Lá crosta na bliana, nó Lá na Leanaí, a thugadh na Gaeil ar an 28ú lá de Nollaig. Ní raibh sé ádhúil aon obair a thosú an lá sin.
Dúirt an t-eolaí béaloidis Caoimhín Ó Danachair nach gcartfaí uaigh fiú amháin. Chaithfí í a ghearradh an oíche roimh ré.
Dá mba é an Déardaoin a bheadh ann ba chontúirtí fós an scéal, Déardaoin Dearg, mar a thugtaí air. Dúirt Tadhg Ó Séaghdha a bhíodh ag múineadh i scoil Ros a’ Mhíl fadó an méid seo: ‘Ní bhíonn an dochar sa lá sin ach deich nóiméad, uair i ngach aon seachtú bliain.’
Chaithfeadh sé nár chuir aon duine an Taoiseach Leo Varadkar ar an eolas faoin gcontúirt. Dúirt sé lena chomhghleacaithe rialtais dá n-éireodh leis an vóta mímhuiníne a cuireadh san Aire Tithíochta le gairid go mbeadh toghchán acu ar an 28 Nollaig!
Cuimhne a bhí i Lá na Leanaí ar na leanaí a ndeirtear gur mharaigh Héaród iad. Dúirt seanchaí as an gCoillín Carna leis an mbailitheoir béaloidis Liam Ó Coisdealbha go raibh an talamh dearg lena gcuid fola.
Cén bhrí ach tá amhras ar eolaithe ar an mBíobla anois ar ordaigh Héaród marú na leanaí ar chor ar bith.
Ní raibh aon chur síos ag an staraí Josephus air. Fear a bhí ansin a scríobh cuntais taobh istigh de chéad bliain tar éis bhás Chríost. Tharlódh sé, ar ndóigh, nár maraíodh ach beagán leanaí agus nár chuala Josephus trácht air ach is deacair a cheapadh go bhféadfadh a leithéid de scéal dul thar a chluasa.
Bhí an soiscéalaí Matha lánchinnte gur maraíodh na leanaí. Seo é an cur síos a bhí aigesean:
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid, rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe. Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.
Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d’fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.
D’inis siad dó: I mBeithil Iúdáia. Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt:
Imigí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó. Nuair a chuala siad caint an rí, d’imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe roimhe sin ag éirí, ghluais sé rompu go dtí gur stad sé os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin. Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “ Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus teith don Éigipt, agus fan ann go n-insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe…. Nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé óna saoithe.
Mura raibh sa scéal sin ach finscéal d’fhéadfadh sé gur macalla bhí ann ar chuntas a bhí sa Sean-Tiomna ar an gcaoi ar mharaigh Faró leanaí:
Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir:
Gach gin mic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Lá crosta na bliana, nó Lá na Leanaí, a thugadh na Gaeil ar an 28 Nollaig’:
Is ait le Seosamh Ó Cuaig nach mbeadh tuairisc ag Flavius Josephus [37 A.D. – 100 A.D.] ar Mharú na Neamhchiontach, Lá Crosta na Bliana, nó Lá na Leanaí, Nollaig 28. Is sa Bhíobla amháin atá cur síos ar an ár a rinneadh an uair úd, agus is ag Matha amháin atá an cur síos sin, Matha 2: 16–18.
Is é is dóichí gurbh é an chúis a bhí ag Flavius Josephus le gan trácht ar Lá na Leanaí go raibh baint ag a mhuintir féin leis an bhfear a thug an t–ordú an sléacht a dhéanamh, Héaród Mór, 37 RCh. – 4 RCh. [Is amhlaidh atá sé á dhéanamh amach le fada, nach in A.D. 0 a saolaíodh Íosa Críost, ach sa bhliain 4 RCh.] Bhí baint ag muintir Flavius Josephus le Rítheaghlach na Hasmónach, rítheaghlach ar thriail Héaród Mór iad a bhunú sa Phalaistín. Forlámhaí cruálach ba ea Héaród Mór. Bhí seisean tugtha don dúnmharú agus don tíoránacht, agus bhain an méid sin an bonn ón bplean a bhí aige rítheaghlach Hasmónach a bhunú sa Phalaistín. Mharaigh Héaród Mór a bhean féin, agus triúr mac leis, agus ní haon iontas mar sin go dtabharfadh sé ordú an sléacht a dhéanamh Lá Crosta na Bliana. Ní drochbhastaird ba ea na Hasmónaigh ar fad. Duine acu ba ea Iúdás Macabaech, fear a chuaigh i gceannas na nGiúdach ar bhás a athar féin 166 RCh. Bhris Iúdás Macabaech cathanna go leor ar na Seiliúcaigh, ach bhuaigh siad seo sa deireadh ar Iúdás Macabaech agus ar a bhuíon, 160 RCh. [Dream iad na Seiliúcaigh a bhí ag iarraidh cultúr na nGréagach a chur siar ar na Giúdaigh.]
Maidir le Flavius Josephus féin, ghlac seisean páirt sa bhliain 66 A.D. sa Chéad Éirí Amach ag na Giúdaigh i gcoinne na Rómhánach. Ach ghéill Flavius Josephus do na Rómhánaigh, agus throid ar son na Rómhánach an chuid eile den Éirí Amach, agus mhol dá mhuintir féin an dála céanna a dhéanamh. Dá réir sin, níorbh é bua na dílseachta an bua ba láidre ag Flavius Josephus, ná bua na fírinne, ach a oiread, b’fhéidir.
Gheobhaidh léitheoirí Tuairisc.ie an t–eolas sin ar fad i saothar faoi eagarthóireacht ghinearálta Scott Hahn, Catholic Bible Dictionary (Doubleday Religion: Nua–Eabhrac 2009), faoi na ceannteidil, Hasmonean Dynasty [lgh 343–344]; Herod the Great [lgh 357–358]; Innocents, Holy [lch 381]; Josephus, Flavius [lgh 474–475]; Judas Maccabeus [lgh 487–488]; Seleucids [lgh 822–823].
Cailvíneach ba ea Scott Hahn i dtosach, agus é ar feadh tamaill ina mhinistir Cailvíneach. Bhí an ghráin dhearg ag Hahn tráth ar an gCreideamh Caitliceach, agus é de shíor ag iarraidh Caitlicigh a iompú ina gCailvínigh. Ach thosaigh sé ar staidéar a dhéanamh ar stair na hEaglaise, agus de réir a chéile tháinig sé ar an tuiscint gur cosúla go mór is go fada an Creideamh Caitliceach leis an gCríostaíocht mar a bhí sí i dtosach a réime, ná leis an gCailvíneachas. Sa deireadh d’iompaigh sé féin, agus a bhean Kimberly, ina gCaitlicigh. Tá Scott Hahn inniu ina Ollamh le Diagacht an Bhíobla, ar Ollscoil na bProinsiasach in Steubenville, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá spéis ar leith agamsa i Lá Crosta na Bliana. Tarlaíonn sé go bhfuilimse i mo chnísc [i.e. i mo chairdeas Críost] ag bean a saolaíodh ar Lá Crosta na Bliana. Guímse gach uile rath uirthise, ar a clann, agus ar gach a mbaineann léi! Nollaig faoi Mhaise dóibhsean, do Sheosamh Ó Cuaig, dá bhean, agus dá gcúram, agus d’fhoireann Tuairisc.ie, agus Bliain Nua faoi Chompord.