Joe agus bean Joe

Go fiú agus Marlyin Monroe ar shlí na fírinne le beagnach dhá scór bliain, ba í grá geal Joe DiMaggio i gconaí.

6a00e54fe4158b883301910398efa8970c

Bheadh Joe DiMaggio céad bliain d’aois Dé Máirt seo caite, dá mairfeadh sé.

Ní gá go mbeadh mórán suime agat i spórt Mheiriceá le go mbeadh a fhios agat go raibh DiMaggio ar dhuine de mhórlaochra na tíre sin.

I San Francisco a saolaíodh é, duine de theaghlach iascairí de bhunadh na hIodáile, ach thug sé a shaol imeartha ar fad leis na New York Yankees (1936-1951).

Le linn an achair sin, bhuaigh Na Yankees an World Series naoi n-uaire, fuair DiMaggio gradam All Star as na trí shéasúr déag a d’imir sé (chaith sé dhá bhliain san arm le linn an Dara Cogadh Domhanda), gan trácht ar ghaisce eile atá fós gan sárú. Sa mbliain 1941, d’éirigh Joe dul chomh fada le ‘first base’ ar a laghad, i 56 daorchluiche as a chéile.

Ná hiarr orm a mhíniú duit chomh deacair agus atá sé sin a dhéanamh; glac leis ós rud é nár sáraíodh é le 73 bliain gur éacht faoi leith atá ann – iománaí idirchontae ag scóráil cúil i 56 cluiche as a chéile, an rud is gaire dó, b’fhéidir.

Ar ndóigh, mura mbéarfadh Joe DiMaggio ar bhata riamh ina shaol, tá seans ann go mbeadh a ainm ar eolas againn mar, i 1954, agus é éirithe as an imirt, phós sé Marilyn Monroe, an réalt scannán ba chlúití i Hollywood ag an am.

Ní raibh morán barúile ag Monroe cérbh é féin nuair a chasadar ar a chéile den chéad uair – bhí a laghad sin suime i gcúrsaí spóirt aicise gur cheap sé gur peileadóir a bhí ann!

Bhí DiMaggio splanctha ina diaidh, ach d’fhág an bhearna aoise eatarthu (eisean 40, ise 28), a chuid stuacánachta agus a mheon éadmhar, nár mhair a bpósadh ach 274 lá. Tá sé ráite gur ceann de na pictiúir ba cháiliúla a glacadh an céad seo caite ba chúis leis an argóint a d’fhág scartha óna chéile iad -Monroe agus a gúna bán ardaithe ag leoithne gaoithe i scannán Billy Wilder, The Seven Year Itch.

Cé go raibh sé ag tuilleamh níos mó airgid ná a bhí aon lúthchleasaí eile sna Státaí lena linn ($100,000 sa mbliain sna 1940í), sprionlóir den chéad scoth ab ea Joe.

Bhí sé ar dhuine de na pearsain spóirt ba thúisce a thosaigh ag déanamh fógraíochta do chomhlachtaí beatha, do bhancanna, do dhíoltóirí gluaisteán agus dá leithéid.

Bhí tóir ar DiMaggio dá leithéid go raibh sé beagnach 80 bliain d’aois.

Choinnigh sé greim daingean ar an méid a shaothraigh sé.

Cé go lorgódh sé airgead tirim dó féin, bhíodh faisean aige seic a scríobh fiú do na rudaí ab fhánaí a cheannaíodh sé – barúil mhaith aige gur i bhfráma, ar an mballa, a chuirfí seic a bheadh sínithe ag Joe DiMaggio, seachas chuig an mbanc le sóinseáil.

Deirtear gur bhabhtáil sé na fáinní óir a fuair sé as na World Series a bhuachaint ar ghluaisteáin, lóistín agus a leithéid.

Bhí an-tóir ar an ngalf aige agus, dá réir sin, cuirí ag teacht le cúl a chéile chuig na ‘pro-ams’ a bhfáil aige ag na comórtais mhóra.

Gan teip, ghlaofadh Joe ar an lucht eagair á rá go raibh a chuid maidí féin i Stát eicínt eile agus mála a bheith faoi réir acusan dó nuair a leaindeálfadh sé.

Bhí oiread málaí ina gharáiste faoi dheireadh nach raibh áit ag an ngluaisteán ann!

I 1989, bhuail crith talún San Francisco, áit a raibh conaí anois arís ar DiMaggio.

Bhí foláireamh tugtha ag na póilíní nach raibh ceadaithe ar na bóithre ach lucht tarrthála – fós facthas Joe ag iompar mála dubh dramhaíle gar do theach a bhí aige i gceantar Marina sa gcathair.

Ní taobh le duine amháin a thairg cúnamh dó an mála trom a iompar, ach ní raibh fonn dá laghad ar scaradh leis. Ní hiontas. Tuairiscítear go raibh $600,000 airgead tirim istigh ann !

Cúig mhí sular bhásaigh sé, nuair a reáchtáileadh Joe DiMaggio Day i Yankee Stadium sa Bronx, bhí an cloigín ag bualadh go láidir sa scipéad airgid i gcloigeann DiMaggio.

Bhí an comhlacht déanta liathróidí baseball, Rawlings, ag iarradh ceann speisialta cuimhneacháin a chur ar an margadh.

A chead sin acu, a deir Joe, faid agus a thabharfadh siad 15,000 eile acu dó féin saor in aisce.

In imeacht cúpla mí, bheadh siad ar fad sínithe aige agus iad ar díol ar $400 an ceann – teacht isteach $6 mhilliún.

Ainneoin a raibh de lochtanna air, ba laoch é DiMaggio i súile an phobail, idir íseal agus uasal.1101481004_400

I Márta na bliana 1998, thug Time le chéile a raibh beo de na daoine a bhí ar chlúdach na hirise sin le 75 bliain.

Bhí gleann sa gcairpéad dearg isteach chuig Radio City Music Hall i Nua Eabhrac – na Gorbachevs, Kofi Annan, Norman Mailer, Nicole Kidman, Sophia Lauren, Lauren Bacall, Ralph Lauren.

Ba é an tUachtarán Bill Clinton an t-aoi onóra agus a chead aige a rogha duine a chur ina shuí ag a bhord féin.

Cé a d’iarr sé? Joe DiMaggio.

Dhiúltaigh Joe.

Bhí an dearg ghráin aige ar Clinton agus ar aon duine eile a raibh baint aige nó aici leis an bpáirtí Daonlathach – go háirithe ós rud é go raibh sé ráite go raibh John F. Kennedy agus a dheartháir Bobby ag smúrthacht thart ar Marilyn Monroe tráth.

Go fiú agus ise ar shlí na fírinne le beagnach dhá scór bliain, ba í grá geal a chroí i gconaí.

Nuair a fritheadh Marilyn básaithe sa mbliain 1952, ba é DiMaggio a thrasnaigh an tír agus a d’eagraigh an tsochraid.

As sin gur éag sé féin, d’íoc sé as pósae rósanna dearga a leagan ar a huaigh faoi dhó sa tseachtain.

Ach briseann an dúchas….ar leaba a bháis, in ospidéal i Florida i dtús na bliana 1999 agus oiread de chroitheadh ina láimh nach raibh sé in ann greim a choinneáil ar an bpeann, bhí Joe DiMaggio fós ag iarradh a ainm a scriobláil ar liathróidí baseball agus ag súil go dtiocfadh siad $400 an ceann.

 

Fág freagra ar 'Joe agus bean Joe'

  • Bríd

    An-suimiúil! Is deas ailt a fheiceáil anseo nach nuacht an lae iad, atá ar fud na háite.