‘Níorbh é díbirt na gcainteoirí Gaeilge go himeall an scéil a chuir iontas orm ach go raibh siad ann ar chor ar bith’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: léigh ár gcolúnaí The Blackwater Lightship le Colm Tóibín, leabhar ba chóir dó a léamh i bhfad roimhe seo

‘Níorbh é díbirt na gcainteoirí Gaeilge go himeall an scéil a chuir iontas orm ach go raibh siad ann ar chor ar bith’

Bhí The Blackwater Lightship le Colm Tóibín ar an tseilf agam le blianta fada. Cheannaigh mé an leabhar sin – i siopa Charlie Byrne i nGaillimh más buan mo chuimhne, agus sladmhargadh air – toisc gur shíl mé gur ‘chóir’ dom é a léamh lá éigin. Ach tá mé aisteach ar an gcaoi sin: a luaithe is a deir duine éigin liom (fiú más mé féin a deir é) gur ‘chóir’ dom saothar áirithe a léamh, féadfaidh tú talamh slán a dhéanamh de nach léifidh mé é – go ceann tamaill an-an-fhada, pé scéal é.

Mar sin féin, tháinig an lá gur bhain mé The Blackwater Lightship den tseilf agus láithreach bonn thosaigh mé ag tabhairt amach dom féin go mbím chomh ceanndána sin maidir le leabhair a mhothaím gur ‘chóir’ dom a léamh. Leabhar fíormhaith atá ann.

Ach ní hé feabhas liteartha an tsaothair – na carachtair láidre, an stíl sholéite, an léargas íogair ar chaidrimh teaghlaigh agus ar ghalar tromchúiseach – a theastaíonn uaim a phlé anseo ach foghné de chuid an scéil a mheall m’aird.

Cainteoir Gaeilge dúchais as Gaeltacht Thír Chonaill is ea Hugh, fear céile an phríomhcharachtair, Helen, arb as Contae Loch Garman í féin. I mBaile Átha Cliath atá cónaí ar an lánúin agus tá beirt mhac acu, Cathal agus Manus.

‘Hugh spoke Irish to the boys, to his mother and his brothers and sisters, and to at least half of his friends. He insisted that Helen understood more than she pretended to understand, but it was not true. She found his Donegal accent in Irish too difficult, and she made out very little of what he said.’

Agus voilà, cur síos déanta ansin ag Tóibín i rud beag le cois leathchéad focal ar an tragóid bheag laethúil sin a bhfuil cur amach uirthi ag chuile chainteoir Gaeilge a bhí riamh i gcaidreamh le duine nach raibh an teanga ar a thoil aige nó aici. Bhí mé féin sa chás céanna faoi dhó. Tugann tú síormholadh do chúpla focal an duine eile d’fhonn ugach a thabhairt dó, cuireann tú ina luí air go bhfuil tuiscint na teanga go maith aige ionas nach gcaillfidh sé an misneach – nó ar eagla go dtosóidh sé ag gearán go mothaíonn sé scoite amach nuair a labhraíonn tú Gaeilge le do chuid cairde.

Mothaíonn Helen, príomhcharachtar The Blackwater Lightship, scoite amach. Ní hamháin ó Hugh agus na páistí, ach – go háirithe – óna muintir féin. Chuile sheans gur thit Helen i ngrá le Hugh díreach toisc go raibh cúlra s’aige chomh héagsúil sin óna cúlra féin; chuile sheans gur bhronn Tóibín (arb as Contae Loch Garman dó féin, ar ndóigh) leannán Conallach uirthi toisc nach bhfuil áit ar bith in Éirinn níos faide – go tíreolaíoch, ná ó thaobh an chultúir de is dócha – ó Loch Garman náGaeltacht Thír Chonaill.

Go Tír Chonaill a dhíbrítear Hugh agus na páistí i dtús an dara caibidil agus ní fheicimid arís iad (cé go gcuireann siad corrscairt ghutháin ar an mbaile beag cósta i Loch Garman mar a bhfuil mórdhráma an scéil suite.) Ach níorbh é díbirt na gcainteoirí Gaeilge go himeall an scéil a chuir iontas orm agus The Blackwater Lightship á léamh agam, ach go raibh siad ann ar chor ar bith. Tá mé nach mór cinnte de gurbh é seo an chéad uair ar casadh cainteoirí Gaeilge orm i mórshaothar ficsin Béarla agus cur síos orthu atá nádúrtha, inchreidte agus nach ndéanann tagairt do Pheig.*

Chuile sheans go bhfuil corrleabhar eile ann ina bhfuil a leithéid ar fáil; chuile sheans, fiú amháin, go bhfuil leabhair eile mar sin ar mo chuid seilfeanna. Más mar sin an scéal, seans gur leabhair iad ar ‘chóir’ dom a léamh.

* ‘An bhfuil cead agam dul amach’ is all I can remember’ a deir comharsa amháin le Helen, agus leis an nath seanchaite sin déanann Tóibín léiriú den scoth ar mhothúcháin sheanchaite mhórchuid Éireannach i leith na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Níorbh é díbirt na gcainteoirí Gaeilge go himeall an scéil a chuir iontas orm ach go raibh siad ann ar chor ar bith’'

  • Eoghan Ó Néill

    Poinnte maith déanta ag Alex ansin ar an easpa suime sa ghaelig ag Éireannaigh a amharcann orthu féin mar Anglos. Ach is amhlaidh a bhfuil siad i leith teangacha eile fosta. Is é an dearcadh acu ná ba chóir go labhrarfadh siadsan béarla. Tá daoine a bhfuil gaelig acu i bhfad níos oscailte do theangacha eile.

  • Seosamh Ó Beirgin

    EÓN, ní amharcann orthu féin mar “Anglos”.