Tháinig laghdú don dara daonáireamh as a chéile ar líon na bhfoirmeacha a líonadh i nGaeilge.
De réir eolais a thug an Phríomh-Oifig Staidrimh do Tuairisc.ie 7,557 foirm a líonadh i nGaeilge i nDaonáireamh 2022. B’ionann sin agus 0.39% de na foirmeacha ar fad a líonadh.
8,078 (0.44%) d’fhoirmeacha Dhaonáireamh 2016 a líonadh i nGaeilge, laghdú ó 2011 nuair a líonadh 8,676 (0.48%) foirm i nGaeilge.
Fágann sin gur tháinig laghdú 12.9% ar líon na bhfoirmeacha daonáirimh a líonadh i nGaeilge idir 2011-2022.
Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais 6.8% idir 2011-2016 agus thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht 12.6% sa tréimhse chéanna.
De réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí, a foilsíodh an tseachtain seo caite, 71,968 duine sa stát a thug le fios i mí Aibreáin 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 1,835 duine ar an 73,803 a dúirt amhlaidh in 2016.
Ba é seo an dara daonáireamh as a chéile inar tuairiscíodh laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla.
Laghdú eile ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa stát agus sa Ghaeltacht – daonáireamh
De réir threoirlínte na Príomh-Oifige Staidrimh, ba chóir go gcuirfeadh áiritheoirí an Daonáirimh ceist ar gach duine cé acu ba rogha leo an Daonáireamh a líonadh as Gaeilge nó as Béarla agus ba chóir go gcuirfí rogha leagan Gaeilge na foirme ar fáil do gach teaghlach nuair a thagann na háiritheoirí chuig an doras.
Tá iarrachtaí déanta ag Conradh na Gaeilge san am a caitheadh tuilleadh daoine a spreagadh chun foirm an daonáirimh a líonadh i nGaeilge. In 2016 an sprioc a bhí acu ná go líonfadh os cionn 10,000 duine an fhoirm i nGaeilge ach is i laghad atá líon na bhfoirmeacha a líontar i nGaeilge imithe ó shin.
Deir Conradh na Gaeilge gurbh fhearr foirmeacha dátheangacha á ndáileadh chun é a dhéanamh níos éasca ar dhaoine an Ghaeilge a roghnú.
Sionnach
Fágadh foirm i mBéarla amháin ag mo theach. Bhí orm glaoch ar ais orthu lê foirm Gaeilge a fháil. I mo chonaí sa nGaeltacht. Is dóigh gur tharla an rud céanna leis na comharsana eile.
Siobhán
Níor dáileadh iad. Dáilitheoirí le neamhaird ar an nGaeilge ag brú foirmeacha Béarla sa Ghaeltacht. Déanadh gearán agus cuireadh ina cheart é. Dáilitheoir ina chónaí i gceantar Gaeltachta a bhí i gceist. Neamheolach agus aineolach an cur síos is fábharaí ar a gcur chuige i ndáileadh na bhfoirmeacha. Cé mhéad teach eile gur déanadh amhlaidh leo sa Ghaeltacht? Go leor is léir!
Colmcille Ó Monacháin
Foirm Bhéarla a fágadh ag mo theach. B’éigean dom foirm Ghaeilge a iarraidh ar an Phríomh-Oifig Staidrimh. Níor mhiste cuntas a iarraidh ar an Oifig sin ar an méid iarratas den chineál sin a fuair sí. Ar ndóigh is maith atá a fhios ag lucht na hOifige sin cén réiteach atá ar an fhadhb – foimeacha dátheangacha a scaipeadh.
Maire Blundell
Ba chòir foirmeacha dàtheangacha a scaipeadh, ach tà drogall ar an phobal na foirmeacha a lìonadh isteach trì ghaeilge mar tà na ceisteanna saghas casta ar aon nòs. Bhì mise ag tabhiart amach na bhfoirmeacha I 2022 I mBaile Atha Cliath, ach nì raibh ach trì foirmeacha òn 300 tugadh amach.
Pól Ó Braoin
Foirm bhéarla a thugtar dúinn i gcónaí. Ní bhíonn rogha ar bith Gaeilge ann.
KH
Cé is moite den fhadhb atá tarraingthe anuas ag an triúr romham, tá deacracht ann i leith chineál na Gaeilge a bhíonn le léamh ar an bhfoirm daonáirimh, feiniméan a pléadh cheana ar an suíomh seo (thíos). Ní léifear Gaeilge dhothuigthe nach réitíonn le canúint na háite.
https://tuairisc.ie/caithimis-uainn-an-aistriuchainis-gaeilge-agus-bimis-ag-caint-go-nadurtha/
https://tuairisc.ie/fag-an-fata-ag-coilin-agus-lig-do-bhran-e-a-chuartu-10-n-aitheanta-an-chaighdeain-oifigiuil/
An Sléibhteoir
D’iarras ar an leaid a tháinig chugainn an raibh aon fhoirmeacha Gaelainne aige.
Chuaigh sé dá lorg ina mhótar ach bhí dearmad déanta aige iad a thabhairt leis.
jpmorley0@gmail.com
Lorgaíos foirm Ghaeilge freisin agus tugadh dom í t’réis scaithimh fhada moilleadóireachta. Ní fhágann sin gur líon mé isteach í áfach!
Cordelia Nic Fhearraigh
Bhí ganntanas áiritheoirí ann i dTír Chonaill agus is foirmeacha Béarla a bhí a dháileadh sna ceantracha siúd nach raibh áiritheoir acu. Bhí mé féin i m’áiritheoir anuraidh agus bhí ganntanas foirmeacha Gaeilge ann. Fuair mé 3 fhoirm Ghaeilge agus bhí orm 30 eile a iarraidh – agus bhí siad uilig a dhith.
Níl daoine ábalta na foirmeacha Béarla a líonadh isteach mar is ceart gan labhairt ar na cinn Gaeilge. D’iarr cúpla duine an leagan Gaeilge ach nuair a chuaigh mé ar ais lena dtógáil cha raibh siad líonta isteach acu. Níor thuig siad an Ghaeilg orthu a dúirt siad. Bhí orm suigh leo agus an fhoirm a líonadh leo – i nGaeilg. Ach cá mhéad áiritheoir eile a rinne amhlaidh? An raibh an Ghaeilg acu le cuidiú leis an saoránach an fhoirm Gaeilge a líonadh isteach?
Tá leaganacha den fhoirm daonáirimh i dteangacha eachtrannacha eile – suas le 20 teanga eile – agus tá na ceisteanna uilig leagtha amach ar bhileoga eolais go díreach mar atá siad ar na foirmeacha Gaeilge agus Béarla. Bíonn ar eachtrannaigh, mar sin, an fhoirm a líonadh isteach agus iad ag úsáid treoirbhileog ina dteanga dúchais féin! Mhol mé treoirbhileog Béarla don Ghaeltacht agus go líonfadh achan saoránach sa Ghaeltacht an leagan Gaeilge isteach – le cuidiú ón treoirbhileoig Bhéarla. Fuair mé suas le 10 fótachóip den leagan Béarla agus thug mé iad daofa siúd gur mian leo an leagan Gaeilge den fhoirm a líonadh isteach ach a bhí amhrasach fá na téarmaí Gaeilge air.
Tá’n t-eolas uilig ar líne chun cuidiú leat an fhoirm daonáirimh a líonadh isteach – ach ní achan duine atá eolach ar an ríomhaire – go háirithe na seanóirí.
Aontaím gur cheart na foirmeacha bheith dátheangach agus tús áite ag an Ghaeilg orthu. B’fhéidir go spreagfadh sé daoine le níos mó meas bheith acu ar ár dteanga dúchais agus í níos feiceálaí – agus b’fhéidir í a chleachtadh!
Leoga, ba cheart d’achan fhoirm ón stáit bheith dátheangach faoin am seo!
Bríd
Fágadh foirm i mBéarla ag mo theachsa. Lorgaíos leagan Ghaeilge láithreach, agus bhailíodar an ceann Béarla. Ach níor tháinig sé go lá an daonáirimh.
Faoin dtráth sin, toisc gur cheapas nach mbeadh aon fhoirm sa tigh, chuas le fanacht i dtigh mo mhuintire agus chomhairíodh mé ina dteaghlach siúd. B’shin an chéad uair ó bhíos im’ pháiste nár líonas m’fhoirm féin isteach.
Bhí seachtainí acu le foirm a chur chugam, agus níor éirigh leo. Sin slí amháin le fáil réidh le seirbhís, is dócha: ligint orthu go bhfuil titim níos mó i líon na ndaoine ag éileamh seirbhíse ná mar atá.
Cén fáth nach féidir le gach dáileoir foirmeacha Ghaeilge a bheith acu (1% Gaeilge, 99% Béarla) agus iad ag déanamh na rounds? Agus b’fhéidir céatadán níos airde sna ceantracha Gaeltachta. Ba dheas mura mbeadh orainn “glacadh” le leagan Gaeilge, nó dul go teaghlach Ghaeilge eile le bheith áirithe ansin.