Is ar na Connachtaigh is mó atá brú an deireadh seachtaine seo

Ní ábhar iontais ar bith é go bhfuil na himreoirí is fearr atá acu á gcur chun páirce ag lucht bainistíochta na gcúigí an deireadh seachtaine seo

Is ar na Connachtaigh is mó atá brú an deireadh seachtaine seo

Imreoir Chonnacht, Bundee Aki. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá tús á chur athuair an deireadh seachtaine seo le himirt rugbaí gairmiúil sa taobh seo den domhan.

Níor imir imreoirí gairmiúla na tíre seo aon chluiche rugbaí ó dheireadh mhí Feabhra seo caite tráth a stop comórtas an Pro-14 agus gan ach trí cinn déag den fiche a  haon cluiche réamhbhabhtaí imeartha.

Ag an am sin bhí greim docht ag Cúige Laighean, curaidh an chomórtais ón mbliain roimhe sin, ar Ghrúpa A agus bua acu i chuile chluiche a d’imir siad sa gcomórtas. 61 pointe a bhí acu agus iad i bhfad chun cinn ar na hUltaigh, foireann atá sa dara háit le 49 pointe. Is iad Glaschú a bhfuil 34 pointe acu agus na Cheetahs, a bhfuil 32 pointe acu, atá sa tríú agus sa gceathrú háit sa ngrúpa sin.

Bhí iomaíocht i bhfad níos déíne ar bharr Ghrúpa B, áit a raibh Dún Éideann ar 47 pointe agus na Muimhnigh dhá phointe chun deiridh orthu. 37 a bhí ag na Scarlets agus 35 a bhí ag na Connachtaigh sa gceathrú háit.

Nuair a stop an comórtas ag tús mhí Márta bhí seans iontach ag na ceithre chúige na babhtaí ceathrúceannais a bhaint amach ach mar atá fios ag an domhan mór chuir Covid deireadh leis an mbrionglóid sin.

Anois agus iarracht á déanamh deireadh a chur le comórtas Pro 14 2019/20 agus teacht freisin ar na hocht bhfoireann a bheas mar ionadaithe ón gcomórtas i gCorn na gCuradh 2021, chinn foireann bhainistíochta an chomórtais nach mbeidh ach ceithre dheireadh seachtaine eile de chluichí sa gcomórtas i mbliana.

Imreoidh na foirne ar fad dhá bhabhta eile réamhbhabhtaí agus beidh cluiche leathcheannais i ndán do pé foireann a bheas sa gcéad agus sa dara háit i nGrúpaí A agus B. Beidh cluiche ceannais an Pro 14 2019/20 ar siúl i Stáid Aviva ar an 12 Meán Fómhair.

Arís, de bharr an Covid-19 is coimhlint idir foirne ón tír chéanna a bheas sa dá chluiche réamhbhabhta seo.

Imreofar an chéad cheann acu sin inniu nuair a bheas na Laighnigh i gcoinne na Muimhneach i Staid Aviva. Ar an Domhnach beidh na hUltaigh agus na Connachtaigh ag imirt i gcoinne a chéile sa staid chéanna. Beidh foirne na hIodáile, na hAlban, na hAfraice Theas agus na Breataine Bige ag imirt in aghaidh a chéile freisin.

Ní ábhar iontais ar bith é go bhfuil bainistíocht na gceithre chúige ag cur a gcéad rogha foirne chun páirce an deireadh seachtaine seo. Is cinnte go bhfuil na himreoirí ar fad as cleachtadh de bharr easpa imeartha rud a chuireann le tábhacht na gcluichí seo agus leathshúil freisin ag Cúige Laighean agus Cúige Uladh ar bhabhtaí ceathrú ceannais Chorn na gCuradh a bheas á imirt ar an 19 Meán Fómhair i gcoinne Saracens agus Toulouse.

Tá Cúige Laighean agus go deimhin Cúige Mumhan cinnte dá n-áit sna cluichí leathcheannais cheana féin ach mar sin féin is cinnte go mbeidh an teannas céanna ann is a bhíonn sna cluichí idirchúige i gcónaí, fiú agus gan aon slua i láthair sa Staid.

Ainneoin nár imir na foirne seo cluiche le breis agus cúig mhí tá imreoirí céad rogha ar liosta an dochtúra cheana féin, James Ryan agus Fergus McFadden Chúige Laighean agus Joey Carbery Chúige Mumhan ina measc.

Bí ag súil, mar sin féin, le hiomaíocht fhisiciúil chrua ar an tseanstíl idir an dá shean-namhaid seo, go háirithe agus an bheirt Springbok, RG Snyman agus Damian De Allende, ag caitheamh geansaí Chúige Mumhan den chéad uair ariamh.

Chas na foirne seo ar a chéile faoi Nollaig seo caite nuair a thug foireann Átha Cliath an lá leo 13 – 6 in ainneoin gur i Luimneach a imríodh an cluiche. Is deacair dá bhrí sin toradh ar bith seachas bua do Chúige Laighean a thuar, go háirithe agus an cluiche á imirt san Aviva.

Tá na geallghlacadóirí ag tuar go mbeidh an lá leis na hUltaigh i gcluiche an Domhnaigh i gcoinne na gConnachtach. Bhí bua éasca 35 – 3 ag na hUltaigh an t-am deiridh a chas na foirne seo ar a chéile faoi Nollaig seo caite.

Is deacair bua a thuar do na Connachtaigh ainneoin gur tháinig feabhas orthu  mí Eanáir agus mí Feabhra. Tá imreoirí in easnamh ar an dá fhoireann seo freisin, Ní bheidh Quinn Roux ag na Connachtaigh agus beidh na hUltaigh d’uireasa Robert Baloucoune agus a gcaptaen, Ian Henderson. Mar sin féin, seans gurb ag na hUltaigh atá an buntáiste don choimhlint seo, go háirithe agus iadsan freisin ag réiteach don chluiche ceathrú ceannais i gCorn na gCuradh.

Is fiú a rá nach bhfuil na Connachtaigh gan spreagadh iad féin sa dá chluiche atá amach romhainn, cé nach mórán seans atá acu áit a aimsiú i cluichí leathcheannais do Pro 14. Beidh fir Andy Friend ag iarraidh a chinntiú go mbeadh siad fós sa gceathrú háit i nGrúpa B nuair a bheas an dá chluiche imeartha.

Má bhíonn an scéal amhlaidh,  beidh áit acu i gcomórtas Chorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Cluiche an-tábhachtach go deo é seo do na Connachtaigh mar go bhfuil Treviso ceithre phointe taobh thiar díobh sa gcúigiú háit. Seans go bhfuil cluichí níos éasca ag na hIodálaigh agus iadsan i gcoinne Zebre faoi dhó sa gcoicís atá amach romhainn. Cuimhnigh nár bhuaigh Zebre ach dhá chluiche as trí cinn déag go dtí seo.

Ar na Connachtaigh atá an brú is mó an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Is ar na Connachtaigh is mó atá brú an deireadh seachtaine seo'