Is gránna an rud é an ciníochas gan dabht. Is gránna go maslófaí duine nó go gcuirfí fáilte naimhdeach roimhe toisc dath difriúil ar a chraiceann nó toisc go dtagann sé féin nó a shinsir as áit éigin eile.
Is gránna an rud é cinnte, agus is maith is eol dom é, mar i Sasana féin a rugadh is a tógadh mise. Agus mé ag dul ar scoil ansin is ar éigean go raibh lá ann nár chuala mé ráiteas dímheasúil ciníoch i gcoinne na nÉireannach, nó i mo choinne-se toisc gurbh as Éirinn mo shinsir. (Díbríodh as Éirinn iad le linn an Ghorta Mhóir in 1846).
Téigh ar ais go dtí do thír dhúchais féin, a dúradh linne nach raibh sásta dearmad a dhéanamh ar ár n-oidhreacht.
Bhíodh maslaí le cloisteáil go poiblí, ar an raidió is ar an teilifís go rialta: Éireannaigh lofa, Éireannaigh amaideacha, Éireannaigh gan chiall, Éireannaigh ar meisce, Éireannaigh throdacha. Shamhlófá gur amhais an tsacair i Sasana a bhí ionainn.
Ach an bhfuil sé riachtanach nach mbeadh srian ar bith againn ar inimirce le cur i gcoinne an chiníochais? Nó an gá gach duine atá buartha faoin líon inimirceach a mhaslú?
Cuimhnímis ar dtús gur ionann inimirce go hÉirinn agus eisimirce as tír eile. Tuigeann muid go maith gur thubaiste don tír seo, is dúinne mar náisiún, líon na ndaoine a raibh orthu dul thar sáile le slí bheatha cheart a dhéanamh.
Is amhlaidh an scéal i dtíortha eile. In Laitvia, mar shampla, ó d’imigh an tAontas Sóivéadach, thit an daonra ó 2.6 milliún go dtí níos lú ná dhá mhilliún. Daoine óga is mó a chuaigh ar imirce. Cainteoirí Rúisise ab ea móramh na n-imirceach, ach tá an Laitvia agus an Laitvis ag fáil bháis mar sin féin.
Céard é an taobh eile den scéal? Sea, táthar ann a bhfuil dímheas acu ar eachtrannaigh, go háirithe i dtíortha iar-impiriúla ar nós Shasana nó na hUngáire. Agus déanann polaiteoirí de chuid na heite deise iarracht chiniciúil na deacrachtaí a bhíonn ann a mhíniú tríd an milleán a chur ar inimircigh.
Ach is ceadmhach do dhaoine a bheith bródúil as a gcultúr agus as a dteanga féin, agus tá cead acu a bheith buartha faoi rudaí a lagaíonn a gcultúr. Tá oibrithe i dteideal a bheith buartha nuair a dhéantar iarracht pá a ísliú.
Is féidir le liobrálaigh lucht na himní seo a cháineadh ach mura dtuigtear fáth a mbuartha ní éireoidh linn aon fhreagra ceart a thabhairt orthu siúd a spreagann an ciníochas. Mar shampla, tá ceantar in oirthear Londan a dtugtar Oileán na gCon air (Isle of Dogs). Ba cheantar láidir sóisialach i gcónaí é, agus bhí muintir na háite sa treis agus oirthear Londan á chosaint ó Mosley agus na lucht na Léinte Dubha.
Ach tháinig an lá nach raibh a gclann in ann tithíocht a fháil a thuilleadh sa cheantar mar gur tugadh tús áite d’inimircigh a bhí faoi mhíbhuntáiste níos mó ná muintir na háite féin. Thogh muintir Oileán na gCon faisisteach ar an gcomhairle áitiúil i 1993. Níor choinnigh sé a shuíochán rófhada, ach léirigh an toghchán an bhearna a d’fhás idir an pobal agus iad siúd a bhíodh ina gceannairí orthu tráth.
Ar ndóigh, níl inimircigh freagrach as iarrachtaí fostóirí pá a ísliú, agus ’sé an freagra ceart ar a leithéid sin ná go seasfadh an pobal ar fad le chéile – dúchasaigh agus inimircigh –in aghaidh na gceannasaithe oibre.
Ag deireadh thiar, ámh, bíonn teorainn leis an líon daoine gur féidir leo teacht isteach in aon tír agus gan tionchar mór a bheith acu ar chás na tíre sin. Tá teorainn leis na hacmhainní atá ag tír ar bith déileáil leis an inimirce.
Bheadh sé truamhéalach dá ligfeadh muid in Éirinn don chiníochas fás inár measc, ach ní rud ciníoch é a bheith buartha faoi ísliú pá ná faoi dhochar a bheith á dhéanamh don chultúir dúchasach. Ní rud ciníoch é a bheith buartha faoi thionchar an Bhéarla ar an nGaeltacht, mar shampla.
Ar ndóigh ní drochdhaoine iad siúd a mbíonn saol níos fearr á lorg acu dóibh féin is dá gclann, daoine ata ag iarraidh éalú ó bhochtaineacht nó ó chogaíocht. Nach ndearna muid féin an rud céanna?
Ach ’sé an rud is ceart a dhéanamh ná cabhrú leis na tíortha as a dtagann inimircigh chugainn an caighdeán maireachtála ina dtíortha féin a ardú agus obair a dhéanamh chun deiseanna forbartha a chruthú san Afraic, san Áise agus ar fud an domhain. Agus, thar aon rud eile, má táimid dáiríre faoi chabhrú le daoine, ba chóir éirí as an gcogaíocht a spreagadh sa Mheánoirthear, nó in áit ar bith eile.
Is maith an rud é ‘teorainn oscailte’ do na fostóirí agus do lucht an dúshaothraithe. Ní chabhraíonn a leithéid le tíortha bochta teacht slán as an bhfaopach ina bhfuil siad, nó ní chabhróidh a leithéid linne sa domhan forbartha saol oscailte síochánta a chruthú amach anseo.
Concubhar
Taistealaím go minic ar bhusanna thuaidh-theas agus tugaim faoi ndeara gurb iad na Gardaí a stopann na busanna agus gur mó spéis a bhíonn ag na Gardaí céanna i ndaoine ‘neamh gheal’ ná éinne eile. Mar sin tá ciníochas i gceist cheana ag an teorainn ‘frictionless’ .
Sa chomhthéacs sin cuireann alt Eoin iontas orm. Fear tuí é an chiníochas faoi mar atá sé luaite aige. An fath go bhfuil daoine ag iarraidh ‘teorainn oscailte’ go mbaineann sé le na geallúintí a deineadh – agus a bhí iontuigthe – i gComhaontú Aoine an Chéasta. Ar ndóigh tá Eoin dall ar seo, d’aon ghnó b’fhéidir, mar gheall ar a aindhúil i mBrexit agus a fhuath don Aontas Eorpach.
Caoimhín Smyth
Aiste iontach! Maith thú a Sheamuis!