Is mithid cosaint a neartú i gcásanna foréigin ghnéasaigh

Chothaigh cás na n-imreoirí rugbaí i mBéal Feirste, tuairisciú na n-imeachtaí agus na rialacha a bhaineann lena leithéid oiread míshuaimhnis go raibh athbhreithniú dosheachanta

Is mithid cosaint a neartú i gcásanna foréigin ghnéasaigh

Is fíor nach raibh buaiteoir ar bith sa chás cúirte i mBéal Feirste ina bhfuarthas iar-imreoirí rugbaí na hÉireann Paddy Jackson agus Stuart Olding neamhchiontach in éigniú mná agus beirt eile saor ó chionta maidir leis an eachtra chéanna. Chothaigh an cás, tuairisciú na n-imeachtaí agus na rialacha a bhaineann lena leithéid oiread míshuaimhnis go raibh athbhreithniú dosheachanta.

An tseachtain seo d’fhógair an Príomh-Bhreitheamh go raibh comhairliúchán ar siúl aige le comhghleacaithe faoi conas a láimhseálann na cúirteanna cásanna ina líomhnaítear coireanna gnéis. An lá céanna bhí fógra lán leathanaigh ag eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh i nuachtáin ag éileamh athbhreithniú foirmeálta uileghabhálach ar an gcóras dlí choiriúil i dtaca le foréigean gnéasach. Taobh istigh de dhá lá thug an Roinn Cirt i Stormont le fios go raibh athscrúdú cuimsitheach ar an dlí agus nósanna imeachta á bhunú.

Is maith agus is mithid. Bhí daoine buartha cheana féin faoi easnaimh ar an gcóras ach chothaigh an cás iomráiteach is deireanaí faitíos nach mbeadh muinín ná misneach ag íospartaigh chun cabhair a iarraidh, ní áirím a dhul i muinín riar na córa.

D’ainneoin an fholúis i Stormont is cosúil go mbeifear in ann roinnt athruithe a dhéanamh gan dlíthe a leasú. Ach maidir le hathruithe reachtúla, seans go gcaithfidh íospartaigh fanacht ar thoil na bpolaiteoirí.

Rinne an colún seo cur síos cheana (1 Aibreán 2018) ar cheisteanna a d’eascair as an gcás cúirte a bhí i mbéal an phobail ó mhí Eanáir. Ar cheart an gearánaí a chosaint ó shluaite fiosracha san áiléar poiblí? Céard is fiú a rá nach n-ainmneofar í sna meáin nuair is féidir le duine ar bith a shiúlann isteach ón tsráid a hainm a chlos? Ní ligtear an pobal isteach i ndlínsí eile. Cén fáth go bhfoilsítear ainm an chosantóra? Murab ionann agus an deisceart mar a mbíonn cosantóir gan ainmniú go dtí go gciontaítear é, bhí ainmneacha na gcosantóirí sa chás seo i mbéal an phobail ón tús. Rinne ceathrar abhcóidí an gearánaí a cheistiú thar ocht lá ach ní raibh sé de cheart aicise dlíodóir a bheith aici ná fianaise na gcosantóirí a fheiceáil roimh ré. I gcodarsnacht leis sin, chaith na cosantóirí ceithre huaire an chloig an duine ag freagairt ceisteanna. Anuas air sin ba mhór an dúshlán do riar na córa iad tráchtanna áirithe ar mheáin shóisialta

Sa bhfógra nuachtáin, an litir oscailte ó Victim Support NI, i gcomhar le Women’s Aid, Men’s Advisory Project agus Nexus, dúirt an chomhghuaillíocht  go raibh litreacha seolta acu chuig an bPríomh-Bhreitheamh, Sir Declan Morgan agus chuig an Ard-Rúnaí san Roinn Cirt. Rinneadar iarratas foirmeálta ar athbhreithniú neamhspleách faoi phráinn ar conas a láimhseálann an córas dlí choiriúil cásanna a bhaineann le foréigean gnéasach.

D’éiligh siad freisin go mbeadh ionadaithe daoine a ndearnadh ionsaithe nó mí-úsáid orthu páirteach san athbhreithniú. D’iarr siad go sonrach go scrúdófaí taithí an íospartaigh ó thús go deireadh- ón uair a ndéantar tuairisc ar ionsaí go dtí go ndéantar cinneadh duine a chúiseamh agus ansin gach a dtarlaíonn sa chúirt. D’iarr siad chomh maith go ndéanfaí iniúchadh ar an ráta íseal ciontaithe, cad is cúis leis, a éifeacht agus conas a dhul i ngleic leis.

Bhí an Roinn toilteanach na moltaí ó ghrúpaí tacaíochta na n-íospartach a chur san áireamh ina bhfiosrú, faoi cheannas breithimh. Bheadh siad ag brath chomh maith ar ionchur ón athscrúdú a d’ordaigh an Príomh-Bhreitheamh, Sir Declan Morgan, seachtain ó shin.

Athscrúdú inmheánach i measc a chomhghleacaithe féin ab ea é sin, i gcomhairle leis an mBreitheamh Patricia Smyth a bhí i gceannas ar thriail Jackson, Olding, McIlroy agus Harrison. Meastar go mairfidh athbhreithniú na Roinne go dtí an bhliain seo chugainn ach tá súil ag na breithiúna go mbeidh siadsan in ann athruithe áirithe a dhéanamh sna cúirteanna gan fanacht le leasuithe ar an reachtaíocht.

Is léir go dtuigeann na húdaráis go bhfuil an mhuinín i riar na córa faoi bhrú. Sular thit Stormont bhí reachtaíocht á hullmhú chun déileáil le cuid de na ceisteanna seo, ainmniú cosantóirí agus ceilt aithne an ghearánaí san áireamh.

Bhí obair idir lámha freisin chun déileáil le foréigean teaghlaigh agus smachtú comhéigneach. Níl aon dlí ar leith i dTuaisceart Éireann maidir le pianbhreith i gcás na gcionta sin; ní fada ó dúirt an Breitheamh dúiche, Barney McElholm gur mhór an náire é nach raibh sé in ann leas a bhaint as téarma fada príosúin i gcás ionsaithe ar mhná agus páistí. Bhí sé thar am an dlí a neartú, ar sé. Ba bheag duine a cheistigh an sáiteán seo uaidh: “b’fhéidir go leasófaí an dlí dá mbeadh rialtas againn”.

Fág freagra ar 'Is mithid cosaint a neartú i gcásanna foréigin ghnéasaigh'