Is tábhachtaí eolas a bheith againn faoi stair na hÉireann ná searmanas cuimhneacháin ar bith

Tá fianaise luachmhar staire á ceilt orainn mar gheall ar neamhshuim an rialtais a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh

Is tábhachtaí eolas a bheith againn faoi stair na hÉireann ná searmanas cuimhneacháin ar bith

Taitníonn comóradh oifigiúil ar eachtraí stairiúla le hairí rialtais i ngach tír agus i ngach ré.

Searmanais mhíleata, paráidí, óráidíocht, nochtadh leaca cuimhneacháin, taispeántais, léachtaí, comórtais agus mar sin de – tugann siad go léir deis bhreá do lucht rialtais a bheith páirteach in imeachtaí a mhúsclaíonn spéis an phobail. 

Bíonn comhaltaí an pháirtí a bhfuil poist i rialtas náisiúnta nó áitiúil acu cinnte, de ghnáth, go mbeidh siad slán ó ghnáthaighnis pholaitiúla le linn na searmanas. Baineann buntáiste eile nach beag le hócáidí cuimhneacháin. Ní gá airgead a chur i leataobh lena n-aghaidh ach aon uair amháin.

Ag preasócáid i gCorcaigh Déardaoin, d’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan clár imeachtaí a reáchtálfar i rith na bliana mar chomóradh ar eachtraí a tharla le linn chogadh na saoirse i 1920. I measc na n-eachtraí a tharla i rith na bliana sin agus a ndéanfar comóradh i mbliana orthu, beidh dúnmharú ardmhéara Chorcaí Tomás Mac Curtáin i mí an Mhárta agus

bás ardmhéara eile, Traolach Mac Suibhne, ar stailc ocrais i mí Dheireadh Fómhair. Déanfar comóradh i mí na Samhna ar an ionsaí i gCill Mhichíl inar maraíodh sé shaighdiúir déag ó Arm na Breataine agus triúr comhaltaí den IRA.

Beidh eachtraí Dhomhnach na Fola i mBaile Átha Cliath á gcomóradh i mí na Samhna chomh maith nuair a chuimhneofar ar an lá ar mharaigh na hÓglaigh dhá spiaire dhéag agus beirt phóilíní cúnta sular mharaigh fórsaí na Breataine ceithre dhuine dhéag i bPáirc an Chrócaigh agus beirt sibhialtach eile sa Chaisleán mar dhíoltas.

Déanfar oll-loscadh chathair Chorcaí a chomóradh i mí na Nollag.

Níl san áireamh thuas ach cuid de na heachtraí a ndéanfar comóradh orthu i mbliana. Beidh eachtraí níos conspóidí le comóradh an bhliain seo chugainn agus ina dhiaidh sin amach go dtí 2023 – go háirithe síniú an Chonartha i 1921 agus cogadh cathartha 1922-23.  

Beidh na ceisteanna a dhúiseofar le linn na n-ócáidí sin i bhfad níos achrannaí agus níos conspóidí.

Ar ámharaí an tsaoil, tá gach gné den chomóradh stáit atá beartaithe idir seo agus 2023 á meá go leanúnach ag an gcoiste staraithe céanna a bhreithnigh leagan amach na n-imeachtaí a reáchtáladh mar chomóradh ar Éirí Amach 1916.

Is é cathaoirleach an choiste sin, an t-iarSheanadóir Maurice Manning a mhol cúpla lá ó shin go bpléifí tógáil leacht cuimhneacháin mar chomóradh ar gach duine a maraíodh, ar an dá thaobh, le linn an chogaidh chathartha.

Tabhair faoi deara nach socrú deimhnithe ach díospóireacht a mhol sé agus go bhfuil neart ama ar fáil leis na roghanna éagsúla a phlé. Is tar éis plé tomhaiste dá leithéid roimh 2016 a reáchtáladh imeachtaí a moladh go forleathan agus a chuir lenár dtuiscint ar an Éirí Amach agus ar a chúlra stairiúil.

Is bocht an scéal é mar sin go bhfuil faillí á déanamh ag an rialtas maidir le cáipéisí stairiúla a sholáthar don phobal sa Chartlann Náisiúnta. De réir na reachtaíochta a rialaíonn eisiúint cáipéisí, tá dualgas ar 61 roinn agus foras stáit comhaid a chur ar fáil don Chartlann uair sa bhliain. 

Is i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha amháin atá an dualgas á chomhlíonadh go leanúnach, mar a léiríodh arís i rith na seachtaine agus comhaid rialtais á gcur ar fáil don phobal. Thug an Chartlann le fios gur easpa spáis agus foirne is cúis le heisiúint bhearnach na gcáipéisí, cé go dtuigtear go bhfuil drogall ar ranna áirithe comhaid ar bith a sholáthar.

 Fágann faillí seo an státchórais nach bhfuil aidhm an rialtais go gcuirfí comhaid ar fáil tar éis scór bliain in áit 30 bliain á cur i bhfeidhm. Ciallaíonn an cliseadh ar dhualgas reachtúil freisin nach féidir le staraithe cuid mhór de stair na tíre seo a insint ná a iniúchadh mar ba chóir.

Ar ndóigh ní hacmhainn don rialtas an scéal náireach seo a chur ina cheart scun scan. Dhéanfaí leas an phobail, áfach, fiú dá gcuirfí cúpla milliún euro sa bhreis ar fáil leis an lagchomhlíonadh ar dhualgas reachtúil neartú.

Is fearr eolas agus tuiscint ar stair na hÉireann ná searmanas cuimhneacháin dá fheabhas é.

Fág freagra ar 'Is tábhachtaí eolas a bheith againn faoi stair na hÉireann ná searmanas cuimhneacháin ar bith'

  • An Teanga Bheo

    Cé dúirt é ach Childers silim eolas mar seo silim aran stair
    “A country without the knowledge of its past as no future ?

  • Colin Ryan

    Más mar sin atá, cén fáth a bhfuil na hÉireannaigh chomh dall ar ar thit amach roimh an 20ú haois?