‘Is oth liom a rá gur thiteas dem’ chamall sa Sahára; táim ag teacht chugam féin i láthair na huaire i bPáras…’

Tá leabhar nua ar fháil ina bhfuil dhá chéad ríomhphost a fuair ollamh óna chuid mac léinn, iad ag gabháil leithscéil leis as a bheith as láthair

‘Is oth liom a rá gur thiteas dem’ chamall sa Sahára; táim ag teacht chugam féin i láthair na huaire i bPáras…’

Is é atá sa leabhar suaithinseach Dear Professor: A Chronicle of Absences le Filip Noterdaeme (Dead Letter Office, $19) ná breis is dhá chéad ríomhphost a fuair an tOllamh Noterdaeme, ollamh le stair na healaíne, óna chuid mac léinn, iad ag gabháil leithscéil leis as a bheith as láthair.

Tá ollamh eile, Simon Critchley, Ollamh le Fealsúnacht, go mór in éad leis. Conas nár smaoinigh seisean air mar leabhar! Is ait an moladh a thugann sé don leabhar mar sin féin: ‘cuid de phornagrafaíocht thruamhéalach ár linne’ é , dar leis.

Maíonn na foilsitheoirí go gcruthaíonn an leabhar seo go bhfuil ollúna agus mic léinn araon cráite ag an ngalar úd ar a dtugtar hyper-connectivity (Dia ár réiteach). Is cuid de Punctum Books iad Dead Letter Office agus b’fhiú d’fhoilsitheoirí na tíre seo (sa dá theanga) féachaint ó am go a chéile ar a mbíonn ar siúl acu:

Is é Noterdaeme a bhunaigh The Homeless Museum of Art, dhá mhéar á dtaispeáint aige do chultúr ealaíne Nua-Eabhrac. Is cosúil gur saghas carachtar é. Bruiséalach ó dhúchas. Is dóigh le daoine áirithe gur gealt é. B’fhéidir nach bhfuil sé ach ag ligean air? Agus má tá do mheabhair is do chéadfaí agatsa, a léitheoir dhil, b’fhéidir gur ag ligean ort atá tusa leis? Ar aon chuma, ní dóigh liom go bhfaigheadh Noterdaeme post in Ollscoil Notre Dame. An dtabharfadh Ollscoil ar bith in Éirinn jab dó?

Cad leis a mbímid ag súil ón ealaín? Sin ceann de na ceisteanna is mó a bhíonn ag dó na geirbe aige agus is fiú an cheist a chur. In agallamh leis sa New York Times, dúirt sé nach sásamh atá uaidh san ealaín ach míshásamh. Níl aon locht agamsa ar an bhfreagra sin. B’fhéidir nach é an freagra a bheadh agamsa ar an gceist ach is freagra é. Nach fearr sin ná gan a bheith in ann an cheist a fhreagairt?

Tá cúpla físeán anseo a thugann léargas maith dúinn ar Noterdaeme agus a chuid geáitsíochta, idir shúgradh is dáiríre:

Ar ais go dtí an leabhar, Dear Professor: A Chronicle of Absences agus na leithscéalta a thug na mic léinn dó: ‘Is oth liom a rá gur thiteas dem’ chamall agus mé sa Sahára; táim ag teacht chugam féin i láthair na huaire i bPáras’.

Duine eile, an leithscéal a bhí aige ná gur thit sé i ngrá – ní le camall, beidh áthas ort a chloisteáil.

Fág freagra ar '‘Is oth liom a rá gur thiteas dem’ chamall sa Sahára; táim ag teacht chugam féin i láthair na huaire i bPáras…’'