Le clocha a thógtar caisleán scéil, ach ná déan dearmad ar an moirtéal!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Creid é nó na creid, ach tá a dtairbhe féin ag baint le habairtí ar nós, ‘Lá breá samhraidh a bhí ann agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch’

Le clocha a thógtar caisleán scéil, ach ná déan dearmad ar an moirtéal!

Roinnt blianta ó shin, ghlac mé páirt i bpainéal cainte faoi chúrsaí litríochta i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath. Spreag ceist ón urlár plé faoin bpróiseas eagarthóireachta. 

Mar fhreagra ar an gceist, léirigh mé dearcadh a bhí agam le blianta: gur cosúil an scríbhneoireacht leis an dealbhadóireacht. Tosaíonn an scríbhneoir le cloch mhór éagruthach – an chéad dréacht – agus, ag baint úsáid as an siséal atá i mbosca uirlisí an scríbhneora – an eochair ‘SCRIOS’ – léiríonn sé an dealbh a bhí i bhfolach sa chloch.

‘Tharlódh a mhalairt freisin,’ a dúirt Alan Titley, a bhí ar an bpainéal freisin, nuair a bhí mé críochnaithe. Léirigh sé an tuairim ansin go bhféadfadh saothar liteartha dul i méid le linn phróiseas na heagarthóireachta, ‘mar a bheadh péarla ann a d’fhásfadh timpeall ar ghráinne gainimh’.

Tá súil agam go bhfuil athfhriotal cruinn á dhéanamh agam ar Alan (mo leithscéal mura bhfuil!) ach ar chaoi ar bith, tháinig éirim a chuid cainte chun cuimhne an tseachtain seo agus tús á chur agam leis an eagarthóireacht ar an úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair.

Tá nós agam i bhfad barraíocht a scríobh agus an chéad dréacht de shaothar ar bith á chur ar phár agam. I gcás gach uile leabhar dár scríobh mé go dtí seo, bhí cloch mhór éagruthach agam ar dtús agus ní hé amháin gurbh éigean dom úsáid a bhaint as an siséal, ach as an sábh, an tua, an casúr agus an páipéar gainimh freisin chun an leabhar a bhí i bhfolach sa chéad dréacht sin a thabhairt chun solais.

Shíl mé go mbeadh an scéal mar an gcéanna i gcás an úrscéil atá á scríobh agam faoi láthair.

Ach níl.

Tar éis dom athléamh a dhéanamh ar an gcéad dréacht, mhothaigh mé go gcaithfeadh an t-úrscéal dul i méid, seachas i laghad, sa chéad bhabhta eagarthóireachta. Ní hiad an siséal, an sábh, an tua, an casúr agus an páipéar gainimh a bheadh ag teastáil uaim an iarraidh seo ach bealach oibre rúndiamhrach na n-oisrí agus na ndiúilicíní a ndearna Alan Titley tagairt dó.

Ní hé go raibh bearnaí móra sa scéal féin. Ach b’fhacthas dom go raibh bearnaí beaga contúirteacha idir na radharcanna éagsúla, idir na míreanna aicsin agus idir na míreanna cainte. Bhí sé ar nós go raibh mé tar éis caisleán a thógáil, ach go raibh dearmad déanta agam moirtéal a chur idir na clocha.

Ar eagla go gceapfá anois go bhfuil mé ar tí mo chuid meafar a mheascadh, níl sé i gceist agam péarlaí nó néamhann a chur idir clocha mo scéil in ionad moirtéil. Ní seodra liteartha atá in easnamh ach míreanna beaga a cheanglódh eachtraí móra an scéil lena chéile agus a mhoilleodh luas na hinsinte rud beag: cur síos socair, suaimhneach ar éadaí charachtar éigin, ar an couleur locale, nó fiú amháin ar an aimsir. 

Creid é nó na creid, ach tá a dtairbhe féin ag baint le habairtí ar nós ‘Lá breá samhraidh a bhí ann agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch’. Níl sé inmholta úsáid a bhaint astu chun tús a chur le píosa, ach líonfaidh siad poll sa lár!

Fág freagra ar 'Le clocha a thógtar caisleán scéil, ach ná déan dearmad ar an moirtéal!'