Lá stairiúil i ndán do ghrúpa speisialta peileadóirí Ghaoth Dobhair

Labhair Tuairisc.ie le Tom ‘Beag’ Mac Giolla Easpaig, bainisteoir Ghaoth Dobhair a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais Faoi-21 Uladh Dé Domhnaigh, an chéad uair ag aon fhoireann ón gcumann cluiche ceannais cúige a bhaint amach

Lá stairiúil i ndán do ghrúpa speisialta peileadóirí Ghaoth Dobhair

Agus tú i do bhainisteoir ar fhoireann atá ag triall ar chluiche ceannais an chúige den chéad uair i stair an chumainn, is cinnte go mbeadh tú ag iarraidh aire na huibhe a thabhairt do do chuid imreoirí ar fad. Ach sin rogha nach bhfuil ag bainisteoir Faoi-21 Ghaoth Dobhair, Tom ‘Beag’ Mac Giolla Easpaig.

Tá foireann Mhachaire Gathlán ag imirt in aghaidh Leamhaí Dhoire i gcluiche ceannais Faoi-21 Uladh Dé Domhnaigh ach ní haon iontas go mbeadh an-tóir ar an ngrúpa imreoirí cumasacha atá faoi bhainistíocht Mhic Giolla Easpaig.

Tráthnóna, d’imir fear lár na páirce Ghaoth Dobhair, Micheál Carroll d’Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn i gcluiche leathcheannais Chorn Trinse agus ní hé Carroll an t-aon fhear ó Ghaoth Dobhair a bhfuil dualgais eile ar na laethanta seo, mar a mhíníonn Mac Giolla Easpaig.

“Tá Dáire Ó Baoill ar phainéal Declan Bonner do chluiche ceannais Chorn Mhic Cionnaith in éadan Thír Eoghain oíche amárach fosta. Déarfainn go bhfaighidh sé am ar an bpáirc sa chluiche sin agus arís beidh muid ag súil nach mbainfidh aon ghortú dó.”

Agus imreoirí ag iarraidh áit a fháil ar fhoireann an chontae, deir Mac Giolla Easpaig nach féidir leis mórán a dhéanamh ach ligean leis na himreoirí seo, ach is cinnte nach bhfuil aon ghá dó imní a bheith air faoi dhílseacht na n-imreoirí seo dá gcumann.

Coicís ó shin, bhí cluiche leathcheannais Ghaoth Dobhair i gcomórtas Uladh agus cluiche Dhún na nGall in aghaidh na Gaillimhe sa tSraith Náisiúnta socraithe don tráthnóna céanna. Bhí súil ag bainisteoir an chontae, Declan Bonner, go mbeadh Micheál Carroll aige do chluiche na sinsear ach nuair a caitheadh an liathróid isteach i Leitir Ceanainn, is in Aontroim a bhí Carroll ag dul chun páirce agus geansaí Ghaoth Dobhair air.

“Bhí sé ag iarraidh imirt don chlub agus rinne sé cinneadh mór an lá sin. Tá a chroí istigh sa chlub agus tá peil iontach á himirt aige faoi láthair,” a deir Mac Giolla Easpaig.

“Bhí muid ag caint le Declan Bonner i rith na seachtaine agus bhí seisean ag rá go raibh sé ag iarraidh Mhichíl. Ní raibh mórán a thiocfadh linn a dhéanamh faoi sin ach rinne Micheál féin an cinneadh go raibh sé chun imirt don chlub.”

Seans gurb é a spreag Carroll, agus atá ag spreagadh Ghaoth Dobhair san fheachtas seo, ná an briseadh croí a bhí i ndán dóibh sa chomórtas céanna anuraidh. Bhí siad sé phointe chun cinn ar fhoireann Mhachaire Rátha, An Gleann, i gcluiche leathcheannais 2017 ach chlis orthu sa dara leath.

Dar leis an mbainisteoir gur fhoghlaim a chuid imreoirí go leor ón chailliúint sin agus go bhfuil siad ag anois iarraidh cúrsaí a chur ina gceart.

“D’aithin siad anuraidh go raibh an caighdeán acu. Bhain An Gleann an comórtas le trí bliana roimhe sin agus ba iad an fhoireann a bhí le bualadh. Chonaic Gaoth Dobhair anuraidh go raibh siad chomh maith leis An Ghleann agus thug sé sin misneach dóibh craobh an chontae a bhuachan arís agus dul ar ais agus iarracht a dhéanamh Craobh Uladh a bhaint i mbliana.”

Foireann Faoi-21 Ghaoth Dobhair. Pictiúr: CLG Ghaoth Dobhair/Facebook.com

Cinnte, is grúpa speisialta an dream seo atá tagtha chun cinn i nGaoth Dobhair le roinnt blianta anuas. Tá craobhacha an chontae buaite acu ag gach leibhéal ó Faoi-14 ar aghaidh agus áit bainte amach ag cuid mhaith díobh ar fhoirne an chontae. Bhí seisear ar phainéal mionúr Dhún na nGall a shroich cluiche ceannais na hÉireann in 2014 agus seachtar ar phainéal na foirne Faoi-21 a bhuaigh Craobh Uladh anuraidh.

Tá an-chuid oibre déanta ag Gaoth Dobhair ar a struchtúr faoi aois le breis agus deich mbliana anuas agus deir Mac Giolla Easpaig go bhfuil a thoradh sin le feiceáil anois.

“Tháinig an fhoireann seo tríd an gcóras sin agus tá siad liom ó Faoi-12. Bhí cuid mhór oibre le déanamh againn leo ag an am sin. Buaileadh go dona muid Faoi-12 agus dtí Faoi-14. Ghlac sé, b’fhéidir, trí bliana orainn dul suas chomh fada le Naomh Adhamhnáin agus iad sin a bhualadh. Ó shin, tá an fhoireann seo ag feabhsú.”

Luann Mac Giolla Easpaig an taithí atá anois ag na himreoirí uile ar chluichí móra a bhuachan agus ní hiad siúd a bhfuil aitheantas faighte acu leis na foirne contae amháin a mholann sé.

“Cuireann muid béim mhór air go bhfuil an luach céanna ar achan imreoir atá againn. Tá sé sin tábhachtach dúinn sa chumann seo,” a deir bainisteoir na foirne.

“Cinnte, thuas i gCraobh Uladh, d’úsáid muid an painéal iomlán. Bhí cuid mhór imreoirí in easnamh orainn sna trí chluiche; Cian Mulligan, Ciarán Mac Giolla Easpaig, Conor Ó Baoill, Séamus Ó Baoill, Aodán Ó Fearraigh agus Micheál Ó Gallchóir. Bhí muid in ann daoine a thabhairt isteach agus bhí siad in ann an córas a imirt. Tá caighdeán ard ag achan imreoir.”

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann láidir Leamhaí, beidh gach uile imreoir ag teastáil agus foireann seo Ghaoth Dobhair anois ag iarraidh a lorg féin a fhágáil ar an stair.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil i ndán do ghrúpa speisialta peileadóirí Ghaoth Dobhair'

  • Jamie Ó Tuama

    Go n-éirí leo!