Zadie Smith a mheall i dtreo na coróinlitríochta mé…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: sheachnaíodh ár gcolúnaí leabhair faoin bpaindéim, ach tá cnuasach tanaí le Zadie Smith tar éis a intinn a athrú.

Zadie Smith a mheall i dtreo na coróinlitríochta mé…

Zadie Smith by Jillian Tamaki NYT

Ní raibh mé chun géilleadh don choróinlitríocht – leabhair faoin bpaindéim reatha – ar thrí chúis.

Ar dtús, bhí an phaindéim sách dona mar a bhí. Níor theastaigh uaim a bheith ag léamh fúithi anuas ar chuile shórt eile.

Lena chois sin, shamhlaigh mé nach bhféadfadh aon mhaith a bheith le leabhair a scríobhadh agus a foilsíodh faoi dheifir. Níl bliain go leith ann fós ó fógraíodh an phaindéim.

Agus anuas air sin arís, níl an ghéarchéim thart! Cén mhaith a bheadh le leabhar a phléifeadh scéal a mbíonn casadh gan choinne ann nach mór gach lá agus nach bhfuil an deireadh ar eolas againn go fóill?

Ach tá Zadie Smith tar éis m’intinn a athrú.

Tharla i siopa leabhar fisiciúil mé le deireanas (bhí cead isteach ag custaiméir amháin ag an aon am amháin má rinne tú áirithint roimh ré) agus bhí cóipeanna den saothar is nua ó pheann Smith, Intimations, ar an gcuntar. Sé cinn d’aistí faoin bpaindéim.

Leabhar fíorthanaí a bhí ann, mar a bheifeá ag súil leis ó shaothar faoi ghéarchéim an choróinvíris a foilsíodh, creid é nó ná creid, i lár shamhradh na bliana seo caite, nuair nach raibh ann ach leathbhliain ó fógraíodh an phaindéim.

Rud beag le cois uair an chloig, déarfainn, a thóg sé orm Intimations a léamh. Ach le linn an ama sin, b’éigean dom an leabhairín a leagan síos trí nó ceithre huaire chun anáil dhomhain a tharraingt. Arís is arís eile, bhuail Smith an tairne ar an gcloigeann le cur síos géarchúiseach ar eachtra éigin ó laethanta tosaigh na paindéime.

Dhá eachtra i móraiste dar teideal Screengrabs go háirithe a chuir tocht orm.

I mír den aiste sin dar teideal A Woman with a Little Dog, atá lonnaithe i Nua-Eabhrac, mar a raibh cónaí ar Zadie Smith nuair a thosaigh an phaindéim, labhraíonn comharsa de chuid Smith, seanbhean, le Smith mar seo: ‘Thing is, we’re a community, and we got each other’s back. You’ll be there for me, and I’ll be there for you, and we’ll all be there for each other, the whole building. Nothing to be afraid of – we’ll get through this, all of us, together.’

Bhí Smith agus a clann ar tí teitheadh as an bhfoirgneamh agus as an gcathair.

I mír eile dar teideal A Character in a Wheelchair in the Vestibule tugann fear dubh i gcathaoir rothaí léacht uaidh i bhforhalla bainc mar a bhfuil suim shuntasach á baint amach ón inneall ag Smith ionas go mbeidh airgead tirim aici féin agus ag a clann agus iad ar a mbealach amach as an gcathair.

‘… I’m gonna leave for this shit? These people are too hilarious. They watch the news and they believe every damn word like babies that can’t even think for themselves. No, no, I ain’t running from no cold. I survived worse. I survived WAY worse shit than this.’

Fear dubh atá ag caint agus ní gá do Smith a mhíniú don léitheoir céard atá i gceist le ‘WAY worse shit’. Síos tríd na haistí seo, meascann sí scéal na paindéime le mórscéal eile na bliana 2020: an fhearg ollmhór a chothaigh dúnmharú George Floyd.

Ach ní éiríonn Smith maoithneach in am ar bith agus seachnaíonn sí an tseanmóireacht. Go deimhin is í an tsíorfhéincheistiú a bhíonn ar bun aici sa chnuasach seo, mar dhuine agus mar scríbhneoir, an bua is mó atá ag Intimations.

Bhí sé seo ag teastáil uaim, a shíl mé liom féin a luaithe is a chríochnaigh mé an leabhairín: saothar a thabharfadh léargas ar an am aisteach ina mairimid, saothar a chuirfeadh ceisteanna ach nach dtabharfadh freagraí.

Coróinlitríocht, i bhfocail eile, ach coróinlitríocht den scoth. Tá mé faoi chomaoin ag Smith as mé a mhealladh i dtreo an tseánra.

Fág freagra ar 'Zadie Smith a mheall i dtreo na coróinlitríochta mé…'

  • Ruth

    Tá fonn ormsa a saothar a aimsiú anois fosta!