Leabhair Ghaeilge 2017: An ‘Billionaire Boy’ agus gearrscéal gan aon ‘í’…

Má tá fút cúpla leabhar Gaeilge a cheannach i mbliana, ní bheidh aon ghanntanas ort

Leabhair Ghaeilge 2017: An ‘Billionaire Boy’ agus gearrscéal gan aon ‘í’…

Is cinnte go gcuirfear dúil mhór i gcuid mhaith de na leabhair Ghaeilge nua a fhoilseofar le linn na bliana seo, ina measc saothar nua le Liam Mhic Cóil, duine de na húrscéalaithe is cumasaí atá ag scríobh i nGaeilge faoi láthair, atá le foilsiú ag deireadh na míosa seo. Thuill a úrscéal An Litir ardmholadh nuair a foilsíodh é sé bliana ó shin agus cuireadh an-fháilte roimh an dara leabhar sa triológ I dTír Strainséartha. Tá Lúcás Ó Briain fágtha ina dhiaidh ag Mac Cóil ar feadh tamaill, áfach, agus úrscéal nua óna pheann á chur amach ag Leabhar Breac – An Choill.

‘Úrscéal fealsúnach’ atá sa saothar seo is deireanaí seo uaidh ina n-insítear scéal ridire a dhúisíonn i lár coille agus é “mar a bheadh leanbh ann”, gan aon chuimhne aige ar aon ní, agus gan a fhios aige cá bhfuil sé. Tá an leabhar scríofa i bhfaisean an chúigiú haois déag agus téann sé i ngleic le cás duine de Ridirí an Bhoird Chruinn nár éirigh leis dul chomh fada leis an Soitheach Naofa.

Is cnuasach gearrscéalta é I dTír Mhilis na mBeo le Colm Ó Ceallacháin, Muimhneach atá i dtús a shaothair, “a chíorann fadhbanna na sochaí go neamhbhalbh” i nGaeilge “uirbeach”. Tá spéis ar leith ag an gCeallachánach i gcúrsaí stíle agus fágann sé sin cruth thar a bheith ealaíonta ar a chuid scéalta. I scéal amháin, ní úsáidtear an litir ‘í’ ar chor ar bith, i scéal eile, ní úsáidtear ach í. Is iad Cois Life a chuirfidh an leabhar amach i mí Aibreáin.

Is é Brian Ó Conchubhair a chuir Úrscéalta na Gaeilge [Cló Iar-Chonnacht] in eagar, cnuasach aistí atá bunaithe ar chainteanna a tugadh ag an seimineár ‘Úrscéalta Gaeilge an Fhichiú hAois: Canóin Liteartha?’ dhá bhliain ó shin. Ar na húrscéalta atá faoi chaibidil sa leabhar tá Cré na Cille, Deoraíocht, An Béal Bocht agus Mo Bhealach Féin. Craolfar leaganacha ciorruithe de na haistí seo mar chainteanna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin.

Tá mórchnuasach eile le cur amach ag Cló Iar-Chonnacht i mbliana freisin — Leabhar Nua na nAmhrán. Dhírigh a réimhtheachtaí, Leabhar Mór na nAmhrán [2013], ar amhrán ar an sean-nóis, ach is ar amhráin nuachumtha a dhíreofar sa leabhar leanta seo.  Is bailiúchán atá sa leabhar de na hamhráin a bhain duais amach ag Corn Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin i Comórtas na nAmhrán Nua-Chumtha ag Féile Oireachtas na Samhna.

Ní fhágfar léitheoirí óga ar an trá fholamh i gcaitheamh na bliana ach an oiread. Tá an tríú heagrán de Dialann Dúradáin le foilsiú ag Futa Fata in 2017. Barr ar an Donas is teideal don cheann seo a bheidh ar fáil san fhómhar. Foilsíodh an dara heagrán, Roderick Abú, an mhí seo caite agus an-tóir ar an aistriúchán a rinne Máirín Ní Mhárta as an gCeathrú Rua ar an tsraith.

Beidh mórshaothar Béarla eile á chur ar fáil ag Ní Mhárta do léitheoirí óga na hÉireann nuair a sheolfar a haistriúchán ar Billionaire Boy le David Walliams ar Lá Domhanda na Leabhar, an 3 Márta. An Billiúnaí Beag atá baiste ag Ní Mhárta ar an leagan Gaeilge den leabhar a bhfuil díol mór air ar fud an domhain.

Tá tuilleadh aistriúchán le teacht ó Chló Iar-Chonnacht i mbliana freisin agus cúig leabhar eile sa tsraith Dónall Dána le foilsiú. Is iad na teidil nua a fhoilseofar: Teach na dTaibhsí, Mallacht an Mhumaí, Feighlí Fíochmhar, Díoltas Dhónaill, agus Boladh Bréan.

Saothar as an nua atá i Púca sa Teach [Leabhar Breac] le Máire Ní Ghallchobhair. Scéilín faoi Jeaic agus a mhadra Lúlú atá ann. Is maith le Jeaic a bheith ag spraoi le meaisíní agus ceimiceáin agus déanann sé deoch nua do Lúlú, deoch a dhéanann dofheicthe í. Seo an ceathrú leabhar sa tsraith Jeaic agus Lúlú.

An mhí seo chugainn, foilseoidh Cois Life Cillian ag Comhaireamh, leabhar pictiúr a chabhróidh le daoine óga foghlaim conas daoine a chomhaireamh. Sa leabhar seo ó údar Cén t-am é?, Siobhán Grogan, tugann Cillian lámh chúnta dá uncail, stiúrthóir traenach, agus é ag comhaireamh na ndaoine agus na dticéad.

Fág freagra ar 'Leabhair Ghaeilge 2017: An ‘Billionaire Boy’ agus gearrscéal gan aon ‘í’…'