JOHN ALLEN: Luimneach ina seaimpíní ar an gcraobh uile-Éireann ab fhearr riamh

B’fhíor don té a dúirt gur ‘tugadh greadadh aon phointe amháin do Ghaillimh’ inné agus thug Luimneach, curaidh nua na hÉireann, taispeántas foirne den scoth uathu

JOHN ALLEN: Luimneach ina seaimpíní ar an gcraobh uile-Éireann ab fhearr riamh

Shane Dowling ag ceiliúradh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Smaoinigh ar an dóchas, ar an bhfuadar agus ar na sceitimíní a bhí ann ceithre huaire is fiche ó shin. Smaoinigh ar na sluaite san ardchathair oíche Shathairn agus an tranglam tráchta a bhí ar na bóithre maidin inné.

Smaoinigh ar na dathanna go léir a bhí le feiceáil ar an tslí go Páirc an Chrócaigh agus ar na ráflaí a bhí ag dul thart faoin leaid seo nó an leaid siúd a bheith gortaithe.

Smaoinigh ar an gcuardach do na ticéid agus an t-áthas a bhain le ceann a fháil.

Ach tháinig deireadh leis an ruaille buaile sin ar fad agus faoi dheireadh bhíomar istigh i bPáirc an Chrócaigh ag seasamh d’Amhrán na bhFiann.

Chaith James Owens isteach an sliotar agus avae leo.

B’fhada an t-achar ama ó 2 Meán Fómhair 1973 an lá gur éirigh le Luimneach go deireanach craobh na hÉireann a thabhairt leo nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chainnigh, a bhí sa tríú cluiche ceannais as a chéile. Bhí Luimneach ag ceiliúradh den chéad ó 1940 an lá stairiúil sin agus ag ceiliúradh a bhíodar arís inné 45 bliain ó dhreap Éamonn Grimes céimeanna Ardán Uí Ógáin chun corn Liam Mhic Cárthaigh a ardú.

Inné ba le laoch Áth Dara Declan Hannon a thit an onóir sin agus a leithéid de liú a chualathas nuair a d’ardaigh sé os a chionn an corn.

Bhí mórán den tuairim roimh ré go bhféadfadh go dtabharfadh an Ghaillimh taispeántas níos fearr sa chluiche ceannais ná mar a bhí tugtha uathu i mbliana. Faraor dóibh féin, ní hamhlaidh a bhí, ba ag Luimneach a bhí forlámhas ó thús. Idir deiseanna a chuir siad ar fóraoil agus na trí cinn a sheol siad thar an trasnán bhí an lámh in uachtar ar fad ag Luimneach sna chéad deich nóiméad . Bhíodar ina máistrí ar fud na páirce ach ina ainneoin sin, diaidh ar ndiaidh d’éirigh leis na Gaillimhigh teacht aniar a dhéanamh agus d’fhág cúilín ó Joseph Cooney cúilín amháin chun cinn iad, 0-6 in aghaidh 0-5. Ach a bhuíochas de chúl ó Graeme Mulcahy a raibh go leor den ádh ag baint leis ní fada go raibh Luimneach chun cinn arís agus is amhlaidh a bhí go dtí gur séideadh an fheadóg dheiridh.

Le farasbarr ceithre chúilín acu ag leath ama caithfidh go raibh John Kiely thar a bheith sásta lena fhoireann.

Ach oiread leis an gcéad leath chuireadar tús an-láidir leis an dara leath. Bhíodar in uachtar ar fud na páirce agus ba dheacair a shamhlú agus Luimneach ocht gcúilín chun cinn agus dhá nóiméad fágtha sa chluiche go mbeimis ag smaoineamh ar chomhscór deich nóiméad ina dhiaidh sin agus ocht nóiméad d’am cúitimh beagnach caite. Ach i ndiaidh drochphas a thabhairt uaidh tríocha soicind roimhe sin, fuair Graeme Mulcahy an cúilín thar a bheith cinniúnach.

Bhí deis ag an deireadh ag Joe Canning ó phoc saor ach d’éirigh le Luimneach seilbh an tsliotair a fháil ar aghaidh a gcúil amach, shéid Owens an fheadóg agus chuaigh an uile dhuine ó Luimneach a bhí i bPáirc an Chrócaigh ar mire.

Ba thaispeántas foirne den scoth é . Bhí an líne lánchúil thar a bheith teann. Chuir Mike Casey faoi chois Johnny Glynn nuair a bhí Glynn ag feidhmiú mar lántosach. Bhí Declan Hannon ar fheabhas ag uimhir a sé agus b’amhlaidh do Darragh O’Donovan agus Cian Lynch i lár an ghoirt. Agus gan é ach 2o bliain d’aois, bhí an-chluiche ag Kyle Hayes in ainneoin a óige agus ceithre chúilín a fuair sé. D’oibrigh na tosaithe go léir an-dian mar a rinneadar i ngach cluiche i mbliana. Bhíos an-tógtha arís inniu le Graeme Mulcahy. Bhí an -bhliain aige agus thug sé an-taispeántas uaidh inniu sa chluiche is mó ar fad acu. Rinne Shane Dowling agus Tom Morrissey a gcion lena gcúil thábhachtacha.

Tá an-mholadh ag dul don fhoireann agus don bhainistíocht. Seachas an cluiche i gcoinne an Chláir bhíodar ar fheabhas.

Ar an dtaobh eile, taobh amuigh de Joe Canning, David Burke agus Pádraig Mannion, ní dóigh go mbeidh mórán de na Gaillimhigh sásta lena dtaispéantais. 

Mar a dúirt fear amháin liom agus mé ag  teacht amach as Páirc an Chrócaigh “tugadh greadadh aon phointe amháin do Ghaillimh”. B’fhíor dó. Mar sin a bhí.

Ba í craobh na bliana 2018 an chraobh iomána is fearr i stair na hiomána agus is iad Luimneach seaimpíní na craoibhe sin.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Luimneach ina seaimpíní ar an gcraobh uile-Éireann ab fhearr riamh'

  • Carraig

    Pádraig Sáirséal ag iomrothlú le háthas ina uaigh!

  • Tadhg Ó Niallagain

    Deirtear nach mbíonn saoi gan locht ach bheadh sé deacair locht a fháil ar an saoi, John Allen, chomh fada agus a bhaineannn sé lena chuid tuar maidir le torthaí mhórchluichí iomána na bliana – cluiche mór an lae inné san áireamh. Is cróga an té a thugann dúshlán ‘algartaim na ngeallghlacadóirí’! Maith thú, John.