‘Is ceart iomlán an scéil faoi fheachtas scoil Dhún Chaoin a insint’

Deighilt agus aighneas a chruthaigh mionlach beag a bhí rannpháirteach sa bhfeachtas ar son athoscailt scoil Dhún Chaoin 50 bliain ó shin

‘Is ceart iomlán an scéil faoi fheachtas scoil Dhún Chaoin a insint’

Tá comóradh 50 bliain á dhéanamh i mbliana ar athoscailt Scoil Dhún Chaoin.

B’fhéidir nár mhiste a mheabhrú go raibh gnéithe áirithe d’fheachtas na scoile nár chóir a cheiliúradh in aon chor.

Is baolach go bhfuil cuid de na daoine atá ag scríobh anois faoin tréimhse sin, nach raibh cuid acu ar an saol in aon chor an uair sin, nach eol dóibh iomlán an scéil.

Bhí daoine áirithe a bhí rannpháirteach sa bhfeachtas a chruthaigh deighilt agus aighneas agus gortú i measc an phobail sa pharóiste ag an am.

Róshimpliú a bheadh ann a chur i gcéill go raibh an pobal iomlán aontaithe in aghaidh an Stáit agus nach raibh ann ach san.

Bhí easaontas á thabhairt chun cinn ag daoine áirithe sa pharóiste nach raibh baint aige leis an bhfeachtas féin, ach go raibh an feachtas mar leithscéal acu a gcuid gangaide a chraobhscaoileadh.

Ní raibh sé de mhisneach ag na daoine céanna a rá go hoscailte cérbh iad féin, ach bhíodar gníomhach le péint faoi choim oíche. Tá cuid de na pictiúirí dá saothar a tógadh ag an am le feiscint leis an alt seo agus ‘Boycott Scanlan’ scríofa le péint dhearg ar fhalla na huachtarlainne os comhair an phobail ar fad i gceann acu.

Deineadh imeallú ar leanaí áirithe a d’fhreastail ar scoil an Bhuailtín cé nach raibh a leithéid i gceist le gach teaghlach a ghlac cinneadh a gcuid leanaí a chur ó thuaidh dá mbunoideachas.

Cé go raibh na nithe seo scríofa ar fhalla le hais ár dtí agus ar an mbóthar lasmuigh, ní le teann gangaide, feirge ná bréagchráifeachta atáthar á chur seo in iúl, ach go dtuigtear dom go mbeadh faillí nach beag i gceist sa chur i láthair ar an gcomóradh, go háirithe ag an nglúin óg go mb’fhéidir nach bhfuil tuiscint fhoirfe acu ar an scéal.

Ná ceaptar ach oiread go raibh muintir Scannláin ar son scoil Dhún Chaoin a dhúnadh ag an am, a mhalairt ar fad a bhí fíor.

Bíodh sé ar thaifead chomh maith nach sinne an t-aon teaghlach a d’éist leis an sagart paróiste agus a bheartaigh a gclann a chur ar scoil an Bhuailtín.

Cé go dtuigtear dúinn go maith nach raibh formhór na ndaoine a bhí rannpháirteach i bhfeachtas na scoile, ná sa pharóiste féin, ag tacú le mí- iompar agus mífhreagracht gharlach nó dhó, tá díomá fós orainn nár cháin duine ar bith go poiblí é.

Níl uaim ach go dtabharfaí aitheantas don éagóir a deineadh ag an am.

Ba mhaith liom tréaslú́ le muintir an fheachtais agus le lucht comórtha an lae inniu agus gura fada buan scoil Dhún Chaoin.

Fág freagra ar '‘Is ceart iomlán an scéil faoi fheachtas scoil Dhún Chaoin a insint’'