Béistiúlacht, drochíde do pháistí, drochjócanna faoin Uileloscadh –leabhar uafásach… maith

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní ceadmhach hamstar a lua i dtús an scéil gan é a mharú go brúidiúil níos faide anonn, sin é an teagasc a d’aimsigh ár gcolúnaí i leabhar a bhain creathadh as saol liteartha na hÍsiltíre

Béistiúlacht, drochíde do pháistí, drochjócanna faoin Uileloscadh –leabhar uafásach… maith

Mar is eol do dhuine ar bith a bhí naoi mbliana d’aois riamh, bíonn mothúcháin earótacha ag daoine atá naoi mbliana d’aois.

Ach ní scríobhann mórán daoine leabhar faoin ábhar sin.

Scríobh Marieke Lucas Rijneveld úrscéal faoi. Bhain De avond is ongemak creathadh as saol liteartha na hÍsiltíre trí bliana ó shin agus anuraidh bhuaigh The Discomfort of Evening, an t-aistriúchán le Michele Hutchison, Gradam Idirnáisiúnta an Booker.

Ní raibh Rijneveld, ar údar neamh-dhénártha iad a tógadh ar fheirm dhéiríochta i dteaghlach fíorchráifeach, ach fiche a hocht mbliain d’aois nuair a foilsíodh De avond is ongemak.

Ach tá os cionn 100,000 cóip dá gcéad úrscéal díolta san Ísiltír amháin agus is éard a bhí le rá ag léirmheastóir amháin ná: ‘Is iad Rijneveld an ghlúin nua scríbhneoirí.’

Bhí orm an leabhar a léamh.

Chuir úrscéal Rijneveld alltacht orm – ach chuir sé faoi dhraíocht mé freisin. Tháinig sé idir mé agus codladh na hoíche agus idir mé agus tascanna an lae.

Níl sa ghnéas a bhíonn ag beainín inste an scéil, Jas, lena béirín teidí oíche i ndiaidh oíche ach an tús.

Féintruailliú, féinchiapadh, féinmharú, ciorrú coil, béistiúlacht, drochíde d’ainmhithe, drochíde do pháistí, drochjócanna faoin Uileloscadh: shílfeá gur chuir Rijneveld rompu a bhfuil ar chlár na cruinne de gheasa, teireanna agus toirmisc a shárú san aon leabhar amháin – agus léiriú mion, glinn, agus thar a bheith grafach a dhéanamh ar gach uile ghníomh uafáis. (De réir theagasc Chekhov, ní féidir gunna a lua i dtús scéil gan é a scaoileadh roimh an deireadh. Tá teagasc dá gcuid féin ag Rijneveld, is léir: ní féidir ainmhí a lua gan é a chéasadh chun báis ar bhealach brúidiúil nach gcuimhneofá féin air go deo.)

Bíonn blas ar an mbeagán a chuala mise riamh. A mhalairt de chur chuige atá ag Rijneveld. Tá oiread brúidiúlachta ina n-úrscéal gur ag stánadh sa spás in aice leis an leathanach – seachas ag féachaint ar an leathanach – a fágadh mé arís is arís eile. Ach tá The Discomfort of Evening chomh mealltach céanna le drochthimpiste bhóthair a d’fheicfeá agus tú ag siúl an bealaigh: ní raibh mé in ann an leabhar a leagan uaim.

Lena chois sin, ina dhiaidh sin uilig ní úrscéal faoi ghnéas idir deirfiúracha agus deartháir faoi aois agus faoi chiapadh ainmhithe atá in The Discomfort of Evening ach úrscéal faoin tionchar tubaisteach a bhíonn ag bás páiste ar an gcuid eile den teaghlach.

Anuas air sin arís, b’fhiú an t-úrscéal seo a léamh ar mhaithe leis an stíl shaibhir amháin. Tá scríbhneoireacht Rijneveld curtha i gcomparáid ag tráchtairí éagsúla le stíl phéintéireachta Hieronymus Bosch agus muintir Breughel: flúirseach, fairsing, ard-ealaín déanta de chuile mhionsonra brúidiúil.

Úrscéal uafásach é The Discomfort of Evening; úrscéal uafásach misniúil agus uafásach maith.

Fág freagra ar 'Béistiúlacht, drochíde do pháistí, drochjócanna faoin Uileloscadh –leabhar uafásach… maith'

  • Antóin

    “Mar is eol do dhuine ar bith a bhí naoi mbliana d’aois riamh, bíonn mothúcháin earótacha ag daoine atá naoi mbliana d’aois,”

    Dáiríre!

    Agus, tá súil le Dia agam nach ndearna údar an úrscéil seo neamhaird den ghéarchéim aeráide.