‘Labhair Gaeilge liom inniu… agus gach lá ina dhiaidh sin’ – blaiseadh d’imeachtaí ‘Gaeilge24’ ó scoileanna ar fud na tíre

Feachtas bliantúil de chuid Chonradh na Gaeilge é Gaeilge24 a mbíonn sé mar aidhm aige daoine a spreagadh an Ghaeilge a labhairt ar feadh '24 uair an chloig' taobh amuigh den seomra ranga. Seo blaiseadh de 'Gaeilge 24' 2018, a bhí ar siúl inné

‘Labhair Gaeilge liom inniu… agus gach lá ina dhiaidh sin’ –   blaiseadh d’imeachtaí ‘Gaeilge24’ ó scoileanna ar fud na tíre

Daltaí na chéad bhliana ó Ghaelscoil Luimnigh ag baint sult as #Gaeilge24

Deirtear gur 32,000 dalta ó 340 scoil ar fud na hÉireann a ghlac páirt i ‘ndúshlán Gaeilge24’ inné, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge, ar mhaithe le daoine a spreagadh chun an Ghaeilge amháin a úsáid ar feadh 24 uair an chloig.

Cuireadh tús ceolmhar agus deireadh milis le himeachtaí ‘Gaeilge24’ i Scoil Náisiúnta Tombrack i Loch Garman.

Ghlac cailíní Scoil Ráth an Dúin i mBaile Átha Cliath go fonnmhar leis an dúshlán chomh maith.

D’eagraigh daltaí ardteiste as Scoil Naomh Daithí, na Clocha Liatha, ciorcal comhrá agus caife agus cluiche sacair sa scoil do #Gaeilge24.

Eagraíodh díolachán cácaí i bPobalscoil Chionn tSáile.

Bhí lón blasta Gaelach  ag daltaí de chuid Phobalscoil Neasáin i mBaile Dúill i mBaile Átha Cliath.

Bhain daltaí Scoil Náisiúnta Naomh Attracta i mBaile Chathail, Contae Mhaigh Eo, súp as a bheith ag Gaeilgeoireacht freisin.

Bhain scoileanna thuaidh agus theas sásamh as an lá, ina measc Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg i gcontae an Dúin.

Bhí lucht Scoil Bhailenóra i gCorcaigh i mbun scléipe chomh maith.

Bhí tóraíocht taisce i nGaeilge ar bun i gColáiste Chill Chainnigh don lá agus d’fhoghlaim daltaí i Scoil na Toirbhearta, Trá Lí, Amhrán na gCupán.

Chuaigh an lá i bhfeidhm chomh mór sin ar dhalta scoile amháin, gur impigh sí ar dhaoine Gaeilge amháin a labhairt léi feasta.

Labhair gaeilge liom inniu… agus gach lá ina dhiaidh sin más féidir ? #Gaeilge24 pic.twitter.com/x2rr5yadU2

Ní daltaí scoile amháin a ghlac páirt i ‘Gaeilge24’. Bheartaigh bean amháin, atá ina cónaí i Londain, an Ghaeilge á úsáid ar Twitter don lá agus í ag tacú leis an iarracht.

Idir an dá linn, rinne Seán Ó hAdhmaill iarracht gnólachtaí ‘le Gaeilge’ a aimsiú san ardchathair agus bhí céilí mór ar siúl i gcontae an Chabháin.

Fág freagra ar '‘Labhair Gaeilge liom inniu… agus gach lá ina dhiaidh sin’ – blaiseadh d’imeachtaí ‘Gaeilge24’ ó scoileanna ar fud na tíre'