LÁITHREACH BONN: D’fhéadfadh Eorpaigh eile ceacht nó dhó a fhoghlaim ó na Romaigh

Cé nach go rómhaith a thuigeann muintir na hÉireann agus an chuid eile de mhuintir na hEorpa é is eiseamláir den Eorpachas na Romaigh

LÁITHREACH BONN: D’fhéadfadh Eorpaigh eile ceacht nó dhó a fhoghlaim ó na Romaigh

Is iad na Romaigh an eitneacht mhionlaigh is mó daonra san Eoraip. Meastar go bhfuil idir deich agus 12 milliún Romach scaipthe ar fud na hilchríche. Astu sin, tá thart ar sé mhilliún ina gcónaí san Aontas Eorpach. Ní féidir, áfach, a bheith go hiomlán cinnte faoi na figiúirí sin. Ar chúiseanna polaitiúla, oireann sé do dhreamanna áirithe go mbeadh níos mó nó níos lú Romach ann go hoifigiúil.

Is cosúil gur deacair fiú a rá cé hiad na Romaigh go baileach. Maíonn an Coimisiún Eorpach gur ‘scáth-théarma’ é ‘Romaigh’ a chuimsíonn grúpaí éagsúla, cuir i gcás Romaigh, Sintígh, Kale, Romanichel, Boyash/Rudari, Aisceailígh, Éigiptigh, Léinigh, Dom, Lom, Rom agus Abdal, chomh maith le dreamanna den Lucht Siúil (gens du voyage, Giofóga, Camminanti, etc.). Ach an féidir glacadh le sainmhíniú chomh scaoilte sin?

Áitíonn feachtasóirí áirithe ar son chearta sibhialta na Romach nach bhfuil sa téarma gens du voyage, mar shampla, ach lipéad a úsáideann rialtais áitiúla le cur síos a dhéanamh ar dhaoine nach bhfuil seoladh baile buan acu, agus nach bhfuil aon bhaint aige sin le heitneacht an duine dá bharr.

Cibé scéal é, san iarthar, is é dearcadh ginearálta an phobail ar na daoine seo ar a nglaoitear na ‘Romaigh’ ná gur dream iad a aistríonn ó áit go háit agus a bhfuil fréamhacha a gcultúir le fáil in Oirthear na hEorpa. Murab ionann agus an tuairim choitianta, is féidir a chur in iúl go bhfuil dhá thrian de na Romaigh lonnaithe go buan in oirdheisceart na hEorpa, sa réigiún ina bhfuil an Romáin, an Bhulgáir, an Ungáir, an tSlóvaic, an tSeirbia, Montainéagró, an Chosaiv, agus an Mhacadóin.

Tá ar a laghad cúig mhilliún díobh ina gcónaí sa réigiún sin; sin  idir 4-11% de dhaonra iomlán na dtíortha sin. Anuas air sin, meastar go bhfuil milliún eile Romach ag cur fúthu sna tíortha ar imeall an réigiúin: Poblacht na Seice, an Ghréig, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Tuirc, an Chróit, an Mholdóiv, agus an tSlóivéin.

Ó thaobh fréamhacha de, áfach, baineann cultúr na Romach le hiarthuaisceart na hIndia. Cé gur cnámh spairne é i measc staraithe cén tréimhse go díreach ina gcuirtear tús le scéal na Romach san Eoraip (sa Mheánaois Dhéanach, de réir an taighde is deireanaí), glacann a bhformhór mór gur teanga Ind-Airianach a dteanga dhúchais, an Roimis. Labhartar canúintí den teanga seo i measc gach pobal Romach san Eoraip agus is í an teanga, níos mó ná aon tréith eile dá gcultúr, a chothaíonn an nasc is láidre idir na pobail scaipthe seo.

Tá feachtais ar bun ag intleachtóirí Romacha le dhá scór bliain anuas chun stair agus oidhreacht chultúrtha a bpobail san Eoraip a athshealbhú. Le blianta beaga anuas tá rogha fhairsing staidéar á foilsiú faoi ghnéithe éagsúla de scéal na Romach: leabhair staire agus teangeolaíochta, aistí critice agus cultúir, cnuasaigh litríochta sa bhunteanga agus aistriúcháin den litríocht i dteangacha eile na hEorpa. Tá lear mór suíomhanna gréasáin ar an idirlíon ar a bhfuil réimse leathan acmhainní eolais don lucht léinn agus don ghnáthphobal. Tá gluaiseacht ar bun fiú chun an teanga scríofa a chaighdeánú agus ábhar léitheoireachta nuálach á chur ar fáil sa Roimis do leanaí agus don aos óg.

Ach mar a deireann duine de na feachtasóirí is mó tionchar i saol intleachtúil na Romach, an tOllamh Ian Hancock, is baolach gur dallamullóg a bheidh sna hiarrachtaí seo ar fad mura dtugtar aghaidh ar fhírinne pholaitiúil agus shóisialta na Romach san Eoraip go práinneach. Cén mhaith go deimhin atá leis an obair iontach intleachtúil seo ar fad má tá ceathrar as gach cúigear Romach ‘beo bocht’? Tá fostaíocht, oideachas agus traenáil de dhíth ar dhá thrian den aosghrúpa 16-24 bliana, agus cuid mhór acu gan léamh ná scríobh.

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach plean straitéiseach nua le deireanas ina dtugtar gealltanas cúrsaí sláinte, oideachais, tithíochta agus fostaíochta na Romach a fheabhsú idir seo agus 2030. Sa bhféinmheasúnú a rinne an Coimisiún ar an an gcéad phlean straitéiseach – 2011-2020 -admhaíodh gur fánach an dul chun cinn atá déanta sna Ballstáit leis na Romaigh a imeascadh sa tsochaí, de bharr “nádúr neamhcheangailteach” an phlean. De réir an European Roma Rights Centre, eagraíocht atá ag troid ar son chearta na Romach, ní bheidh éifeacht ar bith le haon straitéis den chineál seo fad is nach gcuirtear na Ballstáit faoi cheangal dlíthiúl na gealltanais sin a chur i bhfeidhm.

Ag cáineadh na straitéise nua go trom, deir an ERRC gur beag an aird atá tugtha inti ‘ar na fadhbanna is mó atá ag cur as do shaoránaigh Romacha an AE: an bhrúidiúlacht ó phóilíní, easpa rochtana ar an gceartas, deighilt daltaí scoile ar bhonn eitneachta, srl.’. Rud amháin ab ait liom féin agus mé ag léamh tríd an straitéis nua ná nár luadh an Roimis oiread is uair amháin ann, amhail is nach samhlófaí ceangal ar bith a bheith ann idir teanga dhúchais ar a laghad ar bith 0.5 milliún saoránach Romach den AE agus na trí cholún ar a bhfuil an straitéis bunaithe—an comhionannas, an t-ionchuimsiú, agus an rannpháirtíocht.

Is í an fhadhb is mó, áfach, dar le Hancock, ná nach bhfuil a fhios go fóill ag formhór na Romach cé hiad féin, ná cárb as díobh. “Nílimid in ann a chur in iúl do na neamhRomaigh go bhfuil féiniúlacht dár gcuid féin againn,” a deir sé. “Ligean sé sin dóibhsean ár bhféiniúlacht a láimhsiú agus cibé lipéad gur mian leo a ghreamú dínn. Ba mhaith linn páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí ach ag an am céanna teastaíonn uainn smacht a choinneáil ar ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht féin. Ní thuigeann na rialtais náisiúnta an méid sin.”

Seo pobal mionlaigh atá lonnaithe san Eoraip leis na céadta bliain, a tháinig tríd an sclábhaíocht, na pograim, an tUileloscadh, a d’fhulaing agus a fhulaingíonn fós an fuath, an ciníochas, an foréigean agus an leithcheal.

Níor thosaigh na Romaigh cogadh riamh, níor bhunaigh siad rialtas ná níor chuir siad aon phobal eile faoi chois. Déanann siad neamhaird de theorainneacha agus de dhioscúrsa biogóideach na náisiún. Ní thugann siad dílseacht d’aon stát ar leith, agus d’ainneoin na gcéadta míle a scaireann pobal amháin díobh ó phobal eile go minic, léiríonn siad comhbhá agus tuiscint dá chéile. D’fhéadfaí a rá gurb iadsan, níos mó ná aon dream eile, an eiseamláir den Eorpachas. Nach bhfuil sé in am deis a thabhairt dóibh a scéal a insint ina gcuid focal féin agus cluas ghéar éisteachta a thabhairt dóibh? B’fhéidir go bhféadfadh muidne, na hEorpaigh eile, ceacht nó dhó a fhoghlaim uathu.

Scríbhneoir é Rua Breathnach. Tá sé ina chónaí sa Bhruiséil. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: D’fhéadfadh Eorpaigh eile ceacht nó dhó a fhoghlaim ó na Romaigh'