An chéad rud a chuireann tocht ort ná brollach an leabhair seo, Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill (Éabhlóid). Is é an tOllamh Jim McCloskey a scríobh agus beidh cuimhne ag léitheoirí air mar údar an leabhair bhreá, Voices Silenced/Guthanna in Éag (Cois Life, 2001). De bhunadh Dhoire ó dhúchas é McCloskey agus é anois ina léachtóir ar chúrsaí teangeolaíochta ar Ollscoil California, Santa Cruz.
Mar sin féin, is i dteach Mhicí Sheáin Néill (1901-1981) a thosaigh a oiliúint i gcúrsaí teanga agus é ina scoláire samhraidh i Rann na Feirste i gcontae Dhún na nGall. Cuireann McCloskey síos go grámhar ar na laethanta sin, ar na daoine a d’fhág rian saoil air agus ar an teanga a thóg sé leis ó Éirinn chun an Oileáin Úir.
‘Ba sa teach sin fosta a bronnadh orm an tabhartas is luachmhaire a tugadh ariamh i mo shaol domh – eolas ar an Ghaeilge, an t-eolas sin atá mar dhúshraith lena bhfuil déanta uilig ó shin agam i ngairm acadúil na teangeolaíochta,’ a scríobhann McCloskey.
Sea, is é atá rómánsúil mar thús leabhair: maireann caint agus scéaltaí Mhicí Sheáin Néill cois an Aigéin Chiúin.
Ar bhean de bhunadh Ghaoth Dobhair, Caitlín Nic Niallais, a thit an cúram eagar a chur ar na scéaltaí féin agus comhlacht áitiúil Conallach, Éabhlóid, a chuir na scéaltaí i gcló. Tá réamhrá breá ar shaol Mhicí Sheáin Néill le Nic Niallais ina dtugann sí léargas ar chúlra na scéaltaí agus ar chúrsaí béaloideasa. Is ó Chnuasach Béaloideas Éireann a roghnaigh sí na 18 scéal atá sa leabhar agus cuireann sí neart fonótaí ar fáil, rud a chuidíonn go mór leis an léitheoir chomhaimseartha brí abairtí doiléire a thuigbheáil.
Scéaltaí draíochta atá anseo agus is iad atá spreagúil: daoine i mbun eachtraí iontacha; daoine i mbaol a mbáis; daoine cliste a thugann dúshlán fathaigh, uaisle agus Fear na gCrúb féin. Pléisiúr a bhí ann iad a léamh; pléisiúr a bhí ann luí siar agus ligean d’imeachtaí neamhshaolta greim docht daingean a fháil ar an chroí agus taisteal siar go Tír na Léitheoireachta:
‘Bhí lánúin de chlainn Uí Chába ina gcónaí sa tír seo fada ó shin. Bhí cró beag tí agus giota beag lách talaimh acu, ach má bhí féin bhí siad beo bocht…’
Tá rí agus banríon anseo, mic agus iníonacha, coirp agus caiple, gasraí dalba agus an draíocht ina cuisle bheo sa scéalaíocht ar fad. Is maith mar a chomhlíonann an t-eagarthóir agus na foilsitheoirí a ndualgas i leith a sinsear; cuirfidh léitheoir ar bith spéis san ábhar féin agus tá cuma bhreá ar an leabhar fosta, idir chló agus chlúdach.
Bhí lámh ag Caomhán Ó Scolaí i leagan amach an tsaothair agus, ar ndóigh, is é a rinne obair mhór leis an chomhlacht foilsitheoireachta, Leabhar Breac, roimhe seo.
Oiread chéanna le McCloskey, baineann an léitheoir seo le glúin foghlaimeoirí a chuaigh siar le Gaeilge chruinn na Gaeltachta a fhoghlaim mar ba cheart agus, oiread chéanna leis arís, is i Rann na Feirste a chaith mórán de mo ghlúin seachtainí agus míonna i mbun éisteachta agus foghlama. Bhí iomrá ar Mhicí Sheáin Néill agus roinnt dá chomrádaithe mar sheanchaithe agus mar chainteoirí breátha Gaeilge agus ba é mian an fhoghlaimeora, an t-am sin thiar, aithris a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge.
Bhí, gan amhras, seal thiar de dhíth ort le snas a chur ar do chuid cainte ach bhí tábhacht le leabhair fosta. Is beag duine nach raibh ábhar le Séamus Ó Searcaigh, Niall Ó Dónaill, Seán Ó hEochaidh, Máire Ní Néill, Séamas Ó Catháin nó Áine Ní Dhíoraí ar an tseilf acu, gan ach dornán a lua. Leabhair d’fhoghlaimeoirí a bhí iontu dúinne, ar bhealach, sular ceapadh an téarma sin; leabhair a thug deis don chainteoir sa chathair eolas a chur ar an teanga ar dhóigh nádúrtha phléisiúrtha.
Ach má bhí an méid sin tábhachtach ag an fhoghlaimeoir, bhí fosta samhlaíocht agus scéalaíocht i gceist; ábhar a spreag gáire agus iontas, scéaltaí a thug léargas ar mheon eile, ar thraidisiún eile, ar mhodh eile machnaimh.
Ba dheas mar a shiúil an dá ghné sin lámh ar láimh le chéile agus tá tábhacht nach beag leis an tseánra go fóill féin mar fhoinse léitheoireachta.
Is maith go bhfuil leabhar éifeachtach álainn eile le fáil ag glúin nua léitheoirí.
Nóirín Ní Nuadháin
Comhghairdeas le Caitlín agus le Jim as an leabhar breá seo a fhoilsiú!
Pádraig O'hEipicín
Cén luach atá ar, cá bhfuil sé ar fáil, ???.
Pól Ó Muirí
P, a chara, mo leithscéal as an eolas sin a fhágáil ar lár. D’ordaigh mé an leabhar ar http://www.eabhloid.com agus E15.00 a chostas. Ádh mór.