Agus mé ag caitheamh seal i ndeisceart na Spáinne, bhí mé cinnte go bpiocfadh mé suas scéal éicint as an tír sin. Ba mhinic cheana a tharla a leithéid.
Ach ag caitheamh súil ar na páipéir nuachta gach lá i dtús na seachtaine ní raibh tada iontu ach scéalta faoi Veiniséala. Bíonn an-suim ag na Spáinnigh i gcónaí i dtír ar bith a raibh forlámhas acu uirthi agus measann siad i gcónaí go bhfuil sórt ‘gaol’ idir na tíortha ar fad ina labhraítear Spáinnis. Ach tar éis lá nó dhó, d’imigh an ghal as an scéal sin agus bhí an fócas nuachta go tobann ar an nGraonlainn. Ní fhaca mé a leithéid ag tarlú riamh roimhe sin. Bí ag caint ar rothaí sciobtha nuachta.
Mar sin, nuair a tháinig mé aníos ón bhfarraige cúpla lá ó shin, tar éis cúpla nóiméad a chaitheamh ag ligean orm go raibh mé ag snámh, bhí mé ag coinneáil súil ar mo chomharsana agus bhí mo chluasa ar bior – mar is gnách. Chaithfeadh sé go labhródh duine éicint liom. Bheadh scéal in áit éicint.
‘Cén chaoi a raibh an t-uisce?’ a d’fhiafraigh bean taobh liom agus mé ag glanadh an ghainimh de mo chosa.
‘Bhuel, níl sé fuar,’ a d’fhreagair mé féin. ‘Níl sé chomh fuar le farraigí na hÉireann, ar chuma ar bith.’
‘B’in í Mairéad Ní Nuadháin?’ arsa an bhean. Bhain sí di na spéaclaí gréine agus d’aithin mé ar an bpointe í, cé nach bhfaca mé í ó bhíomar in aon rang san ollscoil i nGaillimh. Is aisteach an rud é ach bíonn cuimhne níos fearr againn ar dhaoine a bhí inár gcomhluadar na blianta fada ó shin, ná mar a bhíonn ar dhaoine a casadh orainn le blianta beaga anuas.
D’admhaigh sí go raibh sí ag faire orm agus mé thíos ar imeall na farraige agus mé ag labhairt le páistí beaga a bhí ag spraoi ann.
‘Tá an bhean sin ag baint an-cheart as an bhfarraige agus as an saol – is Éireannach í, cuirim geall leat,’ a dúirt sí lena fear céile. Bhí an bheirt acu ag rothaíocht ar an gcosán cois farraige. ‘Tá mise chun labhairt léi.’
D’imigh seisean leis ar a rothar ar ais go cathair Málaga.
Bhí mé an-sásta í a fheiceáil agus shuíomar beirt síos ar an mballa íseal cois na trá. Tá sí ina cónaí i gcathair na Gaillimhe ó d’fhág sí an coláiste agus cé go mbím ann go minic, níor casadh ar a chéile muid, gur leaindeáil muid beirt sa Spáinn.
Thosaigh muid ag cur tuairisc daoine éagsúla, agus bhain mé taitneamh as na scéalta ar fad.
Ach ansin d’inis sí scéal dom a thug chun mo chuimhne gach a raibh scríofa agam cúpla seachtain ó shin faoi thábhacht na seirbhíse poist. Agus tráthúil go leor, ní raibh ann ach an mhaidin chéanna a chuala mé faoi ardú phraghas an stampa sa mbaile agus an chontúirt a bhí ann don tseirbhís dáilte litreacha, toisc nach raibh daoine ag scríobh litreacha an oiread sin.
‘Bhí aithne agat ar Sheosaimhín, nach raibh?’ a d’fhiafraigh sí díom. Bhí go deimhin, nach rabhamar uilig sa rang céanna.
‘Casadh orm í le gairid i nGaillimh,’ a dúirt sí. ‘Agus muid ag cabaireacht lena chéile, bhreathnaigh sise timpeall agus chonaic sí a fear poist áitiúil píosa beag uainn.’
‘Ó gabh mo leithscéal nóiméidín,’ a dúirt Seosaimhín. ‘Caithfidh mé beannú don fhear sin. Shábháil sé ón mbás mé.’
Séard a tharla ná, tamall roimhe sin, bhuail stróc í agus í léi féin ina hárasán i nGaillimh. Thit sí i laige ar an urlár sa halla. Ar an drochuair ní raibh an fón póca aici. Ní raibh sí in ann corraí.
Bhí dóthain de mheabhair aici is go raibh sí in ann a rá léi féin ‘tá mise chun bás a fháil ar urlár m’árasáin féin.’
Ansin chuimhnigh sí gur tháinig fear an phoist ag an doras ag an am céanna gach lá. B’fhéidir go mbeadh litir aige di?
Nuair a tháinig an t-am, chuala sí an torann ag an mbosca litreach sa doras. Cé nach raibh sí in ann mórán céille a dhéanamh, bhí sí fós in ann béic a ligean. Agus bhí a fhios aici gurb é sin an seans deiridh a bheadh aici ar chabhair a fháil.
Rinne fear an phoist an beart agus in achar gairid bhí sí tugtha go dtí an t-ospidéal áit ar cuireadh cóir leighis uirthi ar an bpointe. Tá sí ag déanamh go maith ó shin ó thaobh siúil is rudaí agus tá dóthain cainte aici is go bhfuil sí in ann buíochas a ghlacadh le fear an phoist gach uair a chastar ar a chéile iad.
Ansin fuair mé amach, sular imigh mo sheanchara léi ar a rothar, go bhfuil gaol aici anois- trí phósadh- le bean a mbíodh an-aithne agam uirthi i saol na craoltóireachta.
An tráthnóna céanna fuair mé téacs ón mbean sin – ‘tá mo chluasa ar bior!’ arsa sise sa téacs.
Is fánach an áit a gcloisfeadh cluas ar bior scéal suimiúil.
Fág freagra ar 'Is fánach an áit a gcloisfeadh cluas ar bior scéal suimiúil'