Laigí na gCat sa líne lánchúil agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim an deireadh seachtaine seo

Idir láidreacht an Chláir i measc a gcuid tosaithe agus an mearbhall idir Joey Holden agus Eoin Murphy i gcosaint Chill Chainnigh, is beag seans a bhí ag na Cait ar an Domhnach

John Conlon (An Clár) ag scóráil cúl in aghaidh Eoin Murphy agus Joey Holden (Cill Chainnigh). INPHO/James Crombie
John Conlon (An Clár) ag scóráil cúl in aghaidh Eoin Murphy agus Joey Holden (Cill Chainnigh). INPHO/James Crombie

Easpa muiníne i líne lánchúil Chill Chainnigh

Beidh deachuimhne ag Joey Holden ar 2015 agus a chéad bhliain mar lánchúlaí Chill Chainnigh. Tugadh geansaí uimhir a trí dó tar éis do JJ Delaney éirí as agus chroch Holden suas Corn Mhic Chárthaigh mar chaptaen na gCat ag deireadh na bliana. Léirigh cluiche an lae inné áfach, go bhfuil sé féin agus na himreoirí timpeall air fós ag dul i dtaithí air sa ról nua seo.

Ba mhearbhall idir Holden agus a chúl báire, Eoin Murphy ba chúis leis an gcéad agus leis an tríú cúl a scóráil an Clár i Staid Semple. Faoi dhó, sheol an Clár pasanna móra fada i dtreo an chúil agus faoi dhó tháinig Murphy sa mhullach ar Holden agus an bheirt acu ag iarraidh an liathróid a ghlanadh amach. Dá mba Delaney a bhí ann i gcónaí, shamhlófá go mbeadh dóthain muiníne ag Murphy as go bhfágfadh sé an cúram faoin lánchúlaí ach is léir nach bhfuil an mhuinín chéanna aige as Holden fós.

Laige is ea é sin a bheidh tugtha faoi deara ag na foirne eile timpeall na tíre agus ní mór do Chill Chainnigh réiteach a fháil ar an scéal.

Conor McGrath tar éis dó cúl a scóráil in aghaidh Chill Chainnigh. INPHO/Ryan Byrne
Conor McGrath tar éis dó cúl a scóráil in aghaidh Chill Chainnigh. INPHO/Ryan Byrne

Crúba níos géire ar an gClár ná mar atá ar na Cait

Cé go raibh an cáineadh a rinne Ger Loughnane ar fhoireann Chill Chainnigh beagáinín róshimplí, bhí an ceart aige nuair a dúirt sé go mbraitheann siad an iomarca ar TJ Reid agus ar Richie Hogan. Dhírigh cosantóirí an Chláir ar an mbeirt sin i nDurlas inné agus bhain siad tairbhe as an tseift. Níor aimsigh Reid Hogan, iománaithe na bliana le dhá bhliain anuas, ach pointe an duine ón imirt.

A mhalairt a bhí fíor i gcás thosaithe an Chláir a bhí ar fheabhas ar fad. Thug Aaron Cunningham an taispeántas is fearr fós uaidh agus 2-3 aimsithe aige ón imirt agus léirigh an cúl a fuair Conor McGrath gurb é ceann de na tosaithe is fearr sa tír é nuair atá sé i mbarr a mhaitheasa. D’aimsigh Tony Kelly agus Podge Collins ceithre phointe eatarthu agus iad ag teacht ar ais ó ghortaithe. Agus sin gan trácht a dhéanamh ar Shane O’Donnell.

Ar ndóigh, bhí Eoin Larkin agus Colin Fennelly in easnamh ar Chill Chainnigh ar an Domhnach ach, faoi láthair, breathnaíonn sé go bhfuil níos mó roghanna i measc na dtosaithe ag Davy Fitzgerald ná mar atá ag Brian Cody.

Imreoirí Mhaigh Eo ag ceiliúradh tar éis dóibh Baile Átha Cliath a shárú sa Chraobh Faoi-21. INPHO/Donall Farmer
Imreoirí Mhaigh Eo ag ceiliúradh tar éis dóibh Baile Átha Cliath a shárú sa Chraobh Faoi-21. INPHO/Donall Farmer

Tús maith ag teastáil don Chraobh Faoi-21

Tá Maigh Eo agus Corcaigh tagtha slán ó na cluichí leathcheannais sa Chraobh Faoi-21, ba mhó caint a rinneadh faoi thodhchaí an chomórtais ná faoin gcluiche ceannais féin. Ag Comhdháil CLG ag tús na bliana, tógadh an cinneadh deireadh a chur leis an gCraobh Faoi-21 ó 2018 ar aghaidh ar mhaithe le himreoirí óga a chosaint ón traochadh.

Is mór an chailliúint í an Chraobh Faoi-21 mar aithnítear gurb í ceann de na comórtais CLG is fearr atá ann faoi láthair, murab í an ceann is fearr ar fad. Bhí sé sin soiléir arís ar an Satharn agus dhá choimhlint bhreátha le feiceáil i bPáirc Uí Chonchúir i dTulach Mhór.

Is cúis imní é do lucht leanúna an chomórtais chomh maith nach mbeidh imreoirí idirchontae sinsear in ann páirt a ghlacadh ann feasta. Mar shampla, chuaigh taispeántas Dhiarmuid O’Connor do Mhaigh Eo ar an Satharn i gcion go mór ar dhaoine ach de réir rialacha na craoibhe nua, ní bheidh cead ag leithéid O’Connor imirt sa chomórtas.

Ní féidir measúnú ceart a dhéanamh ar an gcraobh nua go fóill ach mura gcuirtear tús maith leis is cinnte go dtreiseofar ar an gclamhsán.

Imreoirí Luimneach i ndiaidh an chluiche in aghaidh Phort Lairge. INPHO/Ryan Byrne
Imreoirí Luimneach i ndiaidh an chluiche in aghaidh Phort Lairge. INPHO/Ryan Byrne

Luimneach fós ag fanacht ar an gcéad chéim eile a thógáil

Sa chluiche is mó a bhí acu i mbliana, theip ar Luimneach nuair a tháinig an crú ar an tairne. In aghaidh an Chláir bhí siad ag snámh in aghaidh easa ón uair a cuireadh Barry Nash ón bpáirc díreach roimh leatham, ach beidh díomá ar TJ Ryan faoi cé chomh bog is a ghéill a fhoireann sa dara leath ar an Domhnach in aghaidh Phort Láirge.

Bhí Luimneach pointe chun cinn ar na Déisigh ag leath-am, 0-12 in aghaidh 0-11, ach, bhí i bhfad níos mó fuinnimh ag Port Láirge sa dara leath. D’aimsigh foireann Derek McGrath 1-5 sa chéad deich nóiméad den dara leath sin agus gan ach pointe amháin ag Luimneach le linn na tréimhse céanna.

Fiú nuair a d’éirigh le Luimneach an farasbarr a laghdú go dtí trí phointe agus deich nóiméad fágtha, lig siad do Phort Láirge éalú uathu arís. 1-6 a d’aimsigh na Déisigh sa tréimhse sin agus gan ach pointe amháin faighte ag Luimneach roimh chúl Shane Dowling in am gortaithe.

Níorbh aon chabhair dóibh na cluichí aontaobhacha a bhí acu i Roinn 1B ach tá an chraobh ag druidim linn agus ní dhéanfaidh aon ghaisce dá ndearna Luimneach ann maitheas ar bith mura bhfuil siad in ann do dhéine na himeartha ag leithéidí Phort Láirge.