Ábhar iontais a bheadh ann mura mbeadh beagán díomá ar Tom O’Flaherty nach bhfuair sé deis a chuid scileanna rugbaí a léiriú i gCraobh Rugbaí na Sé Náisiún ar cuireadh tús léi an deireadh seachtaine seo caite. An séasúr seo caite d’imir sé i bhformhór na gcluichí a d’fhág Craobh na hEorpa agus Sraith Shasana ag Exeter.
As a ainm, níor mhilleán duit a cheapadh gur le glaoch ó chóitseálaí na hÉireann Andy Farrell a bheadh sé ag tnúthán, ach ní hea. I Londain a rugadh agus a tógadh an Flathartach agus cé is moite de scaitheamh a chaith sé leis na Ospreys sa mBreatain Bhig, is i Sasana freisin atá formhór a chuid imeartha déanta aige.
Bheadh dul amú freisin ort a cheapadh go mba é iarthar na hÉireann a d’fhág sinsir Tom O’Flaherty le dhul go Londain gur liostáil siad in airm McAlpine, Wimpy, Laing nó dhuine de na Murphys. Mar a thuigfeá ba Ghaeil ceart go leor iad sinsir Tom, ach dream a raibh aistear i bhfad níos faide i ndán dóibh – ceann nárbh dá ndeoin féin a rinneadar é ach oiread.
Ach fágfaidh muid sin i leataobh go fóilleach.
Ni aon locht air fhéin é nach bhfuair Thomas O’Flaherty glaoch le gairid ó chóitseálaí Shasana, Eddie Jones, agus ní hin le rá ach oiread go mbeidh mórán d’fhanacht air go dtiocfaidh a leithéid. Faoi láthair tá foireann ag Sasana a chuaigh chomh fada le Cluiche Ceannais Chorn an Domhain cosamar bliana ó shin agus beirt ar na cliatháin acu atá chomh maith agus atá le fáil.
Tá 60 caipín buaite ag Jonny May agus 31 úd scóráilte dá thír aige i ngeansaí uimhir 11 – an ceann is minice a chaitheann an Flathartach. Ar an taobh thall tá Anthony Watson. Tá 18 aimsithe aigesean agus é ar comhaois le O’Flaherty (26). Tá na deich mbliana fichead sáraithe ag May, rud a thabharfadh le fios go mb’fhéidir, ach a bheith foighdeach go dtiocfaidh an glaoch gutháin am éicint.
Ní móide go bhfuil a leithéid ag cur an oiread sin imní ar Tom sin againne ar aon nós, mar ón bhfiosrú atá déanta agam ina thaobh, déarfainn gur duine é a bhfuil léamh réchúiseach, meáite go leor aige ar an saol. Fad is gurb é traidisiún rugbaí an lae inniu go dtiocfadh imreoirí óga aníos trí na hacadaimh, áit a dtagann neart as cuimse iontu, nuair nár léirigh na clubanna móra oiread sin suime ann agus é ina dhéagóir, chuaigh O’Flaherty chun na hOllscoile i Caerdydd, áit ar bhain sé céim sa bhFraincis amach.
Ansiúd shaothraigh sé airgead póca ag imirt sa tsraith áitiúil do Bridgend agus tar éis dó bliain staidéir a dhéanamh sa bhFrainc, thairg na Ospreys conradh gairmiúil dó ar a fhilleadh. Sa mbliain 2017 d’aistrigh sé go Exeter agus in imeacht cúpla bliain bhí na comórtais is mó i Sasana agus san Eoraip buaite aige.
Fós is ar a chomhairle féin a chaitheann sé a shaol. Veain champála VW an córas taistil atá aige, slám cláracha surfála caite ar a díon agus ualach cultacha uisce, tuáillí, brístí snámha agus cuaráin ina cúl.
Nuair a cheistigh ceann de nuachtáin náisiúnta Shasana é achar gairid ó shin faoina shliocht, ba é a dúirt Tom gur beag a bhí a fhios aige ina dtaobh sin agus ainneoin beagán tochailte a bheith déanta ag a mhuintir faoin scéal nach raibh siadsan ach an oiread a dhath níos eolaí.
An t-aon chinnteacht a bhí ann go mba as réigiún Mhuir Chairib agus nach mba as Éirinn a tháinig muintir a athar, a dúirt sé.
Scéal thar a bheith suimiúil é an ceann a d’fhág sin faoi ndeara.
Má b’fhíor don staraí Ruairí Ó Flaithbheartaigh (1621-1716), bhí a shinsir thart in aimsir Chríost. Ba as ceantar na Scitia, (timpeall na háite a bhfuil an Afganastáin inniu), a tháinig siad go hÉirinn mar chuid de threibheanna Uí Bhriúin. Géag díobh siúd ab ea Uí Bhriúin Seola a bhí i gceannas ar Chonnachta faoin seachtú Céad. Ba astu sin a shíolraigh na Flaithbheartaigh, a mba é Murchadha Ó Flaithbheartaigh a bhásaigh i 1304 an chéad duine díobh a bhí ina rí ar Chonnachta.
In imeacht 150 bliain bhí a mbunáite díbeartha siar thar an gCoirib ag na Normannaigh.
Bá é Oilibhéar Cromail ba mhó ba chúis le sinsir Tom O’Flaherty agus go leor Éireannach eile nach iad a chur chomh fada leis na hoileáin sa Mhuir Chairib. Dá dhonacht a bhí an scéal acu siúd a chuir an fear céanna go Connachta, ba sheacht measa an bhail a cuireadh ar an dream eile seo, mar go mba mar phríosúnaigh a cuireadh ann iad agus in aghaidh a dtola. Tá staraithe in easaontas ó shin an bhfuil sé cruinn ‘sclábhaithe’ a thabhairt orthu, mar agus a gcuid blianta pionóis curtha isteach acu, go raibh cead taistil, saothraithe agus maoine acu.
Idir 1651 agus 1660 amháin, meastar gur cuireadh idir 80,000 agus 130,000 Éireannach chuig na hIndiacha Thiar ar a gcuma seo. Ansiúd cuireadh ag obair iad ar phlandálacha tobac agus siúcra. Mhair an cleachtas cúpla céad bliain eile.
Tá fáil ar a sliocht i gcónaí ann cé in imeacht ama gur thug cuid acu sin aghaidh ar na Stáit Aontaithe agus ar an mBreatain, mar a rinne sinsir an imreora rugbaí.
Ar dhá oileán bheaga darbh ainm St. Kitts agus Nevis is tréine atá na Flaithbheartaigh sa lá atá inniu ann. Is tráthúil an rud é gur duine acu, Vicki O’Flaherty atá mar stiúrthóir ar an gCartlann Náisiúnta atá ag an dá oileán sin, atá neamhspleách anois ó 1983 agus ina bhfuil cónaí ar 53,00 duine.
Tá dornán maith Flathartach le fáil i gcónaí in eolaí teileafóin na tíre agus le gairid bhí ceannasaithe polaitíochta le taobh na huaighe nuair a bhásaigh Joseph O’Flaherty, ceannasaí ceardchumainn an oileáin agus gan é ach 48 bliain d’aois.
Ní hé an t-imreoir rugbaí Tom O’Flaherty an t-aon duine cáiliúil ar bhain a shinsir Éireannacha an taobh sin den domhan amach ar an gcuma seo. Is amhlaidh cás, deirtear liom, don amhránaí Rihanna, pébrí cé hí sin!
Fág freagra ar 'Is ar a chomhairle féin a chaitheann An Flathartach a shaol…'