‘Bliain den ghrá agus den cheiliúradh a bheidh ann’

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar 2026 le roinnt Gael. An uair seo is í Joy Dunlop atá linn, Amhránaí Gàidhlig, damhsóir agus craoltóir le BBC Radio nan Gàidheal

‘Bliain den ghrá agus den cheiliúradh a bheidh ann’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2026?

Déanaim iarracht i gcónaí rúin dearfacha a chruthú – tá mé ag iarraidh níos mó taistil a dhéanamh, níos mó ama a chaitheamh le cairde agus féachaint ar fhéidireachtaí oibre atá nua agus bríomhar. D’fhéadfainn ligint orm féin nach n-ithfidh mé an oiread céanna seacláide, ach ní tharlóidh sé sin go brách!

(Gàidhlig) Bidh mi daonnan a’ feuchainn ri rùintean a chur romham a chuireas ri mo bheatha – tha mi ag iarraidh barrachd siubhail a dhèanamh, barrachd ùine a chosg le caraidean agus gum bi cothroman-obrach ùra, taitneach agam cuideachd. B’ urrainn dhomh gealltainn nach ith mi cus theòclaid, ach cha tachair sin!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026?

Ag pointe éigin, ba mhaith liom saoire ceart a thógáil – rud atá deacair ar shaoroibrí – agus tá mé ag súil le mo chuid smaointe ar fad a thabhairt le chéile agus plean ceart a dhéanamh, ceann ina bhfuil neart gréine agus trá gheal san áireamh ann, tá súil agam!

(Gàidhlig) Tha mi ag iarraidh falbh air làithean-saora ceart uaireigin – rud nach eil furasta nuair a tha thu ag obair air do cheann fhèin – agus tha mi a’ dèanamh fiughair ri na beachdan agus smuaintean agam uile a chruinneachadh agus plana ceart a dhèanamh, fear le greisean-grèine am pailteas agus tràigh mhòr bhàn!

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2026?

Ag cur tús leis an mbliain leis an ngeimhreadh Albanach – tá an ghráin agam ar an bhfuacht, an dorchadas agus an bháisteach. Nára fada uainn mí an Mheithimh…

(Gàidhlig) A’ tòiseachadh na bliadhna le geamhradh Albannach – ‘s lugha orm an fhuachd, an dorchadas agus an t-uisge!

 

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026

Tá mo dheartháir is óige ag pósadh an bhliain seo chugainn, an chéad bhainis i mo gharghaolta agus tá mé ag súil go mór leis. Beidh dhá bhainis eile le dlúthchairde liom i rith na bliana freisin, só is bliain den ghrá agus den cheiliúradh a bheidh ann.

(Gàidhlig) Bidh mo bhràthair as òige a’ pòsadh an-ath-bhliadhna – a’ chiad bhanais a bhios aig an teaghlach againn – agus tha mi a’ dèanamh fiughair mhòr ris a sin. Bidh dithis charaidean eile cuideachd a’ pòsadh tron bhliadhna ‘s mar sin, ‘s e tè làn gaoil agus gàirdeachais a bhios romham!

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2026?

Tá súil agam, mar shochaí idirnáisiúnta, go bhfoghlaimeoidh muid ó na heachtraí agus na gluaiseachtaí gránna atá feicthe againn le bliain nó mar sin anuas, agus go ngabhfaidh muid isteach go 2026 le cineáltas, sonas agus comhbhá dá chéile.

(Gàidhlig) Tha mi gu mòr an dòchas, mar cho-chomann cruinneil, gun ionnsaich sinn bho na gluasadan agus tachartasan uabhasach a chunnaic sinn am bliadhna agus gun tèid sinn a-staigh dhan bhliadhna ùir le coibhneas, toileachas agus co-fhaireachdainn dha càch a chèile.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2026?

Gach bliain, deirim an rud céanna – tá mé ag iarraidh go mbeidh áthas orm, an leas is fearr a bhaint as na deiseanna a thagann i mo threo agus le sult a bhaint as an saol chomh mór agus is féidir. Céard eile a d’iarrfainn?

(Gàidhlig) Canaidh mi an aon rud gach bliadhna – tha mi ag iarraidh a bhith toilichte, tha mi ag iarraidh sealbh a ghabhail air gach cothrom a thig nam rathad, agus a bhith cho sona agus dòigheil as urrainn dhomh. Dè eile a dh’iarrainn?!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na h-Alba in 2026, céard a d’athrófá?

Go gcloisfí an Ghàidhlig á labhairt gach lá ar fud na tíre, ba chuma cá raibh tú. Tiocfaidh ár lá.

(Gàidhlig) Gun cluinneadh a’ Ghàidhlig ga bruidhinn ga làitheil air feadh na dùthcha. Thig ar latha.

Fág freagra ar '‘Bliain den ghrá agus den cheiliúradh a bheidh ann’'