Kíla, Caitlín Ní Chualáin agus go leor eile le bheith ag Traidphicnic an Spidéil an deireadh seachtaine seo

Cuirfear tús spleodrach leis an bhféile bhliantúil cheoil ar an Spidéal i gCois Fharraige tráthnóna ag a 3. Anuas ar an gceol agus an damhsa beidh ceardlanna á gcur ar fáil i gcaitheamh an deireadh seachtaine

Kíla, Caitlín Ní Chualáin agus go leor eile le bheith ag Traidphicnic an Spidéil an deireadh seachtaine seo

Cuirfear tus inniu leis an Traidphicnic ar an Spidéal i gCois Fharraige tráthnóna, féile cheoil a mhairfidh ar feadh an deireadh seachtaine sa bhaile beag Gaeltachta.

Seolfar an fhéile ag 3 a chlog trátnhóna ag an stáitse atá tógtha ar an mbaile agus beidh seisiún ceoil ann ar feadh uair a chloig. Beidh amhránaithe agus ceoltóirí eile as an gceantar ar an árdan don chuid eile den tráthnóna, Gráinne Ní Fhlathara, Saileog Ní Cheannabháin, Johnny Óg Connolly, agus Máire Pheter Uí Dhroighneáin ina measc.

Beidh buaiteoir Chorn Uí Riada, Caitlín Ní Chualáin, as an Teach Mór in Indreabhán ar an ardán tráthnóna Dé Sathairn i ndiaidh an7 a chlog agus beidh iarbhuaiteoirí an chomórtais sin, Sarah Ghriallais agus Nan Teaim Teaimín, ar an ardán céanna i gcaitheamh an lae. Cuirfear deireadh le seisiún an tSathairn le coirm cheoil ón mbanna ceoil as Baile Átha Cliath, Kíla.

Dé Domhnaigh beidh leithéid Treasa Ní Cheannabháin, GRIAN, Sally Ní Dhroighneáin agus Nuadán ar an ardán i gcaitheamh an lae agus beidh seisiún mór ceoil ‘Ceiliúradh Chonamara’ ann tráthnóna Dé Domhnaigh agus ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe na Gaeltachta ag ceiliúradh a n-oidhreachta agus ndúchais.

Anuas ar an gceol agus an damhsa beidh ceardlanna á gcur ar fáil i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Beifear in ann barr feabhais a chur ar scileanna bosca ceoil, fidile, consairtín, feadóige agus bodhráin. Beidh ranganna ar an amhránaíocht aer an sean-nós, an damhsa ar an sean-nós agus ar uirlisí eile ceoil ann Dé Domhnaigh freisin.

Tá clár iomlán na féile ar fáil ar shuíomh na féile, ina measc “Iontaisí an tSaoil” togra físealaíne ina léireofar ealaín agus ceirdeanna na Gaeltachta.

Beidh sníomh ola, peinteáil aghaidhe agsu ealaín sráide chailce á dhéanamh le linn na féile freisin chomh maithe le “spraoi le móin”, déanamh seodra agus imeachtaí eile.

Fág freagra ar 'Kíla, Caitlín Ní Chualáin agus go leor eile le bheith ag Traidphicnic an Spidéil an deireadh seachtaine seo'