‘Do you want f*****n ice, woman?!’ arsa fear an bheáir le gáire rógánta nuair ba léir nár thuig mé an focal ‘oighear’, bomaití beaga i ndiaidh dó mé a mholadh leis na focail is ansa le haon fhoghlaimeoir: ‘tá neart Gaeilge aicise!’.
Chuir sin cineál de mhaolú ar mo chuairt ghaisce chun na Gaeltachta, bliain i ndiaidh domh seachtain a chaitheamh in Oideas Gael den chéad uair agus gan ach cúpla focal agam. Faoin am gur phill mé bhí mé líofa go maith, agus is cuimhin liom fós gur thréaslaigh go leor daoine a chuimhnigh orm an dul chun cinn a bhí déanta agam in achar gairid. Ach mheabhraigh na focail sin dom nach raibh críoch leis an aistear agus, ar ndóigh, níl fós.
Is dócha, i bhfírinne, gurbh í sin an phríomhthaithí atá agam le ceantar Gaeltachta ar bith agus go háirithe le Gleann Cholm Cille féin: aibhsíonn siad bearna idir mise agus an Ghaeilge nach maith liom a aithint. Tá cuma dhiúltach air sin, ach ní drochrud é. Ba í an bhearna sin a ghríosaigh mé leis an teanga a fhoghlaim ar an chéad dul síos, an rud is cinniúnaí a tharla riamh i mo shaol.
Is cuimhin liom go fóill an tnúthán, an cíocras agus an chumha a bhraith mé ar mo chéad chuairt go hOideas Gael. B’Éireannach mé agus bhí luach leis sin, ach bhraith mé go raibh mar a bheadh duibheagán idir mise agus an cultúr dúchais. Theastaigh uaim an taobh eile a bhaint amach ach bhí mé dall ar acmhainní, ar ranganna, ar leabhair.
Tharla go raibh cailín as Doire ag stopadh in aon teach liom an chéad seachtain sin in Oideas Gael agus ba í an cailín ba ghaelaí amuigh, idir chamógaíocht, amhránaíocht, fhilíocht agus ar ndóigh Gaeilge lánlíofa. Ní duine mé a bhíonn buailte leis an éad go rómhinic ach b’eo na préamhacha agus an bheith istigh a shantaigh mé ina steillbheatha os mo chomhair. Shuigh mé ar an leaba agus chaoin mé le teann uaignis agus coimhthís. Ba iad deora goirte sin an choilíneachais a léirigh domh go raibh rud éigin domhain diamhair in easnamh ionam, agus ba iad a spreag mé lena aimsiú.
Ach tabhairt faoi go dáiríre, níor thóg sé i bhfad. Phill mé ar mo cheantar Gallda agus thóg mé fáras i nGaeltacht na Leabhar agus is ann atá cónaí orm ó shin. Bhuel, Gaeltacht na Leabhar agus na Meán Sóisialta, le bheith beacht.
Is beag am atá caite agam sa Ghaeltacht fhisiciúil ó shin. Is breá liom a bheith faoin tuath, agus tá ardmheas agam ar phobal na Gaeltachta, a saibhreas, a sainiúlacht agus a streachailt. Ach tuigim fosta gur mó ná íomhá idéalaithe an Ghaeltacht nó an saol caite ‘ag coraíocht leis an gcarraig lom’ ann. Ba mhaith liom seasamh i gcomhghuaillíocht le pobal na Gaeltachta mar Ghael uirbeach.
Is cuid den treabh anois mé. Ní gá domh mo chúlra Galltachta a cheilt, an stair a athscríobh lena chruthú gur mise an Gael is gaelaí. Ní comórtas atá i m’fhéiniúlacht ná i mo bhallraíocht den phobal mór leathan Gaelach. Ach murach an Ghaeltacht, agus teacht aniar phobal na Gaeilge trí chéile, bheinn fós ag iompar cros an choimhthís i mo thír féin.
Barryroe
Alt taitneamhach, lách, dáimhiúil.
Agus an Ghaeilge foghlamtha go maith agat, cinnte.