GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Folúntas -Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí ag lorg iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí don phost seo a leanas:

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Folúntas -Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna

Maidir leis an Ról

Is ról ceannaireachta sinsearach ríthábhachtach é seo laistigh de Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, ag tuairisciú go díreach don Phríomhfheidhmeannach. Beidh ról lárnach ag an iarrthóir rathúil i dtiomáint sármhaitheasa agus nuálaíochta eagraíochtúla agus cuirfidh sé/sí le misean an BOO a bhaint amach trí cheannaireacht a sholáthar ar fud na seirbhísí Breisoideachais agus Oiliúna uile i mBord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.

Beidh an Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna freagrach as cúnamh a thabhairt don Phríomhfheidhmeannach i gceithre phríomhréimse freagrachta, i gcomhréir leis na feidhmeanna reachtúla atá leagtha amach in Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013:

  1. Soláthar breisoideachais agus oiliúna ardchaighdeáin agus freagrúil a sheachadadh
  2. Rialachas agus bainistíocht breisoideachais agus oiliúna.
  3. Pleanáil lucht saothair agus bainistíocht feidhmíochta i mbreisoideachas agus oiliúna.
  4. Comhordú foireann bhainistíochta an BOO atá faoi fhreagracht an Stiúrthóra seo.

Nóta:

Feidhmíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a chóras earcaíochta ar líne. Is féidir rochtain a fháil ar fhoirmeacha iarratais agus ar shonraí iomlána an fholúntais tríd an rannán ‘My Recruit’ de Thairseach Earcaíochta Boird Oideachais agus Oiliúna Chorcaí. Is é an dáta is déanaí le haghaidh iarratais a fháil ná: 12 meán lae Dé Luain, 16  Feabhra 2026.

Féadfar go ndéanfar gearrliosta de na hiarratais.

Beidh dícháiliú uathoibríoch mar thoradh ar chanbhasáil ag an iarratasóir nó thar a cheann.

Ní ghlacfar le hiarratais atá déanach.

IS FOSTÓIR COMHDHEISEANNA É BORD OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA CHORCAÍ.

Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge.

Denis Leamy, Príomhfheidhmeannach
Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí
21 Cé Lavitt
Corcaigh

 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Folúntas -Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna'