Is cuimhin liom an turas ó Dhoire go dtí Oireachtas Chois Fharraige, bhí orainn an chéad oíche a chaitheamh i scáthlán oscailte i gclós scoile

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, is é an scríbhneoir Cathal Póirtéir atá linn

Is cuimhin liom an turas ó Dhoire go dtí Oireachtas Chois Fharraige, bhí orainn an chéad oíche a chaitheamh i scáthlán oscailte i gclós scoile

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?
Is cuimhin liom an turas ó Dhoire go dtí Oireachtas Chois Fharraige le cara scoile liom. Bhí oiread mí-áidh le síobanna go raibh orainn an chéad oíche a chaitheamh i scáthlán oscailte i gclós scoile áit inteach i lár na tíre.
Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?
Tugann na hagallaimh bheirte, lúbíní agus scéalaíocht ardú croí dom i gcónaí.
Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?
Tá go leor de lucht rince ar an sean-nós a bhíonn ann ina sluaite, nach bfuil luí ar bith acu leis an Ghaeilge.
An tOireachtas ag filleadh ar Chill Airne— smaoineamh maith?
Tá na háiseanna i gCill Áirne ach is turas iontach fada é do dhuine ar bith atá ag teacht as Tír Chonaill nó Béal Feirste. Braithim titim i líon na n-iomaitheoirí agus lucht éisteachta as Cúige Uladh dá bharr. Caithfear é a bhogadh thart ionas nach mbeidh dua taistil ar na daoine céanna gach bliain.
Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?
Freastal ar oiread comórtas agus is féidir. Beidh an oíche fada go leor ina ndiaidh!
Club na Féile nó Corn Uí Riada?
Ní gá an rogha a dhéanamh. Ní thagann siad salach ar a chéile.
Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Athmhachnamh a dhéanamh faoi rince ar an sean-nós a bheith ann.
Céard is comhartha Oireachtas maith ann?
Castáíl le seanchairde agus cairde nua a dhéanamh.
Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?
Níor tháinig mé slán go fóill.
Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?
Thosnaigh mé ag dul amach le mo bhean chéile ag an chéad Oireachtas i nGaoth Dobhair. Buann sin ar an chuid eile acu!

Fág freagra ar 'Is cuimhin liom an turas ó Dhoire go dtí Oireachtas Chois Fharraige, bhí orainn an chéad oíche a chaitheamh i scáthlán oscailte i gclós scoile'

  • Mánus

    Go leor câineadh i gclub na Féile i gCill Áirne faoin rabharta Bhéarla a bhíonn ag an Oireachtas mar gheall an “Stype Shan Knows Dancing Competition”. Nárbh fhearr an comórtas damhsa sin a bheith am eile sa bhliain a Liam Ó?