DRÁMAÍOCHT
Jó Johnny Joe, sraith drámaíochta nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Beidh an chéad eagrán den sraith drámaíochta raidió Jó Johnny Joe á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach, 1an 4 Meán Fómhair.
Sraith drámaíochta dúghrinn atá anseo faoin gceoltóir Johnny Ó Dúill, 45, atá faoi bhrú ag iarraidh caidreamh a chothú lena iníon Jó-B. Níl a bhean Maggie sásta beag ná mór leis mar, cé gur duine lách é, níl cuma ná caoi ar Johnny mar chéile, agus é ag caitheamh formhór dá chuid ama lena athair féin, Joe Mór (75), an duine is mó sa saol go dtaitníonn ceol Johnny leis. Seachnaíonn Johnny aighneas seasta, ach cothaíonn an nós sin aighneas mór dó féin sa deireadh.
Darach Mac Con Iomaire a scríobh an dráma nua seo a ghealltar a nascann ceol beo le greann agus brón i scéal corraitheach siamsúil lán teannais. Ar na haisteoirí ann tá Darach Ó Dubháin, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta, Ella Nic Dhomhnaill, Máire Eilís Ní Fhlatharta agus Bríd Ní Neachtain.
Craolfar an chéad eagrán de Jó Johnny Joe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh an 14 Meán Fómhair ag 7:30 i.n.

Ar Thóir Bhríd Ní Mháille ar stáitse i mBaile Bhuirne
Beidh léamh drámatúil, amhránaíocht agus caointeoireacht bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston, á chur i láthair i mBaile Bhuirne an Satharn beag seo.
Is iad an t-amhránaí Caitlín Ní Chualáin agus an t-aisteoir Bridie Ní Churraoin a chuirfidh an saothar i láthair, saothar atá bunaithe ar úrscéal atá idir lámha ag Micheál Ó Conghaile faoi shaol agus saothar an chumadóra amhráin, Bríd Ní Mháille. Is é Eoghan Ó Riada a chóirigh an léiriú don stáitse agus is é a stiúir. Beidh an léiriú ar bun in Ionad Cultúrtha An Dr Ó Loingsigh i mBaile Bhuirne ar an Satharn, 13 Meán Fómhair ag a 8:00 i.n.
Táille €12 atá ar na ticéid agus iad ar fáil ach glaoch ar 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie
Imeachtaí dátheangacha ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath
Beidh dhá imeacht dátheangach ar bun mar chuid de chlár imeachtaí Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath atá ar bun ó 6 go 21 Meán Fómhair. Tá seó, Anonn | The Other Side, léiriú dátheangach ar stáitse ag an gcomharghrúpa Scaoilte Theatre in Amharclann Smock Alley go dtí an 14 Meán Fómhair agus meascán de sheónna oíche agus seónna i rith an lae á gcur ar fáil acu. Seó aonair atá é Anonn a forbraíodh mar chuid de Stiúideo Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Scene+Heard.
Cuirfidh Louisa Ní Éideáin an seó dátheangach Perfectionistá ar stáitse an tseachtain seo chugainn ó 17-20 Meán Fómhair, le réamhléiriú ar an 16 Meán Fómhair i Scoil na mBuachaillí, Amharclann Smock Alley. Beidh an seó, sin atá á fhógairt mar ‘sheimineár féinchabhrach’ greannmhar, ceolmhar, agus spraoi á bhaint as na hiarrachtaí a dhéanann daoine le bheith foirfe.
Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
CEOL
Albam nua á sheoladh ag Áine Durkin ag Féile Ainm Cleite
Beidh an t-albam Amhráin Áine le Áine Durkin á sheoladh ag Máirtín Tom Sheáinín ag ócáid Tigh Mhichael Jack (an Hooker Bar) in Eanach Mheáin i gConamara ar an Domhnach, an14 Meán Fómhair ag a 3:30 i.n. Tugann an t-albam trí amhrán déag nua-scríofa le Áine le chéile agus iad á gcanadh ag amhránaithe éagsúla agus comhcheol curtha leo.
Ar na hamhrán atá le cloisteáil ar an albam nua, tá Fágtha Gan Freagraí, á chanadh ag Gráinne Ní Fhátharta, amhrán a bhuaigh an chéad áit sa Chomórtas Náisiúnta Pan-Cheilteach i mbliana. Is iad na hamhránaithe eile atá le cloisteáil ar an albam ná Daríona Nic Dhonnacha, Méabh Ní Lochnáin, Seosamh Mac Donncha, Domhnall Ó Braonáin agus Caitlín Ní Chualáin.
Tá an t-albam ar fáil ag an nasc seo.
FÍSEÁIN
Léargas ar chontaetha na hÉireann do pháistí bunscoile
Foilsíodh sraith nua, Cúrsaí an Chontae, ar Foghlaim TG4 an tseachtain seo, sraith ina dtugtar eolas do pháistí faoi chontaetha na hÉireann. Téann an tsraith ar thuras timpeall na tíre, contae ar chontae, agus tugtar léargas ar fhíricí a bhaineann le gach contae agus meascán den chultúr, den stair agus den tíreolaíocht le feiceáil ann.
Ocht gclár atá ar líne faoi láthair, agus na contaetha – Sligeach, An Dún, Cill Mhantáin, Port Láirge, An Mhí, Aontroim, Dún na nGall agus Ard Mhacha – ar fáil ann. Sraith oideachasúil í seo atá á cur i láthair ag páistí a bhfuil cónaí orthu sna contaetha éagsúla agus ag an láithreoir Kathryn Ní Mhaoláin. Tá sé feiliúnach do pháistí bunscoile agus maireann gach clár thart ar 7 nóiméad.
Is féidir breathnú ar an tsraith anseo.
PODCHRAOLADH
Sraith nua podchraoltaí ar thóir oíche mhaith chodlata
Cuirfear tús inniu le sraith nua podchraoltaí, Codladh Sámh, ina dtéann an láithreoir Aodhán Ó Baoill ar thóir oíche mhaith chodlata. Sa bhlúirín eolais faoin tsraith nua, atá léirithe ag Macha Media, deirtear gur fhulaing Ó Baoil féin ón easpa codlata ar feadh na mblianta agus bhí sé ag iarraidh a fháil amach an bhféadfaí é a leigheas nó feabhas a chur ar chúrsaí. Le linn na sraithe fiosraíonn sé an tionchar a bhíonn ag gnéithe éagsúla dár saol ar an gcodladh.
Ar na haíonna a bheidh le cloisteáil sna podchraoltaí beidh an saineolaí cothúcháin Kate McDaid, an saineolaí ióga Naoise Ní Bhroin, an dearthóir tí Emer Mhic an Fháilí chomh maith le daoine eile. Beidh eolas faoin suantraí le cloisteáil freisin ón gceoltóir aitheanta Pádraigín Ní Uallacháin agus seanchas a bhaineann leis an gcodladh in Éirinn i gcuideachta Dhubháin Uí Longáin. Beidh an tsraith nua le cloisteáil ar Spotify.
Fág freagra ar '‘Jó Johnny Joe’ sraith nua ar RnaG, ‘Amhráin Áine’ le seoladh, sraith nua físeán do pháistí bunscoile, podchraoladh nua faoin gcoladh'