Dá n-iarrfainn ort ainm a chur ar an dá thír ina bhfaighfeá na staideanna is mó a bhfuil áit do dhaoine iontu, níl mé cinnte an mbeadh an freagra ceart agat. Ní raibh agam féin.
Faoi láthair is san India is mó atá daonra. 1.428 billiún – trí mhilliún níos mó ná atá sa tSín. San India freisin atá fáil ar an staid is mó, áit suí ag 132,000 lucht féachana ar chluiche cruicéid sa Narendra Modi in Ahmedabad ar chósta thiar na tíre. Os cionn 5 mhilliún atá sa gcathair sin, an cúigiú ceann is mó sa tír.
Aisteach go leor, ainneoin méid na Síne, níl ach dornán beag staideanna ansiúd a dtiocfadh fiú leath an méid sin isteach iontu. Le fíorghairid a tháinig tóir ar an sacar ansiúd agus go deimhin is beag an tóir atá ar aon cheann eile de na cluichí páirce foirne sa tír. Is í an leadóg bhoird an cluiche náisiúnta, an badmantan agus na healaíona troda ina ndiaidh siúd aniar.
Is beag gá atá acusan le foirgnimh ollmhóra.
Sin ráite, ní féidir traidisiún láidir cluichí foirne a lua ach an oiread leis an tír ina bhfuil an dara staid is mó ar domhan – i Pyongyang sa Chóiré Thuaidh atá sí siúd – áit ag 115,000 inti. Feicim gurb í an choraíocht, an tarbhchomhrac agus an eitleogaíocht atá luaite le cluichí dúchasacha na tíre sin, mar aon le Taekwondo. Ar bheirt a bhí thar a bheith oilte san ealaín sin bhí bunaitheoir na tíre Kim Il Sung agus a chomharba Kim Jong Il.
Ba chróga an maor a thabharfadh breith ina gcoinne, déarfainn!
I Stáit Aontaithe Mheiriceá atá na 8 staid a leanann an péire sin ó thaobh tinrimh, chuile cheann acu in ann áit suí a thabhairt do bhreis agus 100,000 duine.
Ní mórán ábhar iontais gur ansiúd a bheidís – an ceann is mó in Anne Arbor Michigan (107,600) agus an ceann is lú i Tuscaloosa Alabama (100,070).
Ach is réchúiseach an duine tú mura mbainfidh sé cor éicint asat nuair a deirim leat nach mbíonn pingin rua tuarastail ag dul d’aon duine díobh siúd a imríonn i gceachtar de na háiteacha sin agus, ainneoin os cionn 100,000 duine a bheith i láthair i chuile cheann acu, go mbíonn costas nach bhfágfadh pingin ná bonn agat as $100 agus $250 ar fhormhór na dticéad. I bhfad níos mó ar chuid acu.
Cén t-údar atá leis mar sin go dtarlaíonn a leithéid sa tír inar saolaíodh an ‘dollar uilechumhachtach’?
Traidisiún pheil na n-ollscoileanna a imrítear ansiúd an freagra atá ar an gceist sin. Spórt í sin atá á himirt le os cionn 160 bliain, an ceann a réitíonn an bealach don NFL, áit a saothraíonn imreoirí $830,000 sa mbliain ar meán.
Chomh fada agus a bhain sé le hairgead, bhí rialacha thar a bheith docht i gceist in imirt na gcoláistí ó d’imir Princeton agus Rudgers a chéile in 1869.
I mbeagán focal, ní raibh cead glacadh le cent. Fuair an mac léinn a chuid oideachais in aisce agus amanna a gcuid. Thairis sin bhí a mbunáite taobh le beagán oibre ag freastal i mbialanna, i dtábhairní, i siopaí srl – díreach mar a bhí chuile dhuine eile ar an gcampas.
Dhá bhliain ó shin tháinig bogadh beag sna rialacha sa méid agus gur ceadmhach anois do na peileadóirí, mic léinn, airgead a dhéanamh as fógraíocht agus as tacú go poiblí le hearraí, comhlachtaí agus a leithéid. Tá cead acu freisin gníomhaire a cheapadh a dhéanfaidh ionadaíocht thar a gceann. Dar ndóigh ní bhainfidh buntáiste as sin ar fad ach fíorbheagán acu.
Idir an dá linn bhí teacht isteach $3.3 billiún ag na heagraíochtaí a d’eagraigh na 5 chomórtas is cáiliúla sna Státaí anuraidh.
Chuig na hollscoileanna féin a théann sin chun sochair. Dá bharr bíonn na milliúin dollar acusan le caitheamh ar a gcuid foirne peile agus orthu siúd a bhíonn ina gceannas.
Meastar gur chaith Ollscoil Dheisceart California $7½ milliún anuraidh, Ohio State agus Ollscoil Florida beagán faoina bhun. Tá leathchéad eile ann a chaith breis agus $2½ milliún. Saothraíonn na cóitseálaithe is aitheanta $6 mhilliún sa mbliain an duine.
I Texas atá péire de na staideanna móra seo. Níl ach 150 ciliméadar idir Field Turf in Austin áit a n-imríonn coláiste na cathrach sin, na Texas Longhorns, agus Kyle Field, áit a n-imríonn Texas A&M.
Ansiúd ag leath ama i gcluiche a imríodh seachtain ón Satharn seo caite bhronn cumann iarchéimithe agus lucht tacaíochta A&M seic $120 milliún ar rannóg spóirt na hOllscoile. Fágann tionscal na hola go bhfuil 650,000 milliúnaí i Texas.
Ní hé go mbeidh sé i bhfad sa mbanc. Maidin lá arna mhárach d’fhógair A&M go raibh bata agus bóthar tugtha acu dá bpríomhchóitseálaí Jimbo Fisher. Níos deireanaí sa lá tháinig sé chun solais go gcaithfidh siad cúiteamh suas le $77 milliún a íoc le Jimbo. Tá $20 milliún de sin ag dul dó láithreach agus fágann an conradh a bhí sínithe go mbeidh $7 milliún sa mbliain ag dul dó go dtiocfaidh 2031.
Agus mé ag fiosrú na litreacha atá ag dul le hainm na hOllscoile fuair mé amach go mba Texas Agricultural and Mechanical College an t-ainm ba thúisce a bhí uirthi nuair a osclaíodh í i 1976. Ní úsáidtear anois ach an leagan giorraithe – lá na spáide agus an phionsúir imithe le fada anois.
An t-uaisliú céanna buailte orainne freisin. Nach bhfuil ionaid oideachais a bhíodh i nGaillimh, i Luimneach agus i Sligeach athraithe amach i lár na farraige móire anois!
Sorcha B.
Bunaíodh Texas A&M University (www.tamu.edu) in 1876. Tá obair ‘na spáide’ ar siúl fós ag an ollscoil, agus ábhair eile: Talmhaíocht, Innealtóireacht (‘Mechanical’ an iar-téarma), Míochaine, Oideachas, Dlí, na hEalaíona, agus ábhair eile go leor. Cuirtear suim mhór i ‘football’ ansin nuair a théann an fhómhar (aimsir bhreá i Texas!).