Is fada an lá ó 1993 ach tá ‘Back Home in Derry’ á cheol arís ar Chnoc a 16

Tá peileadóirí Dhoire ar ais i measc na mboc mór agus páistí an chontae ag dul a luí anois ag brionglóideach go sámh faoi ‘Rí Benny’ agus cosa draíochta Mhic Uiginn

Is fada an lá ó 1993 ach tá ‘Back Home in Derry’ á cheol arís ar Chnoc a 16

Is fada an gorta é go deimhin do mhuintir Dhoire ó thóg Henry Downey Corn Mhig Uidhir ar “an lá is fearr i saol mo dhaid” (go dtí an lá ar rugadh mé féin, dar leis-sean). Cé a chreidfeadh trí mhí ó shin go mbeadh ‘Back Home in Derry’ á cheol ar Chnoc a 16 agus suíochán tuillte againn ag tábla na mboc mór?

In ainneoin na n-ainneoin, i ndiaidh cáiliú d’ardú céime sa tsraith, thug peileadóirí Dhoire tóin dhearg don Lámh Dhearg Lá Bealtaine agus ó shin i leith, tá beocht agus brí le brath i measc phobal an chontae nach raibh le mothú le mo linnse.

Tá páistí an chontae ag dul a luí anois ag brionglóideach go sámh faoi ‘Rí Benny’, cosa draíochta, clé agus deas, Mhic Uiginn agus Conor Glass ag eitilt os a gcionn le peil a cheapadh. Ní ar Clifford ná ar Fenton atá siad ag déanamh aithrise a thuilleadh, ach ar leads na háite.

Aithris ar rudaí ar nós Emmet Bradley ag scóráil pointe ó ruathar aonair suas an pháirc in éadan Mhuineacháin; Chrissy Mac Thaidhg ag coinneáil imreora ar nós Paddy McBrearty gan scór ón imirt; Brendan Rogers ag scóráil 0-3 agus é ag marcáil an fhathaigh Micheál Murphy; Paul Cassidy ag pléascadh coirnéal ag barr na heangaí leis an Chlár a chur ina dtost.

Tá moll úr buaicphointí á gcruthú, agus ag glacadh áit bhuaicphointí ré órga na 90idí a raibh greim an fhir bháite againn orthu le muid féin a ghríosú (ar éigean) le beagnach scór bliain anuas. Mar a dúradh i 1993, ‘deireadh le ré agus tús le ré nua’ atá ag tarlú anseo is cosúil.

Ní hé nach bhfuil ag éirí le CLG i nDoire ó thús na mílaoise; tá a fhios ag formhór lucht CLG go bhfuil rath suntasach ar chlubanna an chontae le blianta beaga anuas sna códanna éagsúla – is curaidh Chúige sa chamógaíocht agus san iomáint iad Sleacht Néill, mar shampla. Thug a bpeileadóirí fosta, araon le Baile an Doire agus an Lúb, dúshlán chraobh na hÉireann le blianta beaga anuas agus thiocfadh a rá gur thug Watty Grahams an Ghleanna an dúshlán ba mhó do Chill Chua anuraidh, á dtabhairt go ham breise.

Ní fios an chun leas nó aimhleas na gcluichí Gaelacha sa chontae é go bhfuil níos mó suime ag lucht CLG i dtaobh an chlub de ná sa ghné idirchontae. Sílim féin cibé gur seo is cúis leis an easpa móimintim a bhí ar chúl na bhfoirne contae go dtí seo.

Ach d’athraigh an fharraige dhearg agus bhán an lá úd i gCluain Eois treo na gaoithe agus anois, tá bratacha tacaíochta ar foluain ó gach dara carr ar Ghleann Sheáin. Den chéad uair le glúin, níl ar O’Neills éadaí Dhoire a chur sa rannóg reaca, agus nach iontach an rud é sin! Le cuidiú Dé, beidh siad go léir díolta i gceann coicíse!

Fág freagra ar 'Is fada an lá ó 1993 ach tá ‘Back Home in Derry’ á cheol arís ar Chnoc a 16'