Krenak, Jansson, Ó Conghaile, Rijneveld agus Tóibín: súil siar ar bhliain léitheoireachta…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: caitheann ár gcolúnaí súil siar ar roinnt de na leabhair a léigh sé i mbliana

Krenak, Jansson, Ó Conghaile, Rijneveld agus Tóibín: súil siar ar bhliain léitheoireachta…

Áit éigin os cionn an Atlantaigh a bhí mé nuair a luigh mé isteach ar léitheoireacht na bliana seo. Dáiríre ba í an bhliain 2020 a bhí ann go fóill – ach bhí ailt dheireanacha na bliana do Tuairisc.ie curtha sa ríomhphost agam agus bhí saoire na Nollag tosaithe. Agus céard a dhéanfadh scríbhneoir ar saoire ach léamh?

Is dócha go bhfuil áit faoi leith in Ifreann tuillte ag daoine a léifeadh saothar faoin athrú aeráide ar bord eitleáin. Ach tharla go raibh díreach a dhóthain spáis i mo mhála droma do chnuasach aistí a bhí gairid ach dúshlánach (más duine bán thú) leis an bhfealsamh bundúchasach ón mBrasaíl, Ailton Krenak, ina bpléann sé an bhaint idir an ghéarchéim aeráide agus paindéim an choróinvíris. Tá fáil air i mBéarla faoin teideal Ideas to Postpone the End of the World.

Níorbh é sin an t-aon saothar amháin faoin bpaindéim a léigh mé i mbliana; bhí mé meallta go mór ag Intimations le Zadie Smith, cnuasach aistí ionraic, géarchúiseach agus fíorphearsanta ina dtéann an t-údar siar is aniar idir dhá mhórthéama: an phaindéim agus an leatrom ar an bpobal dubh sna Stáit Aontaithe. Is é an leatrom céanna sin cúlra an scéil a insíonn Colson Whitehead in The Nickel Boys, ceann de na húrscéalta is cumhachtaí – agus is fearr ó thaobh teicnící scríbhneoireachta de – dár léigh mé le fada an lá.

Abhaile a bhí mé ag dul ar an eitleán úd – agus níor thúisce teach mo mháthar san Ollainn bainte amach agam nó d’ordaigh mé leagan Ísiltírise den leabhar Sommarboken (The Summer Book) leis an údar Sualainnise ón bhFionlainn, Tove Jansson, a mbím ag tagairt di go mion minic sa cholún seo. Chaith mé nach mór cúig mhí sa bhaile i mbliana, agus nach mór chuile oíche léigh mé scéal as mórshaothar Jansson do mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, roimh dhul a chodladh di. (D’ordaigh, léigh agus d’athléigh mé leabhar eile le Jansson freisin: Fair Play, úrscéal neamhghnách agus lán gaoise faoin gcaidreamh grá idir beirt ealaíontóirí ban.)

Faraor géar, de bharr na srianta taistil, níor éirigh liom cuairt a thabhairt ar shiopaí leabhar na hÉireann nuair a bhí mé san Eoraip agus ar chaoi ar bith ní bheadh ach spás teoranta i mo mhála taistil; ní maith liom ríomhleabhair. Ar na cúiseanna sin, níor léigh mé ach dornán leabhar Gaeilge i mbliana. Cuireadh Rúin na Seacht gCaisleán le Gabhán Ó Fachtna chugam le go scríobhfainn léirmheas air, ach ba mhó an sult a bhain mé as cnuasach gearrscéalta eile dá chuid a bhí ar an tseilf agam le fada, Tír Eile. D’athléigh mé Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin; taitníonn tús agus lár an úrscéil sin liom go mór ach arís eile mhothaigh mé go raibh deifir ar an údar i dtreo an deiridh. Bhí Diabhlaíocht Dé le Micheál Ó Conghaile ar an tseilf agam le bliain nó dhó; saothar cróga dúshlánach.

Saothar eile a bhain siar asam i mbliana ná The Discomfort of Evening le Marieke Lucas Rijneveld. Tá mé sásta gur léigh mé an leabhar iomráiteach céanna ach níl sé ar intinn agam é a athléamh.

Seánra ar leith a mheall m’aird i mbliana ná an t-úrscéal grafach; KnockOut! leis an údar ón nGearmáin Reinhard Kleist, ina n-insítear scéal an dornálaí dhuibh aeraigh Emile Griffith, ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm.

Bhí mé meallta ag dhá leabhair eile ina bhfuil carachtair LADT lárnach, leis: Swimming in the Dark leis an údar Polannach Tomasz Jędrowski  agus The Blackwater Lightship le Colm Tóibín, a bhí ar an tseilf agam le fada ach nach raibh léite agam go fóill.

Tá saoire na Nollag ag druidim agus gach seans gur i mbun léitheoireachta a chaithfidh mé cuid mhór di. Tá úrscéal eile de chuid Tóibín, Brooklyn, do mo mhealladh ach tá Call Mother a Lonely Field le Liam Carson agus Academy Street le Mary Costello sa scuaine ar mo chuid seilfeanna le fada freisin. Nó seans go ndéanfaidh mé athléamh ar an sárchnuasach gearrscéalta sin le ZZ Packer, Drinking Coffee Elsewhere, nó – ós rud é gur thosaigh mé ag freastal ar ranganna dornálaíochta i mbliana – ar Rocky Ros Muc le Rónán Mac Con Iomaire.

Tá rud amháin cinnte: beidh orm mála mór a thabhairt liom an chéad uair eile a thabharfaidh mé cuairt ar Éirinn (an bhliain seo chugainn, má ligeann na srianta taistil dom.) Tá an bús faoi Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin, Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin, Múscail a Ghiorria le hEithne Ní Ghallchobhair agus Cnámh le hEoghan Mac Giolla Bhríde agus saothair eile nach iad tar éis mé a mhealladh go mór le bliain anuas.

Sin a bhfuil uaimse i mbliana! Nollaig Shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise do léitheoirí Tuairisc.ie uilig.

Fág freagra ar 'Krenak, Jansson, Ó Conghaile, Rijneveld agus Tóibín: súil siar ar bhliain léitheoireachta…'