‘Le spiorad na meithle, tiocfaimid slán’ – plean athoscailte an stáit fógartha ag an Taoiseach

Cuirfear tús le scaoileadh na srianta Leibhéal 5 Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh cead oscailte ag siopaí ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontae féin go dtí an 18 Nollaig

‘Le spiorad na meithle, tiocfaimid slán’ – plean athoscailte an stáit fógartha ag an Taoiseach

Tá plean athoscailte an stáit fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin agus srianta leibhéal 3 le tabhairt isteach Dé Máirt seo chugainn, an 1 Nollaig.

Ag iompú ar an nGaeilge ag deireadh a óráide, dúirt an Taoiseach go raibh dóchas aige go n-éireodh leis an bplean.

“Mair a deirtear, le spiorad na meithle i measc mhuintir na tíre seo, éireoidh linn dóchas a spreagadh agus tiocfaimid slán,” arsa Micheál Martin.

Agus sonraí an phlean á dtabhairt aige tráthnóna, dúirt sé gur thuig sé do dhaoine a bhí “bailithe” den phaindéim ach nár cheart dearmad a dhéanamh ar a thromchúisí is a bhí an scéal.

An “dea-scéal”, a dúirt sé, ná go raibh ag éirí le híobairtí an phobail an galar a chur faoi chosc agus gur anseo a bhí an dara ráta is ísle san Eoraip ó thaobh scaipeadh an ghalair.

Thabharfadh an plean díchuibhrithe faoiseamh éigin do dhaoine aimsir na Nollag ach chaithfí cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí.

 

Dúirt sé gur chreid an Rialtas go bhféadfaí leanúint ar aghaidh le Leibhéal 3 i ndiaidh na Nollag.

“Táimid ag dul chomh fada agus is féidir linn agus ní rachaimid níos faide,” a dúirt an Taoiseach agus maolú na srianta á bhfógairt aige.

Cuirfear tús le scaoileadh na srianta Leibhéal 5 Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh cead oscailte ag siopaí, gruagairí, leabharlanna agus ionaid aclaíochta.

Tá sé i gceist go gcuirfear deireadh an uair sin chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin. Beidh cead chomh maith ag daoine leadóg agus gailf a imirt.

Beidh cead ag daoine freastal ar sheirbhísí eaglaise an tseachtain seo chugainn freisin.

Dé hAoine an 4 Nollaig a bheidh cead oscailte ag bialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.

Bhí malairt poirt ag an Rialtas agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí faoin ngné sin den phlean díchuibhrithe go háirithe, ach dhiúltaigh an Rialtas do chomhairle NPHET.

Seirbhís beir leat amháin a bheidh ceadaithe ag tithe tábhairne nach bhfuil cistin acu.

Idir an 18 Nollaig agus 6 Eanáir a cheadófar cuairteanna chun an tí chun deis a thabhairt do dhaoine an Nollaig a cheiliúradh i dteannta a muintire.

Beidh cead ag trí líon tí teacht le chéile faoin aon díon amháin don Nollaig.

Beifear ag moladh do dhaoine mascanna a chaitheamh taobh amuigh in áiteanna plódaithe.

Ba í comhairle NPHET don Rialtas nár chóir cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne ach seirbhís beir leat a chur ar fáil i rith mhí na Nollag ar fad.

Bhí an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar son cur chuige níos coimeádaí ná mar atá beartaithe ag an Rialtas ó thaobh scaoileadh na dianghlasála.

Tá imní ar NPHET go háirithe faoi chuairteanna tí a bheith ceadaithe agus bialanna agus tithe tábhairne a bheith oscailte ag an am céanna.

Tá rialacha nua le tabhairt isteach maidir leis an spás a cheadófar idir na boird i mbialanna agus an méid ama a cheadófar do chustaiméirí fanacht i mbialann.

Cuirfidh an Rialtas tús chomh maith le mórfheachtas poiblíochta ar mhaithe le cur ina luí ar dhaoine ‘Nollaig shábháilte’ a bheith acu.

An phríomhtheachtaireacht a bheidh ann ná go mbíonn deis eile ag an víreas scaipeadh gach uair a mbuaileann tú le duine eile agus gur gá duit srian a chur le líon na dteagmhálaithe a bhíonn agat.

Dúirt urlabhraí Sláinte Shinn Féin David Cullinane go raibh gá le plean a mbeadh éifeacht bhuan leis agus ní ceann gearrthéarmach a d’fhágfadh go gcaithfí a thuilleadh srianta a thabhairt isteach mí Eanáir. Dúirt sé nach maithfí don Rialtas é más amhlaidh nach bhfuil infheistíocht cheart déanta acu sa chóras tástála agus cuardaigh.

Chaithfí, a dúirt sé tréaniarracht a dhéanamh “greim a fháil ar an víreas” chun a chinntiú nach tréimhse dianghlasála i ndiaidh tréimhse dianghlasála atá i ndán dúinn an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Le spiorad na meithle, tiocfaimid slán’ – plean athoscailte an stáit fógartha ag an Taoiseach'

  • Éamonn Ó Floinn

    Aon abairt amháín i nGaeilge ag an deireadh. Cloistear níos mó Maoraise i Nua-Shéalainn.

  • Antóin

    Is geall le Duan na Nollag le Charles Dickens é.

    “Le spiorad na meithle, tiocfaimid slán” a deir an Taoiseach a chaith na míonna deireanacha seo “ag fógairt truamhéala daonna go léir uaidh”

    Duine a mhúch drithlí an dócháis ag caint anois ar dhóchás a spreagadh! Nach maith chun plámáis é.

    “Daoine ag gabháil síos suas, ag sraothartach, agus ag bualadh a lámh i gcoinne a n-ucht, agus ag dianbhualadh a gcos ar na leaca d’fhonn iad a théamh.” Ach nárbh fhiú é chun pionta a fháil!

    Ach é sin ráite. Ní bhíonn dólás ann gan sólás ina cheann. Tá mé cinnte má chuireann tú cluas ort féin go gcluinfidh tú blúirí comhrá ag deireadh lae.

    “Nollaig Shúgach” a Tony
    “Muise, díth céille” A Thaoisigh
    “Nollaig Shúgach” a Sam
    “Muise, díth céille” A Thaoisigh
    “Nollaig Shúgach” a Luke
    “Muise, díth céille” A Thaoisigh
    “Nollaig Shúgach” a Thomáis
    “Muise, díth céille” A Thaoisigh
    “Nollaig Shúgach a dhaoine ísle agus Athshocrúchán faoi mhaise daoibh go léir”