Is beag seans go rachfar ar aghaidh le reachtaíocht an phrótacail ach tá an bhagairt ann…

Seans maith go mbeadh sé ina chogadh trádála má théann Sasana ar aghaidh i ndáiríre lena straitéis i leith an phrótacail iarBhreatimeachta

Is beag seans go rachfar ar aghaidh le reachtaíocht an phrótacail ach tá an bhagairt ann…

Ag deireadh thiar, céard is tábhachtaí dúinn? Athaontú na hÉireann nó lánbhallraíocht san Aontas Eorpach?

Sin ceist nár theastaigh ón rialtas go mbeadh orthu freagra a thabhairt uirthi, ach tá baol cinnte ann go bhféadfadh an cheist sin teacht chun tosaigh má théann Boris Johnson ar aghaidh leis an bpolasaí go scriosfaí an Prótacal.

Ag cíoradh na nuachtán Sasanach, ní cosúil go gcreideann mórán go rachfar ar aghaidh leis an reachtaíocht atá foilsithe in Westminster. Tá tráchtairí ar gach taobh den tuairim go bhfuil Johnson ag iarraidh a chinntiú nach gcaillfidh sé tacaíocht an ghrúpa is láidre i gcoinne an Aontais Eorpaigh, an grúpa ERG, go háirithe toisc nach raibh bua chomh mór sin aige sa vóta mímhuiníne a cuireadh ina choinne.

Bíonn an ERG agus an DUP ag obair as lámha a chéile, ach ní hé an dá mhar a chéile iad i ndáiríre. Feiceann an DUP gur féidir leo leas a bhaint as an mBreatimeacht leis an gcaidreamh idir an Tuaisceart agus an deisceart a lagú. Tá an ERG den tuairim gur féidir leo leas a bhaint as an argóint faoin bPrótacal le briseadh níos iomláine ón Aontas Eorpach a bhaint amach.

Ní dóigh liom go raibh Johnson ag súil le freagra dearfach ar bith ón Aontas Eorpach, toisc nach bhfuil ann ach caint. Ach tá an cás dlí i gcoinne na Breataine mar gheall ar a seasamh i leith an Phrótacail curtha ar siúl anois, comhartha, ceapaim go bhfuil seans maith ann go mbeidh cogadh trádála ann má théann Sasana ar aghaidh leis an straitéis seo i ndáiríre.

Is léir freisin nach mbeidh aon chomhaontú trádála acu le Meiriceá ach an oiread, agus is beag solúbthacht atá ag Johnson dá réir.

Sin é an fáth go n-aontaímse leis na tráchtairí Sasanacha a deir nach gcuirfí an reachtaíocht seo i bhfeidhm fiú dá rithfí é, agus sin próiseas a mhairfeadh bliain nó níos mó b’fhéidir.

Ar ndóigh tá rialtas na hÉireann ag brath ar chomhsheasamh an Aontais Eorpaigh agus tá Johnson ag brath ar fhuath na Polainne is na bpoblachtaí Baltacha don Rúis agus a mbuíochas do Shasana mar gheall ar a seasamh i leith chogadh na hÚcráine.

Níl a fhios againn, i ndáiríre, cén rud is tábhachtaí do na Poblachtaí sin ar deireadh thiar, ach tá an Ghearmáin agus an Fhrainc meáite ar leas an Aontais a chur roimh leas ar bith eile, agus mar sin beidh siad sásta dul i gcoimhlint leis na Sasanaigh faoin scéal seo. 

Ach i gcás cogadh trádála, bheadh an tAontas ag iarraidh teorainn a chur idir an margadh aonair agus an Bhreatain – sa Mhuir Mheann [Muir Éireann] nó ar oileán na hÉireann.

Sa gcás sin ní bheadh de rogha againne ach glacadh leis an teorainn in Éirinn nó teorainn a chur idir muid agus mór-roinn na hEorpa.

D’oirfeadh ceachtar den dá thoradh sin don Bhreatain. Agus cé gur beag an seans, i mo thuairimse, go rachfar ar aghaidh leis an reachtaíocht, tá an bhagairt ann agus tá súil ag Rialtas na Breataine go gcuirfidh an bhagairt sin brú ar an AE má bhíonn aon idirbheartaíocht ar siúl.

Ar an taobh eile, tá Johnson ag súil go rachaidh an DUP ar ais sa bhfeidhmeannas, agus thabharfadh sé sin leithscéal dó i leith na reachtaíochta seo.

Dúradh in alt ar Times Londan go bhfuil an rialtas ag cur brú ar an DUP é sin a dhéanamh.

Ach ní dóigh liom go ngéillfidh an DUP don bhrú sin ná níl comhartha ar bith ann go ngéillfidh.

Níl muinín ag an DUP as geallúintí Johnson agus tá siad imithe chomh fada sin síos an bóthar seo nach féidir leo cúlú agus iad ag breathnú thar a ngualainn ar an TUV.

Faoi Shamhain, sé mhí i ndiaidh an toghcháin tionóil, beidh sé riachtanach toghchán eile a reáchtáil mura mbeidh feidhmeannas ann. Má loiceann rialtas na Breataine arís ar an DUP, rud a dhéanfaidh, creidimse, beidh an DUP i bponc ceart.

Mura féidir leo ansin an deoch shearbh a ól, is deacair a fheiceáil cén chaoi a mairfeadh na próiseas ar fad.

Agus má theipeann ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, cén rogha eile atá ann – comhúdarás, reifreann faoin teorainn, socrú eile ar fad? Is cé a bheadh i gceannas i mBaile Átha Cliath le straitéis nua a oibriú amach agus é a stiúradh go críoch?

Tá roinnt féidearthachtaí ann, ach ní léir ag an bpointe seo céard a tharlóidh.

Fág freagra ar 'Is beag seans go rachfar ar aghaidh le reachtaíocht an phrótacail ach tá an bhagairt ann…'

  • Fearn

    Má shlog an Bhreatain Breatimeacht, ardú séinfóibe, imeallú na mBocht, rith an achair ag toicithe agus fiontraithe gan cuimse, scúradh airgid ar an scála is mó ar domhain, preas liútálach, 7rl, déanfaidh siad reachtaíocht an phrótócail a lúbadh chun a leas féin gan scrupall.