Cuireann sé ionadh orm an deacracht a bhíonn ag daoine, ar daoine éirimiúla agus cliste iad ar shlite eile, a thuiscint cad is tuairisc nuachta ann, agus cad é an difríocht idir tuairisc nuachta agus píosa tuairimíochta nó anailíse, agus a thuiscint nach ionann iriseoir ag déanamh tuairisceoireacht ar rud atá ráite ag duine éigin eile agus an tuairisceoir ag rá an ruda sin iad féin.
Sa chéad alt a scríobh mé do Tuairisc, in 2018, bhreathnaigh mé ar fhigiúirí a bhí faighte ag an iriseoir Ciarán Dunbar ón Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann a léirigh go raibh laghdú tubaisteach ar líon na bpáistí arbh í an Ghaeilge teanga an tí acu i scoileanna sna sé chontae. D’fhoilsigh Ciarán Dunbar na figiúirí in alt ar an suíomh Meon Eile.
Fiú sular foilsíodh m’alt féin bhí roinnt daoine i saol na Gaeilge ag cáineadh Chiaráin Dunbar as ucht na figiúirí sin a fhoilsiú agus ag rá nár chreid siad na figiúirí. Rinne mise breis tochailte agus bhí mé ábalta amhras a chaitheamh ar na staitisticí.
Ansin d’úsáid daoine áirithe mo shaothar mar bhata chun Dunbar a bhualadh. Mhaígh siad gur ‘bhréagnaigh’ m’alt a alt siúd agus gur cruthúnas a bhí ann go raibh a chuid iriseoireachta lochtach. Ach mar a scríobh mé ina dhiaidh sin, rinne Ciarán Dunbar tuairisceoireacht chruinn bheacht ar figiúirí oifigiúla ó dhaonáireamh scoile Thuaisceart Éireann. Chuir sé na figiúirí sin ar fáil go poiblí, rud a chuir ar chumas aon duine ar mhian leo a ndúshlán a thabhairt lena mhalairt d’fhianaise.
Mhínigh mé go raibh spéis ar leith agamsa san ábhar agus eolas agam faoi mar gheall ar obair a rinne mé cheana, rud a chuir ar mo chumas na ceisteanna cearta a chur, agus an scéal a fhorbairt dá réir.
Scríobh mé ag an am: “Ní bheinn ábalta sin a dhéanamh murach go bhfuair Dunbar na figiúirí sin ar an gcéad dul síos – ní bheadh a fhios agamsa gurbh ann dóibh… is iad na figiúirí féin atá faoi amhras, agus ní obair Chiaráin Dunbar.”
Sampla eile den fheiniméan sin is ea alt leis an síctheiripeoir agus an gníomhaí inscne-chriticiúil Stella O’Malley san eagrán is déanaí den Irish Catholic faoin teideal ‘How the Irish Media Manufactured a Moral Panic’. Is í an téis atá san alt ná go bhfuil scoileanna agus institiúidí eile in Éirinn tar éis glacadh le nithe áirithe a bhíothas a mhaíomh faoi chúrsaí trasinscne gan díospóireacht nó plé ceart agus go bhfuil an milleán ar iriseoirí faoi seo mar gur chraobhscaoil siad a raibh á mhaíomh gan aon iniúchadh.
Anois b’fhéidir go bhfuil bunús éigin leis an argóint seo, ach níor chuir O’Malley aon fhianaise ar fáil ina halt a thacódh leis. Ina áit sin cháin sí an t-iriseoir Pat Leahy as ucht tuairisc iomlán cruinn a scríobh sé san Irish Times inar chur sé síos ar chomhairle a bhí á tabhairt do scoileanna i gcáipéis a d’fhoilsigh an Chomhairle um Chearta an Duine i gcomhpháirt le Gréasán Comhionannas Trasinscne na hÉireann agus ShoutOut le maoiniú €18,500 ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.
Is é an cur síos a rinne O’Malley air seo ná gur ‘fhoilsigh an Irish Times comhairle mhíchruinn’. Ach is é a scríobh Leahy ina thuairisc ná seo: ‘Caithfidh scoileanna ainmneacha agus forainmneacha atá roghnaithe ag mic léinn tras-inscneacha a úsáid, agus cead a thabhairt dóibh an seomra folctha a bhaineann leis an inscne is fearr leo a úsáid, de réir treoirleabhair nua ar chearta daoine trasinscneacha.’ [Liomsa an cló Iodálach]. Is tuairisceoireacht iomlán cruinn í seo. Ní chiallaíonn sé seo go bhfuil Pat Leahy nó an Irish Times ag rá go gcaithfidh scoileanna na rudaí sin a dhéanamh. Ní chiallaíonn sé ach an méid a deir sé – gurb é sin a deirtear i dtreoirleabhar atá foilsithe ag an gComhairle um Chearta an Duine.
Níor chóir go mbeadh sé deacair an t-idirdhealú seo a thuiscint. Ach chuir O’Malley i leith Leahy gurbh eisean, go pearsanta, a bhí ag méadú an bhrú ar fhoirne scoile de bharr gur thuairiscigh sé an méid seo. I ndáiríre, áfach. is a mhalairt glan atá fíor. Is mar gheall ar thuairisciú Pat Leahy gur cuireadh an treoirleabhar i lár an aonaigh, agus ba é Leahy féin an chéad iriseoir a thuairiscigh ina dhiaidh sin gur bhréagnaigh an Roinn Oideachais roinnt dá raibh ráite ann.
Bhí an dá thuairisc a scríobh Pat Leahy iomlán cruinn, agus bhí luach nuachta ag baint leis an dá cheann.
Níl sé réalaíoch, réasúnta nó indéanta a bheith ag súil go mbeadh meáin ar bith freagrach as cruinneas gach uile ráiteas a ndéanann siad tuairisciú air, nó nach féidir tuairisciú a dhéanamh ar ráiteas míchruinn ar bith gan ceartúchán ó fhoinse eile a bheith luaite díreach in aice leis. Ní bhaineann meáin ar bith ar domhan, an Irish Catholic san áireamh, an caighdeán sin amach.
Ní fhéadfaí tuairisciú a dhéanamh ar leath den mhéid a deir Uachtarán na tíre is cumhachtaí ar domhan dá gcuirfí an caighdeán sin i bhfeidhm. Agus go deimhin dá dtosódh na meáin ag iarraidh an t-eolas a chuireann siad ar fáil don phobal a scagadh ar an tslí seo, bí cinnte de go mbeadh cuid den dream céanna a bhíonn ag gearán ag cur ‘cinsireacht’ ina leith. Is é an méid is mó is féidir a bheith ag súil leis go mbaintear cothromaíocht amach, ní i gcónaí in aon alt nó in aon eagrán amháin de nuachtán, ach i gclúdach an nuachtáin trí chéile.
Agus leis an iriseoir áirithe seo agus an scéal áirithe seo is léir gur bhain an Irish Times agus Pat Leahy an chothromaíocht sin amach. Chuaigh O’Malley thar fóir ar fad ar na meáin shóisialta agus chuir sí ‘easpa ionracais iriseoireachta’ i leith Pat Leahy, líomhain thromchúiseach nach bhfuil fianaise ar bith ann chun tacú léi. Tá seo íorónta mar is duine í Stella O’Malley a bhfuil rudaí atá ráite aici curtha as a riocht nó tógtha as comhthéacs ag daoine eile go minic agus líomhaintí nach bhfuil fianaise chun tacú leo curtha ina leith. Tá lochtanna ar an treoirleabhar a d’eisigh an Chomhairle um Chearta an Duine seachas ar thuairisceoireacht an iriseora a scríobh faoi. Is idirdhealú agus prionsabal bunúsach é seo ar chóir agus ar fiú é a chosaint.
Fág freagra ar 'Is léir nach dtuigeann gach duine an difríocht idir tuairisc nuachta agus píosa tuairimíochta'