh Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail inné agus beidh sí ag dul ar aghaidh i gcaitheamh an deireadh seachtaine. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh 80 ag 80: Paul Durcan, a celebration of his poetry ar siúl tráthnóna inniu ag 9:30 in Amharclann Naomh Eoin.

Tionólfar Cúirt Filíochta ag 2:30 i.n. Dé Sathairn i Leabharlann Lios Tuathail, imeacht atá á eagrú ag Matt Ó Maonaigh, Cléireach na Cúirte i gcomhar le Glór na nGael agus Oifig na Gaeilge Lios Tuathail. Beidh Cúirt Lios Eiltin á ceiliúradh agus traidisiúin Chiarraí Thuaidh. I measc na bhfilí a bheidh ag reacaireacht ag an ócáid beidh Róisín Sheehy, Ceaití Ní Bheildiúin, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Simon Ó Faoláin agus scríbhneoirí eile.

Beidh leabhar dírbheathaisnéise á sheoladh ag Breanndán Ó Beaglaoich in Amharclann Naomh Eoin ar an Domhnach 1 Meitheamh ag a 5:00 i.n. agus ceolchoirm ina dhiaidh. Tá an leabhar Clann na Seanamhuintire á fhoilsiú ag Cormac Begley faoin gclóphreas nua, Airt.

Gach eolas faoin gclár agus ticéid le fáil ag anseo.

 

Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo idir 30 Bealtaine agus 2 Meitheamh, 2025. Reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta go deireanach ansin i 1993 agus tá ceiliúradh mór á dhéanamh i mbliana agus Gaeltacht Ráth Chairn ag ceiliúradh 90 bliain ar an bhfód.

Cúig chomórtas ar fad a imreofar ag Comórtas Peile na Gaeltachta i nGaeltacht Ráth Chairn i mbliana – Comórtais Shóisir agus Shinsir na bhFear chomh maith le Comórtais Shóisir, Idirmheánach agus Shinsir na mBan. Beidh ceol beo gach tráthnóna i bpuball na féile agus imeachtaí teaghlaigh ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Tá tuilleadh eolais ar leathanach Facebook Chomórtas Peile na Gaeltachta Ráth Chairn 2025.  Ní bheidh aon táille ar na himeachtaí teaghlaigh le linn an deireadh seachtaine. Gach eolas faoi na himeachtaí cultúrtha a bheidh ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine le fáil anseo.

Tá ticéad don deireadh seachtaine le fáil ar Eventbrite.

 

Máire Zepf ag Féile Leabhar Bhéal Feirste

Beidh Féile Leabhar Bhéal Feirste ar bun ó 5 go 12 Meitheamh sa Crescent Arts Centre. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh painéal cainte leis an scríbhneoir Máire Zepf ar ábhar na scríbhneoireachta agus na beochana. Tá 16 leabhar do dhaoine óga scríofa ag Máire idir phictiúrleabhair agus úrscéal véarsaíochta. Scríobhann sí i nGaeilge agus i mBéarla agus tá a leabhair aistrithe go 10 dteanga ar fud an domhain.

Cuireadh a sraith pictiúrleabhar Rita in oiriúint don scáileán le deireanas agus é le feiceáil ar Cúla4. Scríobh Máire an tsraith sin i gcomhar le Mr Ando agus is iad An tSnáthaid Mhór a d’fhoilsigh. Is í Máire freisin scríbhneoir agus comhchruthaitheoir na sraithe anime Ceilteach Lí Bán. Beidh Máire ag caint faoina saothar agus ag caint ag an ócáid freisin beidh Samantha Prociello, amharclannóir agus scríbhneoir, Gráinne McGuinness ó Paper Owls Films agus Guy Phenix ón mBBC.

Tuilleadh eolais faoin imeacht seo agus clár na féile le fáil anseo.

David Keenan: Focla ar Chanbhás

Scannáin Ghaeilge ag Féile Scannán Docs Ireland i mBéal Feirste

Tá fócas á chur ag Féile Scannán Docs Ireland na bliana seo ar an scannánaíocht trí Ghaeilge. Beidh an fhéile ar bun ó 23 go 29 Meitheamh i mBéal Feirste agus tá an scannánaíocht trí Ghaeilge san áireamh ar an bpríomhchlár agus tríd an mionchlár scannáin a tháinig chun cinn tríd an gcomórtas do scannáin faisnéise, Pull Focus.

I measc na scannán Gaeilge a bheidh á dtaispeáint tá David Keenan: Focla ar Chanbhás le Paddy Hayes, a leanann an ceoltóir trí thréimhse corraitheach ina shaol. Scannán eile é Ag Taisteal Siar a thugann léargas ar an gceol i bpobal an lucht siúil.

Déanfaidh an fhéile ceiliúradh freisin ar an scannánóir Bob Quinn, a bhfuil aithne air as a shaothar ceannródaíoch i gcúrsaí scannánaíochta na Gaeilge agus taispeánfar péire dá chuid scannán, The Family agus Atlantean. Cuirfear léiriú speisialta ar bun freisin de scannán Kneecap.

Gach eolas agus clár le fáil anseo.

SIÚLOID

 

Siúlóidí bláthanna fiáine ar Inis Meáin le Aedín Ní Thiarnaigh

Tá tús curtha arís ag Aedín Ní Thiarnaigh lena siúlóidí bláthanna fiáine ar Inis Meáin. Beidh an chéad siúlóid eile ar bun ar an Satharn, 31 Bealtaine ó 1:30i.n. go 3 i.n. agus is é téama na siúlóide sin an béaloideas agus an tsealgaireacht. Cuireann Aedín na siúlóidí ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla ag brath ar an ngrúpa atá ag déanamh na siúlóide, ach bíonn gné dhátheangach i ngach siúlóid.

Roinneann sí eolas a bhaineann le plandaí a aithint ar féidir iad a ithe, úsáidí traidisiúnta na mbláthanna fiáine i gcúrsaí cócaireachta, leighis agus ceardaíochta. Tá radharcanna áille lán pabhsaetha le feiceáil ar an oileán, bláthanna fiáine aitheanta chomh maith le plandaí neamhchoitianta a fhásann ar oileáin Árann agus sa Bhoirinn. Beidh siúlóid Chlub Chonradh na Gaeilge ar bun ar an Domhnach 1 Meitheamh ag tosú ag 12 meán lae.

Tá gach eolas agus áirithintí anseo.

Fág freagra ar 'Leabhar nua le Breanndán Ó Beaglaoich, Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn, Albam nua Dysania'