Is cosúil gur sciath chosanta ab ea an easpa trédhearcachta ag príomhpháirtithe Stormont

Deir an státseirbhíseach atá i bhfeighil ar Thuaisceart Éireann faoi láthair nár coinníodh miontuairiscí ar eagla go ngoillfeadh aon cháineadh ar an dá phríomhpháirtí i Stormont

Is cosúil gur sciath chosanta ab ea an easpa trédhearcachta ag príomhpháirtithe Stormont

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Bhí sé de cháil ar fheidhmeannas Stormont agus é faoi cheannas an DUP agus Shinn Féin go raibh sé cosantach, seachantach faoi eolas a roinnt leis an bpobal. Mar sin féin, baineadh geit as daoine nuair a d’inis príomh-státseirbhíseach Stormont d’fhiosrú poiblí nár coinníodh miontuairiscí mar gur theastaigh ón dá phríomhpháirtí plé a choinneáil faoi rún. Dúirt David Sterling ag fiosrú an RHI go raibh sé de nós ag feidhmeannaigh miontuairiscí ar chruinnithe a sheachaint ionas nach mbeadh cuntas íogair ar bith á chur amach faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ghoillfeadh cáineadh ar an dá pháirtí, ar sé. Sciath chosanta ab ea an easpa trédhearcachta, is léir.

Níorbh é sin an chéad uair a chualathas nár coinníodh taifead i Stormont. Rinneadh tagairt dó cheana le linn éisteachtaí faoi NAMA. Ach ba é an ráiteas Dé Mairt ó cheannaire na státseirbhíse, an té atá i bhfeighil rialú Thuaisceart Éireann faoi láthair, an admháil ba shoiléire go raibh cleachtais amhrasacha i réim. Bhí Sterling ag tabhairt fianaise do bhinse fiosraithe an Bhreitheamh Coghlin faoin RHI mar gurbh eisean rúnaí na roinne a bhunaigh an scéim fuinnimh inathnuaite agus gan aon srian inti ar íocaíochtaí d’úsáideoirí.

Chuaigh Sterling go Washington lá arna mhárach mar chuid de thoscaireacht oifigiúil ach beidh cruacheisteanna i ndán dó nuair a fhillfidh sé. Ar thug polaiteoirí ordú do státseirbhísigh miontuairisciú a sheachaint? Má rinne, cérbh iad na polaiteoirí sin? Nach sárú ar rialacha na státseirbhíse a bheadh ansin? Cén fáth nár dhiúltaigh státseirbhísigh don chleachtas ‘neamhghnách’? An raibh a leithéid d’iompar dleathach faoin Acht um Shaoráil Faisnéise? Ar fianaise í seo go raibh an státseirbhís chomh mífheidhmeach leis an réimeas polaitiúil?

D’fhógair an Coimisinéir Faisnéise go mbeadh sé i dteagmháil le Sterling faoi phráinn chun míniú a fháil. Tá rabharta ceisteanna ag na páirtithe eile freisin – an UUP, an SDLP, Alliance agus Comhaontas Glas. Mhaígh an SDLP, an UUP agus Alliance nárbh iad an pobal ná iriseoirí amháin a fágadh gan faisnéis ach gur ceileadh eolas orthusan freisin mar mhionpháirtithe sa bhfeidhmeannas. Dúirt iar-airí na mionpháirtithe gur coinníodh miontuairiscí mar ba chóir i ranna s’acu féin. An raibh nósanna difriúla i ranna éagsúla?

Shéan Sinn Féin go raibh aon bhaint acu leis an gcleachtas – dúirt Conor Murphy agus Máirtín Ó Muilleoir gur deineadh taifead cuí ar a saothar siúd nuair a bhí siad ina n-airí. Dúirt an DUP go mbeadh sé míchuí ceisteanna a fhreagairt faoi fhiosrú an RHI fad is atá sé fós ar siúl, ach baineann na ceisteanna le réimse i bhfad níos fairsinge ná an RHI.

Tá ciallachais ag an scannal seo don tseirbhís phoiblí ar fad, idir ‘bhuan-rialtas’ na státseirbhíse agus na polaiteoirí. Ní raibh mórán muiníne ag daoine as Stormont le blianta beaga anuas ach baineann eolas mar seo an bonn ar fad den mhuinín sin. An raibh an daonlathas á chur as a riocht? Conas is féidir iniúchadh ceart a dhéanamh ar chinntí, ar na cúiseanna nó an réasúnaíocht a bhain leo, mura bhfuil an t-eolas sin ar fáil i bhfoirm miontuairiscí? Is cuma cé chomh maith is atá an chuimhne ní féidir agus níor chóir brath uirthi sin amháin. Tá údar maith leis an nósmhaireacht sheanbhunaithe go gcoinneofaí cuntas beacht ar obair rialtais. Tá sé de cheart ag rialtas eolas áirithe a choinneáil siar – de bharr íogaireachta nó ar bhonn slándála, ach is eisceachtaí iad sin.

Tá dea-chleachtas riachtanach ar go leor údar. Ina measc, tá cosaint do na polaiteoirí féin – léiriú go raibh cúis mhaith le cinneadh seachas urchóid nó éilliú. Bheadh sé críonna ag polaiteoirí agus státseirbhísigh a bheith trédhearcach ar an údar sin amháin, gan trácht ar dhualgas i leith an tsaoránaigh atá ag íoc astu.

Fág freagra ar 'Is cosúil gur sciath chosanta ab ea an easpa trédhearcachta ag príomhpháirtithe Stormont'

  • Seáinín Mac Conraoi

    Maith thú, a Phoilín!